Skip to main content

Léirigh an pobal go bhfuil éileamh ollmhór ann d’Acht Gaeilge, agus déanfar sin arís eile ar 20 Bealtaine

Dearg Le FeargTháinig na mílte daoine chun sráide cheana féin i mbliana chun Acht Gaeilge a éileamh agus pobal na Gaeilge ag beartú lá stairiúil eile i mBéal Feirste 20.05.2017

Tá Lá Mór Dearg beartaithe ag An Dream Dearg ar 20 Bealtaine 2017 chun an t-éileamh ollmhór ar son Acht Gaeilge ó thuaidh a léiriú. Beidh pobal na Gaeilge as gach cearn den tír agus timpeall na cruinne ag triall ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich Béal Feirste, áit a gcuirfear tús le mórshiúl go Halla na Cathrach sa chathair. Fágfaidh na sluaite an Chultúrlann ag 1pm agus beidh ócáid mhór taobh amuigh de Halla na Cathrach ag 2pm.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar na Craobhacha ar fad, ar ghrúpaí pobail agus ar an mhórphobal trí chéile bheith ann ar an lá, agus an tacaíocht sin don Acht Gaeilge a léiriú go soiléir arís eile.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Níl aon cheist ann ach go bhfuil an-éileamh go deo ar son Acht Gaeilge ó thuaidh. Ó bhí an Nollaig ann tháinig na mílte daoine chun sráide arís agus arís eile chun Acht a éileamh; bhí agóidí i mBéal Feirste, ar an Iúr, i nDoire agus i gCnoc an Anfa agus iad uilig ag tacú le reachtaíocht cheart-bhunaithe don teanga. Cheana féin, tá cúig pháirtí ag tacú leis an éileamh ar son reachtaíocht Gaeilge i bhfoirm Achta, mar aon le 50 as 90 CTR nua-thofa. Tá tacaíocht ann fosta ó Chomhairle na hEorpa agus na Náisiún Aontaithe, chun go gcomhlíonfar a gealladh breis agus deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:

“Bhéarfaidh an Lá Mór Dearg, an mórshiúl agus imeachtaí an lae, atá beartaithe mar chuid den fheachtas An Dream Dearg, deis don phobal i gcoitinne a dtacaíocht phraiticiúil a léiriú don Acht Gaeilge. Tá éagsúlacht agus tuairimíocht leathan i bpobal na Gaeilge faoi go leor ábhar, ach ar cheist an Achta, seasann muid le chéile ar aon ghuth ag éileamh reachtaíochta ceart-bhunaithe dár dteanga.

"Tá Conradh na Gaeilge ag tacú go hiomlán leis an Lá Dearg agus tá muid ag iarraidh ar gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge bheith ann ar an lá, mar aon leo siúd ar suim leo cearta daonna agus sochaí níos forásaí san iomlán. Iarann muid ar Chraobhacha Chonradh na Gaeilge bheith i láthair, mar aon le grúpaí pobail agus an mór-phobal trí chéile. Caithigí dearg.”

Busanna don Lá Dearg 2017BUSANNA AG DUL GO BÉAL FEIRSTE:

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.