An Ghaeltacht le háireamh i dteideal na Roinne buíochas le brú ón bpobal – Conradh na Gaeilge

An GhaeltachtTá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh fhógra an Rialtais inniu (6 Iúil 2017) go bhfuil An Ghaeltacht san áireamh i dteideal na Roinne nua, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is maith é go bhfuil tábhacht na Gaeltachta aitheanta in ainm na Roinne cuí ag an Taoiseach agus ag an Rialtas le fógairt ainm oifigiúil na Roinne nua inniu. Dar ndóigh, tá i bhfad níos mó i gceist le cúraimí na Gaeltachta ná cúrsaí cultúir. Tá Gaeltachtaí na tíre ina gceantair ina bhfuil gnáthphobail ina gcónaí iontu, pobail a bhfuil riachtanais shonracha acu, agus pobail a bhfuil seirbhísí ag dul dóibh mar shaoránaigh na tíre seo. Tá moladh faoi leith ag dul do gach duine sa phobal a labhair lena dTeachtaí Dála áitiúla maidir leis an cheist seo.”

Aithníonn an Conradh freisin an soiléiriú a rinne an Rialtas maidir leis an gcinneadh deireadh a chur leis an gCoiste Rialtais le freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta, a cuireadh ar bun in 2011 mar chuid d'fheidhmiú Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, agus maidir leis an socrú nua atá ag teacht ina áit.

Seachas aon Choiste Rialtais amháin le freagracht do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta, beidh ceist na Gaeilge á plé ag dhá Choiste Rialtais as seo amach – an coiste a bheidh ag plé le Polasaí Sóisialta agus Seirbhísí Poiblí (le cúrsaí oideachais, leanaí, comhionannais, cuimsithe shóisialta, dlí agus cirt agus na healaíona san áireamh) agus an coiste a bheidh ag plé leis an ngeilleagar, le fostaíocht, leis an mBreatimeacht, agus leis an bPlean Gníomhaíochta Forbartha Tuaithe.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tuigeann muid an réasúnaíocht taobh thiar den chinneadh go bhfeadfadh ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith níos lárnaí i bplé an Rialtais ar gach rud ó chúrsaí oideachais go cúrsaí geilleagair. Tá baol ann, áfach, nach mbeidh a dhóthain ama ag na coistí Rialtais seo an tosaíocht mar is gá a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Beidh le feiceáil in imeacht ama. Tabharfaidh an Conradh faoin ár ról le cinntiú go dtarlóidh sé seo, dar ndóigh, agus coinneoidh muid an pobal ar an eolas.”

Cuma cén Coiste Rialtais atá ag plé leis an teanga, is iad maoiniú don Phlean Infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a chur ar fáil láithreach, agus gníomh chun go rithfí na leasuithe le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú roimh an Nollaig 2017, an dá rud is tabhachtaí atá á lorg ag Conradh na Gaeilge ón Rialtas faoi láthair. Tá práinn faoi leith leis an obair seo i bhfianaise thorthaí an Daonáirimh 2016 a léiríonn laghdú i líon na gcainteoirí Gaeilge den chéad uair ó bhí 1946 ann, agus laghdú tubaisteach i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Chruthódh an plean infheistíochta breis is 1,150 post nua, chuirfeadh sé na hacmhainní riachtanach ar fáil don phleanáil teanga, agus chuirfeadh sé iomaí deiseanna ar fáil don phobal fud fad na tíre leis an nGaeilge a úsáid.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge