Skip to main content

Acht Gaeilge Ceartbhunaithe Á Éileamh ag na Mílte ar Shráideanna Bhéal Feirste

Conradh na Gaeilge ag an Lá Dearg 2017Níos mó ná 12,000 ag An Lá Dearg ar son Acht Gaeilge

Tá Acht Gaeilge ceartbhunaithe ó thuaidh á éileamh go láidir ag Conradh na Gaeilge, ag pobal na Gaeilge, agus go háirithe ag na mílte (12,000+) a d'fhreastail ar An Lá Dearg mar chuid den fheachtas An Dream Dearg i mBéal Feirste inniu (Dé Sathairn, 20 Bealtaine 2017).

Arsa Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá an t-am don mhoilleadóireacht agus don chur i gcéill caite agus caite go maith - tá blianta fada caite ag pobal na Gaeilge sna Sé Chontae ag feitheamh ar reachtaíocht cheartbhunaithe lena gcearta teanga agus cearta teanga a dteaghlaigh a chosaint. Ní dhéanann an Lá Dearg arna eagrú ag an fheachtas An Dream Dearg inniu ach an tacaíocht leathan ón phobal don Acht Gaeilge a léiriú arís eile, níos treise ná riamh. Is faoi na polaiteoirí anois gníomhú agus a gcearta daonna a thabhairt dóibh de réir an dlí trí Acht Gaeilge a achtú láithreach - ní an bhliain seo chugainn, nó 10 mbliana eile síos an bóthar, ach anois. Acht anois atá ón Dream Dearg, ó Chonradh na Gaeilge agus ó phobal uile na teanga ó thuaidh."

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:

"Tá Conradh na Gaeilge ag tacú le héileamh an phobail d'Acht Gaeilge le blianta fada anuas anuas - tá an t-iarChoimisinéir Teanga ó dheas ag tacú le hAcht Gaeilge ó thuaidh - tá grúpaí pobail agus daoine aonair fud fad na tíre ag tacú le hAcht Gaeilge. Léiríodh an tacaíocht leathan, láidir sin go tréan ag an Lá Dearg inniu, áit ar thug na mílte chun na sráideanna le páirt a ghlacadh sa mhórshiúl ón Chultúrlann go Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Ní fhanfaidh an pobal níos faide ar a gcearta teanga - tá Acht Gaeilge uainn anois díreach."

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.