Skip to main content

Léiríonn an t-ionsaí is déanaí ar earnáil na Gaeilge ó thuaidh an géarghá práinneach le reachtaíocht cosanta don teanga

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Údarás Oideachais a ndualgas reachtúil a chomhlíonadh 

óige

Tá deireadh curtha le maoiniú don earnáil óige Ghaeilge i mBéal Feirste agus ceithre ghrúpa anois druidte dá bharr. Cuireadh na grúpaí ar an eolas maidir le scéal aistarraingt na ndeontas ag 4.35pm Dé hAoine 31 Márta a chuir in iúl daofa go raibh orthu deireadh láithreach a chur le fostaíocht ceathrair i n Glór na Móna, atá ar thús cadhnaíochta i dtaobh na hoibre óige Gaeilge i mBéal Feirste. Is iad an tÚdarás Oideachais a bhain an maoiniú agus tá cruinniú poiblí á ghlaoigh ag pobal Gaeilge Bhéal Feirste ag 7.30pm oíche Mháirt (4 Aibreán 2017) i gColáiste Feirste chun pleananna a phlé le cur i gcoinne na gciorruithe is déanaí ar an teanga. 

Dúirt Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá seirbhísí óige trí Ghaeilge mar dhlúthchuid d’athbheochan na Gaeilge ó thuaidh. Tá na deiseanna a chuirtear ar fáil tríd na clubanna óige maidir le forbairtí pearsanta i gcomhthéacs neamhfhoirmiúil rí-thábhachtach do dhaoine óga atá ag fás aníos leis an Ghaeilge. Seasann Conradh na Gaeilge le Glór na Móna, agus leis an earnáil óige Ghaeilge trí chéile agus éilíonn ar an Údarás Oideachais dul siar ar an chinneadh seo agus le cinntiú fosta go ndéanfar freastal cothrom ar dhaoine óga a chaitheann an saol trí Ghaeilge go príomha.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

“Glacadh an cinneadh seo in ainneoin go bhfuil dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais i dtaca le forbairt agus éascú an Ghaeloideachais de. Cuimsíonn an dualgas seo an t-oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga araon. Léiríonn an cinneadh cúlchéimnitheach seo áfach nach bhfuiltear ag comhlíonadh an dualgais sin, agus go deimhin, go bhfuil gá le reachtaíocht a dhéanfaidh an teanga, agus lucht a húsáide, a chosaint agus a bhuanú.”

“Tá pobal na Gaeilge feargach, ní amháin maidir leis an chinneadh seo, agus faoin dóigh gur chaith an Roinn leis na hoibrithe seo; gur insíodh daofa mall tráthnóna Aoine nach raibh post acu don Luan dár gcionn. Is léir nach bhfuil ceacht ‘Líofa’ foghlamtha ag na húdaráis anseo ó thuaidh, ach arís eile cuirfidh pobal na Gaeilge go mór i gcoinne an ionsaí is déanaí ar an teanga agus ar ár ndaoine óga.”

CRÍOCH

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.