Rún Éigeandála Oideachais & Struchtúr Ardleibhéil le hIonchur ón bPobal Á Éileamh ag Uachtarán Atofa ag Ard-Fheis 2013

Glacadh d'aon ghuth le rún éigeandála ag éileamh ar an Rialtas gan cur isteach ar pholasaí iontrála na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí ó thaobh chúlra Gaeilge na dtuismitheoirí ná na ndaltaí de ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013 in Óstán Chúirt na Canála ar an Iúr, Co. an Dúin inniu (Dé Sathairn, 06 Aibreán 2013), sna sála ar dhearcadh an Aire Oideachais agus Scileanna a foilsíodh sna meáin chumarsáide le déanaí i dtaobh pholasaí iontrála scoileanna.

Ghlac teachtaí Ard-Fheis Chornadh na Gaeilge 2013 d'aon ghuth leis na rúin ag éileamh go n-aithneofaí pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh ón tús, agus go gcuirfí struchtúr riachtanach ardleibhéil ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge chun An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas a chur i bhfeidhm go héifeachtach chomh maith.

Atoghadh Donnchadh Ó hAodha ó Chraobh Chúil Aodha ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge don tríú bliain as a chéile níos luaithe inniu (06 Aibreán 2013) freisin. Dúirt Uachtarán atofa Chonradh na Gaeilge: "Tá lagú déanta ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 ó dheas ó thosaigh an Comhrialtas nua; creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil sé riachtanach an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint láithreach mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise le teacht i dtír ar na fadhbanna atá cruthaithe ag an Rialtas reatha go dtí seo, agus le cur chuige ceart a chur ar bun leis an Straitéis ina hiomlán a chur i gcrích go práinneach.

"Tá sé riachtanach freisin go n-aithneofaí an pobal Gaeilge sna Sé Chontae mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh ón tús chun na fadhbanna atá tar éis teacht chun cinn ó dheas a sheachaint. Chuige sin, molann an Ard-Fheis go gcuirfear struchtúr riachtanach ardleibhéil ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, thuaidh agus theas, áit a dhéanfar na moltaí sula gcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad."

D'aontaigh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus dúirt: "Chabhródh straitéis uile-Éireann le comhordú agus le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil a bhaint as acmhainní curtha ar fáil ag an dá Rialtas leis an nGaeilge a chur chun cinn, agus creideann Conradh na Gaeilge go mba chóir don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) Aonad Pleanála Uile-Éireann a bhunú le comhstraitéis ghníomhach uile-oileánda don Ghaeilge a stiúradh le hionadaíocht ón bpobal agus ó na húdaráis."

Tá 120 bliain ar an bhfód á gceiliúradh ag Conradh na Gaeilge le Bliain na Gaeilge 2013 i mbliana, mar sin is stairiúil an ócáid í Ard-Fheis na bliana seo agus í á reáchtáil ar an Iúr. Is iontach oiriúnach an láthair í Iúr Cinn Trá le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013 a thionól ó tá an líon is airde daoine le Gaeilge sna Sé Chontae (20%) ina gcónaí i gceantar an Iúir agus Mhúrn, dar leis an daonáireamh is déanaí.

Sa bhreis ar ionchur an phobail ón urlár, labhair Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh; Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; agus Cormac Ó hEaghra, craoltóir Raidió na Gaeltachta, ar 120 Bliain Ag Fás Agus Céard Atá Os Ár gComhair ag Caint na hArd-Fheise aréir (05 Aibreán 2013) sna sála ar an oscailt oifigiúil le Jarlath Burns, CLG, agus John McArdle, Méara an Iúir agus Mhúrn.

