Skip to main content

Gaelscoil ó Chill Choinnigh ag siúl i mórshiúil Lá Fhéile Pádraig i Nua Eabhrac

Beidh ochtar dalta is fiche ó Chill Choinnigh ag máirseáil i bparáid Lá Fhéile Pádraig i Nua Eabhrac inniu (17 Márta 2017).

Ag ceiliúradh 25 bliana ar an bhfód, is é Coláiste Pobail Osraí an t-aon mheánscoil lán-Gaelach i gcontae Chill Choinnigh.

Bíonn os cionn dhá mhilliún duine i láthair ag an mór-shiúil clúiteach, agus breathnaíonn os cionn 60 milliúin daoine ar fud fad an domhain.

Beidh an grúpa i gceannas ar Snapchat Chonradh na Gaeilge don lá mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia agus beidh leantóirí an chuntais in ann an mórshiúil a leanúint beo. Is ea @CnaGaeilge hanla an chuntais.

Dúirt Brian McCormack, urlabhraí an ranga idirbhliana Coláiste Pobail Osraí:

“Tá sceidéal an-ghnóthach againn thar an chúig lá. Beidh muid ag dul chuig an Empire State Building ar an gcéad lá, roimh a mháirseálaimid sa Pharáid. Beidh sé mar eispéireas iontach- rud a mhairfidh inár gcuimhí dár saolta ar fad."

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Is cúis bróid é go bhfuil cuireadh faighte ag Coláiste Pobail Osraí le siúl sa mhórshiúil is mó ar domhan mar chuid de cheiliúradh Fhéile Pádraig. Is deis iontach atá ann comh maith le lá deireanach Sheachtain na Gaeilge le Energia a cheiliúradh – is féile idirnáisiúnta í agus bhí imeachtaí eagraithe fud fad an domhan di. Is deas í a aithint ó mhór roinn eile ar lá a críoch.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.