Skip to main content

CEOL 2017 á sheoladh go hoifigiúil ar chlár Eoghan McDermott Beo ar 2fm

CEOL 2017 le hEoghan McDermottSeolfaidh RTÉ 2fm, Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá an t-albam CEOL 2017 ar chlár Eoghan McDermott ar 2fm. Chuir Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá an t-albam CEOL 2017 le hEoghan McDermott i dtoil le chéile i gcomhar le RTÉ 2fm. Is bailiúchán d’amhráin aitheanta é CEOL 2017 agus áirítear aistriúcháin ar amhráin agus amhráin as an nua araon ar an albam. I measc na gceoltóirí atá le cloisteáil ar an albam, tá: Picture This, The Blizzards, Walking on Cars, Gavin James, Matt Simons, Delorentos, Gabrielle Aplin, Seo Linn, The Coronas, Heathers, IMLÉ agus Tine. Beidh Picture This ag labhairt le hEoghan beo ar an aer ó Nashville, SAM, áit a bhfuil siad ag taifead a gcéad albam.

Deir Eoghan McDermott:

“Is iontach an rud é gurb é amhrán Picture This an chéad thraic ar albam CEOL na bliana seo. Tá Take My Hand ainmnithe don ghradam Choice Music Prize don Amhrán Éireannach Is Fearr. Shínigh an banna conradh le Republic Records i mbliana, comhlacht Drake, Ariana Grande agus The Weeknd. Is iad Picture This príomhceoltóirí Longitude, tá seónna leo díolta amach ar fud na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe, agus i Nua Eabhrac fiú. Tá siad i mbun taifeadta in Nashville faoi láthair, ach go fóill féin, d’éirigh leo an t-am a fháil leis an albam seo a sheoladh inár dteannta. Casadh Take My Hand ar an raidió den chéad uair ar mo chlársa ó rodaí i gCluain Meala i mí Bealtaine na bliana seo caite; tá an leagan Gaeilge den amhrán sin, Tóg Mo Lámh, ar an gcéad amhrán ar an albam CEOL 2017 anois. Sa bhreis ar Picture This, tá ceoltóirí den chéad scoth againn as Éirinn agus ó thíortha eile ag casadh a gcuid cairteacha ar CEOL 2017 i mbliana agus tá sé thar barr ar fad.”

Arsa Julian de Spáinn:

“Táimid thar a bheith sásta go bhfuil Eoghan McDermott agus 2fm ag obair i gcomhar linn ar an albam CEOL 2017 arís i mbliana. Tá sé dochreidte go bhfuil an oiread ceoltóirí chomh hiontach sin ag taifeadadh as Gaeilge – Walking on Cars, Gavin James agus The Blizzards ina measc. Tá cairde linn thar sáile ar an albam freisin, Gabrielle Aplin ó Shasana agus Matt Simons ó na Stáit Aontaithe san áireamh. Príomhtheachtaireacht Sheachtain na Gaeilge ná gur féidir le duine ar bith an Ghaeilge a úsáid, agus léiríonn CEOL 2017 go bhfuil sé seo iomlán indéanta!”

Féach ar an bhfíseán anseo: https://www.facebook.com/2fmofficial/videos/1567064689973707/

Tuilleadh eolais ag www.cnag.ie/ceol.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.