Seolfaidh Dominic Ó Brolcháin CTR an lárionad Gaeilge athchóirithe ar an mbaile ar 6.00in inniu sna sála ar chluiche ceannais Fhéile Peile na nGael ar 5.00in ag Club Seamróigí an Iúir (6 Aibreán 2013). Tionólfar Dinnéar agus Céilí na hArd-Fheise ar ball. D'fhreastail idir theachtaí eagraíochta, Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh, aoichainteoirí, bhaill den phobal, agus imreoirí Fhéile Pheile na nGael ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013, áit a bhí idir shiamsaíocht, chomórtas peile lánGhaeilge seachtar-an-taobh, cheardlanna traenála, Fhóram na Gaeilge d'Aontas na Mac Léinn in Éirinn, chruinnithe agus phlé tábhachtach i dtaca le rúin a leagann clár oibre Chonradh na Gaeilge amach don bhliain atá le teacht. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2013 AR-LÍNE:
Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013 á chraoladh beo ar-líne ag http://www.ustream.tv/channel/ard-fheis-chonradh-na-gaeilge-2013 d'éinne nach féidir freastal agus is féidir páirt a ghlacadh i ngnó na hArd-Fheise ar Twitter trí theachtaireachtaí leis na carachtair #afcnag a chur ag deireadh gach teachtaireachta, agus taispeánfar an sruth Twitter ar scáileán ag an Ard-Fheis.

* GRIANGHRAIF AR ARD-CHAIGHDEÁN (300 DPI) AR FÁIL Ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. *

Rún Ard-Fheise Éigeandála: "Ag cur san áireamh tuairimí a foilsíodh sna meáin chumarsáide le déanaí maidir le dearcadh an Aire Oideachais agus Scileanna i dtaobh pholasaí iontrála scoileanna, éilíonn an Ard-Fheis ar an Rialtas gan cur isteach ar pholasaí iontrála na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí ó thaobh chúlra Gaeilge na dtuismitheoirí / na ndaltaí de."
Molta ag Pádraig Mac Fhearghusa, Coiste Gnó

Rún Ard-Fheise #1: "Aontaíonn an Ard-Fheis go bhfuil sé riachtanach an pobal Gaeilge a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh ón tús agus na fadhbanna atá tar éis teacht chun cinn ó dheas a sheachaint. Chuige sin, molann an Ard-Fheis go gcuirfear struchtúr riachtanach ardleibhéil, áit a dhéanfar na moltaí sula gcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad, ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge. Ba chóir ionadaíocht ó na grúpaí seo a leanas a bheith air:
• An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta
• Foras na Gaeilge
• Saineolaí aitheanta pleanála teanga
• Na heagraíochtaí pobail Gaeilge
Molta ag Craobh Ghleann an Iolair

Rún Ard-Fheise #2: "Aontaíonn an Ard-Fheis go bhfuil lagú déanta ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 ó dheas ó thosaigh an Comhrialtas nua, agus go bhfuil sé riachtanach an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge le teacht i dtír ar na fadhbanna atá cruthaithe ag an Rialtas reatha agus le cur chuige ceart a chur ar bun leis an Straitéis ina hiomlán a chur i gcrích. Chuige sin, molann an Ard-Fheis go gcuirfear struchtúr riachtanach ardleibhéil, áit a dhéanfar na moltaí sula gcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad, ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta. Ba chóir ionadaíocht ó na grúpaí seo a leanas a bheith air:
• An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
• Foras na Gaeilge
• Údarás na Gaeltachta
• COGG
• Saineolaí aitheanta pleanála teanga
• Na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta."
Molta ag Donnchadh Ó hAodha, Ball den Choiste Gnó

Tá 120 bliain ar an bhfód á gceiliúradh ag Conradh na Gaeilge le Bliain na Gaeilge 2013 i mbliana. Is é 120 Bliain Ag Fás téama Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013, a thionólfar in Óstán Cúirt na Canála, Cé na gCeannaithe, An tIúr, Co. an Dúin ó 5 - 7 Aibreán 2013. Tá buíochas mór ag dul do Chraobh an Iúir agus do Chomhaltas Uladh as clár na hArd-Fheise 2013 seo a eagrú linn.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

• Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
• Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
• Glac páirt sna comórtais - tá duaiseanna iontacha le baint amach!
• Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d'fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
• Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
• Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
• Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

Comhaltas Uladh a thugtar ar Chraobhacha Chonradh na Gaeilge i gCúige Uladh agus i gCo. Lú. Bunaíodh an eagraíocht i 1926 le hobair an Chonartha a riaradh ar fud an limistéir sin. Is é príomhchuspóir an eagrais an Ghaeilge a chur á labhairt mar ghnáth-theanga ar fud Chúige Uladh. Eagraíonn Comhaltas Uladh craobhacha, feiseanna, comórtais i labhairt na Gaeilge i measc daltaí scoile. Cuidíonn sé le grúpaí drámaíochta, le naíonraí agus le scoileanna lánGhaeilge sna 10 gcontae, agus déanann sé comhoibriú le hollscoileanna an tuaiscirt agus leis na coláistí oiliúna freisin. Bíonn scoileanna samhraidh á reáchtáil i nGaeltacht agus i nGalltacht an tuaiscirt agus tugann Comhaltas deontas ar scoláireachtaí d'fhoghlaimeoirí Gaeilge gach bliain. www.facebook.com/comhaltas.uladh

