Skip to main content

Donnacha Ryan i bhFíseán do Sheachtain na Gaeilge le Energia

Seachtain na Gaeilge le Energia ag labhairt le Donnacha RyanSeachtain na Gaeilge le Energia faoi lán seoil agus níos mó ná 30,000 imeacht á reáchtáil fud fad an domhain le céiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge. Chuaigh Energia amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le labhairt le daoine faoina meon i leith na Gaeilge de. Bhuaileadar le laoch na Mumhan agus na hÉireann, Donnacha Ryan, agus roinn sé an dá fhocal Gaeilge gur fearr leis: ‘sneachta’ agus ‘cabáiste’. (Físeán ar fáil ag www.snag.ie/voxpop)

Seo an chéad bhliain go bhfuil Energia ag tabhairt tacaíochta don fhéile agus tá an comhlacht tar éis go leor Gaeilge a chur ar a shuíomh gréasáin ó thús Sheachtain na Gaeilge.

Deir Garry Ryan, Stiúrthóir Bainistíochta Energia:

"Déanann sé ciall dúinn an teanga a chur chun cinn fud fad na tíre - is breá linn daoine a spreagadh leis an gcinneadh cliste a dhéanamh agus tá súil againn go mbeidh daoine ag baint úsáide as a gcuid Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017."

Is ar Shráid Grafton i gcathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh na daoine faoi agallamh san fhíseán agus bhí tuairimí thar a bheith dearfach faoin dteanga.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

"Is iontach an rud é físeán chomh dearfach leis seo a fheiceáil faoin teanga. Bhí sé ar fheabhas Donnacha Ryan a chloisteáil ag labhairt as Gaeilge faoin bhféile agus tá ríméad orm leis an oiread daoine cáiliúla atá ag glacadh páirte san fhéile i mbliana. Táimid ag súil go mór le Lá na Meán Sóisialta agus beimid ag iarraidh ar dhaoine fud fad an domhain páirt a ghlacadh tríd an haischlib #LNMS17 a úsáid."

Beidh Lá na Meán Sóisialta á reáchtáil ar 16/03/2017 agus tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag iarraidh an oiread daoine agus is féidir a spreagadh le teachtaireacht as Gaeilge a chur amach ar an lá.

Tá neart imeachtaí fós le teacht san fhéile agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.snag.ie fúthu.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.