Skip to main content

Fíricí Ailtéarnacha faoin nGaeilge Á mBréagnú

Myth #1: "Irish is a dead language"Tugann Conradh na Gaeilge dúshlán do na ‘fíricí ailtéarnacha’ is coitianta a chloistear faoin teanga i bhfeachtas físeán nua

Tá feachtas feasachta dar teideal Mythbusting á sheoladh ag Conradh na Gaeilge inniu (Déardaoin, 16 Márta 2017) chun míeolas faoin nGaeilge a bhréagnú le rogha d’fhíseáin ghonta i mBéarla agus le sraith de chainteanna ar fud na tíre. Is féidir teacht ar fhíseáin an fheachtais Mythbusting agus ar nótaí mínithe ag www.cnag.ie/breagnu mar aon le sonraí mar gheall ar na cainteanna poiblí le Colm Ó Broin.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Agus Seachtain na Gaeilge le Energia faoi lánseol, tá bá agus dea-thoil an mhórphobail don teanga níos soiléire ná riamh. Is iomaí miotas gan bhunús a chloistear i dtaobh na Gaeilge go fóill féin áfach, agus tá súil ag Conradh na Gaeilge na ‘fíricí ailtéarnacha’ seo a bhréagnú le fíricí agus le figiúirí cruinne fríd an fheachtas feasachta Mythbusting.”

Arsa Colm Ó Broin, ball de Chonradh na Gaeilge:

“Is minic go gcuirtear tuairimí míchruinne faoin nGaeilge chun tosaigh mar fhíricí beachta nó bunaithe ar fhianaise nuair a thagann cúrsaí teanga chun cinn sna meáin, ach ní bhíonn fírinne ar bith ina bhformhór acu. Nuair a dhéantar míeolas a chur inár láthair minic a dhótháin áfach, creidtear é agus meastar gurb í an fhírinne í – sin a bhfuil mar aidhm ag cainteanna agus ag físeáin Mythbusting a chur ina cheart.”

Cuirfear tús le sraith de chainteanna náisiúnta Mythbusting le Colm Ó Broin i Learbhlann Ghuaire, Co. Loch Garman, ar 8.00in an Mháirt bheag seo (21 Márta 2017) agus leanfar leis an tsraith le cainteanna eile beartaithe do Ghaillimh, do Dhoire, agus do Bhéal Feirste. Tá gach eolas ar fáil ag www.cnag.ie/breagnu.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.