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

CLÁR ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2013:

Dé hAoine, 05 Aibreán 2013

11.00 Cruinniú gréasánaíochta leis na Scéimeanna Pobail Gaeilge
14.00 Traenáil do na Scéimeanna Pobail Gaeilge
- Gaeláras Mhic Ardghail
20.00 Fáilte chuig an Iúr & Oscailt na hArd-Fheise
- John McArdle, Méara an Iúir agus Mhúrn
- Jarlath Burns, CLG
20.30 Caint na hArd-Fheise: 120 Bliain Ag Fás Agus Céard Atá Os Ár gComhair
- Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh
- Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge
- Cormac Ó hEaghra, Raidió na Gaeltachta
22.00 Ceol agus fáiltiú
- urraithe ag Comhairle an Iúir agus Mhúrn

Dé Sathairn, 06 Aibreán 2013

08.00 Bricfeasta
08.30 Caint Iar-Bhricfeasta na hArd-Fheise: 100 Bliain de Choláiste Bhríde
- Séamus Mac Dhaibhéid, Iontaobhaithe an Ghaelárais
09.30 Cuntais Chonradh na Gaeilge
10.00 Plé ar na rúin de réir tosaíochtaí
12.15 Na rúin nár pléadh a aontú nó a dhiúltú
12.30 Tuairisc ó na heagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge
Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2014
13.00 Toghchán na hUachtaránachta & Toghchán an Choiste Gnó (go dtí 15.30)
Lón
13.15 Fóram na Gaeilge d'Aontas na Mac Léinn in Éirinn
14.00 Tús leis an gcomórtas peile Seachtar an Taobh
- Club Seamróigí an Iúir, Páirc Esler, Ballinacraig Way, An tIúr, Co. an Dúin BT342QX
- arna eagrú i bpáirt leis Na Gaeil Óga CLG, Craobh an Iúir & Comhaltas Uladh
14.15 Ceardlanna Traenála do Chraobhacha agus do Bhaill Aonair
a) Conas na meáin shóisialta a úsáid chun cabhrú le hobair na Craoibhe - Facebook, Twitter, eile?
b) Scéimeanna maoinithe atá ag Foras na Gaeilge do choistí áitiúla agus conas airgead a thiomsú?
c) Feachtais an Chonartha - cén ról atá ag na Craobhacha?
15.15 Tae agus caife
15.30 Ceardlanna Traenála do Chraobhacha agus do Bhaill Aonair (go dtí 16.30)
a) Conas imeachtaí a eagrú sa phobal - Seachtain na Gaeilge, ranganna, An Bailiúchán Náisiúnta, Is Leor Beirt, eile?
b) Conas pleanáil go háitiúil?
c) Conas plé leis na meáin áitiúla?
17.00 Craobh an chomórtais pheile Seachtar an Taobh - fáilte roimh chách!
18.00 Seoladh Ghaeláras Mhic Ardghail (cuirfear sólaistí ar fáil)
- Dominic Ó Brolcháin, CTR
20.30 Fáiltiú roimh Dhinnéar na hArd-Fheise
- urraithe ag Comhaltas Uladh
21.00 Dinnéar agus Céilí na hArd-Fheise

Dé Domhnaigh, 07 Aibreán 2013

11.00 Aifreann na hArd-Fheise
- Ardeaglais Naomh Pádraig & Colmáin, 38 - 40 Sráid an Chnoic, An tIúr, Co. an Dúin
12.00 Turas Bus
- Turas na bhFilí in Ard Mhacha Theas

Tá fáilte roimh theachtaí na hArd-Fheise bualadh isteach ar thaispeántas i nGaeláras Mhic Ardghail thar an deireadh seachtaine ar Ghaeltacht Óméith agus ar Choláiste Bhríde.

Tá buíochas mór ag dul do Chraobh an Iúir agus do Chomhaltas Uladh as an gclár seo a eagrú linn.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge