bliain na gaeilge 2018

Léiríonn Tuarascáil an Choimisinéara Teanga an géarghá le reachtaíocht níos láidre – Conradh na Gaeilge

An Coimisinéir TeangaNí mór ceannteidil an bhille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú, a neartú & a bhrú ar aghaidh mar ábhar práinne

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2016 (arna fhoilsiú inniu Dé Máirt, 27 Meitheamh 2017) go bhfuil práinn as cuimse le ceannteidil an bhille um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 a chur faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán láithreach bonn mar an gcéad chéim eile i dtreo Achta a fhreastalóidh níos fearr agus níos cothroime ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, dar le Conradh na Gaeilge.

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá raon leathan moltaí a chuir an Conradh chun tosaigh thar cheann an phobail san áireamh sna ceannteidil don Acht nua, ach tá go leor oibre fós le déanamh le cinntiú go gcuirtear reachtaíocht fóirsteanach i bhfeidhm le seirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge a chinntiú don phobal.

“I bhfianaise líon na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga arís anuraidh, agus sna sála ar na himscrúduithe a rinne an Oifig ar chomhlachtaí poiblí ó dheas, is léir go bhfuil ag teip ar an státchóras seirbhísí as Gaeilge atá ar chomhchaighdeán lena macasamhail i mBéarla ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá lúb ar lár i gcur chuige reatha an stáit agus ní chuirfear an scéal ina cheart gan reachtaíocht níos láidre a chosnaíonn cearta teanga an phobail mar is ceart,.”

Molann Conradh na Gaeilge go gcuirfí gach seirbhís phoiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020, agus go mbeadh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Tarraingíonn An Coimisinéir Teanga aird ar phráinncheist na hearcaíochta i dTuarascáil Bhliantúil 2016 chomh maith, má tá aon fheabhas le teacht ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Is léir ó thuarascáil an Choimisinéara Teanga nach bhfuil córas na scéimeanna ag freastal mar is ceart ar phobal na Gaeilge ná na Gaeltachta. Bhí 55 de na 116 scéim teanga arna dhaingniú sa bhliain 2016 imithe i léig faoi cheann dheireadh na bliana céanna, gan trácht ar a bhfuil nó nach bhfuil á fheidhmiú astu ar an gcéad dhul síos.

“Cé go bhfuil sé ráite ag an Rialtas go mbeidh deireadh á chur le córas na scéimeanna amach anseo, agus moladh an Chonartha agus an Choimisinéara maidir le córas de chaighdeáin le tabhairt isteach, ní mór go mbeadh scéimeanna sásúla á n-aontú agus á bhfeidhmiú in éagmais tada eile go fóill. Ní mór freisin go mbrúfaí ar aghaidh leis na ceannteidil do Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2017 le caighdeáin a leagadh síos in áit na scéimeanna laga, lochtacha.”

Tá obair oifigigh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus an iar-Aire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD, ar na ceannteidil go dtí seo le moladh. Tá Conradh na Gaeilge ag súil le bheith ag obair leis Aire Stáit nua, Joe McHugh TD; leis an gCoimisinéir Teanga; le Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán; leis an Roinn; agus le polaiteoirí an fhreasúra chun Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 a neartú agus a thabhairt go ceann scríbe mar thosaíocht i mbliana.

pdfBILLE NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA (LEASÚ) 2017:

Leasuithe arna mholadh ag Conradh na Gaeilge le háireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2017 ar fáil anseo.

I measc na bhforálacha atá á moladh ag Conradh na Gaeilge leis an Acht a láidriú, tá na moltaí seo a leanas:

  • Go gcuirfí gach seirbhís poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020
  • Go mbeidh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge, rud a shábhálfadh airgead ar an stát
  • Go gcuirfí deireadh le córas na scéimeanna teanga, a thuairisc an Coimisinéir Teanga le déanaí atá ag teipeadh, agus go gcuirfí córas rialacháin ina n-áit le rangú ar na comhlachtaí stáit mar chuid de seo
  • Go gcuirfí foirmeacha an stáit ar fáil go dátheangach
  • Go mbeadh an ceart ag gach saoránach an leagan Gaeilge dá n-ainm agus dá seoladh baile a úsáid as Gaeilge*

* Is é an cuspóir atá leis an alt nua seo ná an ceart a thabhairt do dhaoine a n-ainm agus a seolta a úsáid i gceachtar de theangacha oifigiúla an stáit le linn dóibh cumarsáid a dhéanamh le comhlachtaí poiblí. Glacfaidh an stát agus comhlachtaí stáit le pé ainm agus seoladh a thabharfaidh an saoránach dóibh i gceachtar de theangacha oifigiúla an stáit agus féachfaidh siad chuige go bhfuil cruinnlitriú iomlán, sínte fada san áireamh, á chur i bhfeidhm, sna córais teicneolaíochta faisnéise go háirithe.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge