Skip to main content

Muca Guine Ag Spraoi Ar Fud na Tíre Chun Seachtain na Gaeilge le Energia A Sheoladh

Spraoi na Seachtaine 2017 ar Shráid na Siopaí, GaillimhMuca guine Energia ar camchuairt ar fud na tíre le seoltaí áitiúla don fhéile Ghaeilge ar siúl i dteannta aíonna cáiliúla i ngach cúige

Chas Seo Linn ag Lá Teaghlaigh na Gaillimhe mar chuid de Spraoi na Seachtaine le Seachtain na Gaeilge le Energia 2017 a sheoladh go hoifigiúil Dé Sathairn (25 Feabhra 2017). Chuir ceol ón mbanna, siamsaíocht sráide, péinteáil aghaidhe, na muca guine Energia, agus rince ar Shráid na Siopaí tús leis an bhféile Ghaeilge idirnáisiúnta a reáchtálfar ar fud na cruinne ó 1 – 17 Márta 2017.

Seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia go háitiúil i nDún Uladh ar an Ómaigh, Co. Thír Eoghain, i dteannta Art Parkinson, buaiteoir BAFTA agus duine d’ambasadóirí na féile, Dé Céadaoin; in Inis, Co. an Chláir i dteannta Gary Brennan, captaen fhoireann peile an chontae, Déardaoin; agus le Seo Linn, Kíla agus eile ag Spraoi na Seachtaine ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.

Deir Gary Ryan, Stiúrthóir Bainistíochta Mhiondíol Energia:

“Tá Energia an-bhródúil as ár n-oidhreacht Éireannach mar ghineadóir agus mar sholáthraí fuinnimh do bhailte agus do ghnólachtaí fud fad oileán na hÉireann, mar sin táimid ar bís go bhfuil Seachtain na Gaeilge le Energia á seoladh i ngach cúige in Éirinn agus go mbeidh muca guine Energia ann leis an bpobal a spreagadh chun na Gaeilge. Déanann sé an-chiall dúinn an teanga a chur chun cinn ar fud na tíre – is mór againn daoine a spreagadh le cinntí ciallmhara a dhéanamh, mar sin tá súil againn go gcinnfidh daoine pé Gaeilge atá acu a úsáid le linn Sheachtain na Gaeilge 2017.”

Tá teacht ar gach eolas faoi imeachtaí áitiúla na Seachtaine de réir contae san iris speisialta SULT a dáileadh leis an Irish Daily Mail Dé Sathairn nó ar-líne ag www.snag.ie/imeachtai.

Deir Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Tugann Seachtain na Gaeilge le Energia deis iontach don phobal leas agus go deimhin spraoi a bhaint as an oiread Gaeilge atá acu ó 1 – 17 Márta 2017, idir chainteoirí líofa na teanga, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Buíochas le tacaíocht Energia i mbliana, bhíomar in ann tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí pobail i mbun imeachtaí a eagrú trí Chiste Tacaíochta na féile, agus tá lúcháir orainn go mbeidh an Ghaeilge á ceiliúradh i ngach contae in Éirinn agus thar sáile mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017.”

ÍOMHÁNNA AR FÁIL Ó:

Andrew Downes
Galway Digital Images Ltd

SEOLTAÍ ÁITIÚLA SHEACHTAIN NA GAEILGE LE ENERGIA 2017:

Seoladh UladhSeoladh Uladh: Seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia i gcomhar le Pobal ar a’n Iúl agus le Glór an Tearmainn den chéad uair ar an Ómaigh, Co. Thír Eoghain, Dé Céadaoin (1 Márta 2017). Beidh Art Parkinson, duine d’ambasadóirí na féile, i láthair i dteannta Kevin McAleer, fuirseoir, chun an fhéile a sheoladh in ionad cultúrtha Dún Uladh le léiriú den dráma An tAthair Ted le hAisteoirí na hÓmaí agus ceol Gaelach ó cheoltóirí óga Rún ó 7.00 - 8.00in.

Seoladh na MumhanSeoladh na Mumhan: Seolfar an fhéile i gcomhar leis An Clár As Gaeilge le mórócáid speisialta i gClós na Beairice ar Shráid na Beairice in Inis, Co. an Chláir Déardaoin (2 Márta 2017). Seolfar Féile na hInse agus ionad nua An Clár as Gaeilge mar chuid den imeacht ó 7.00 – 9.00in freisin, agus Spraoi na Seachtaine 2017 Faiche Stiabhnabronnfar Pearsa na Bliana ar Gary Brennan, captaen fhoireann peile an Chláir. Beidh Mícheál Ó Ciaraidh ó TG4, duine eile d’ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia, mar aoi speisialta eile ar an oíche mar aon le ceol ó mhuintir Mulcahy ó Luimneach. Beidh cartlann de ghriangraif agus d’ábhair stairiúil a bhaineann le Conradh na Gaeilge sa cheantar ar oscailt don phobal chomh maith.

Seoladh Laighin: Reáchtálfar mórchoirm cheoil agus lá teaghlaigh Spraoi na Seachtaine Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 4 Márta 2017. Casfaidh John Spillane, Kíla agus Seo Linn sa chúinne ceoil ó 11.00rn – 3.00in fad agus a bheidh ceardlanna ar siúl san amhránaíocht agus rince ar an sean-nós, ióga, agus drumaí taobh le comórtas óráidíochta, díospóireacht, agus ceardlann filíochta REIC. Beidh na muca guine Energia i láthair ar an lá i dteannta Giggles, fear grinn na Gaeilge, agus bainfidh na páistí sult as an bpéinteáil aghaidhe agus as Spraoi le Sióg sa chúinne clainne mar chuid de sheoladh na féile san ardchathair. Is féidir clárú do na ceardlanna ag www.snag.ie/spraoi.

FRIOTAIL Ó NA hAMBASSADÓIRÍ:

Seachtain na Gaeilge 2017 AmbasadóiríArt Parkinson: “Déanaim mo chuid staidéar trí mheán na Gaeilge agus bím ag foghlaim trí Ghaeilge fud fad an domhain agus scannáin á dtaifeadadh agam. Táim an-mhórtasach as ár dteanga dúchais agus bím iontach bródúil í a labhairt ó lá go lá. Molaim duit imeacht a eagrú le linn Sheachtain na Gaeilge chun spraoi a bhaint as an teanga!”

Miriam O’ Callaghan: “Táim ag súil go mór le bheith mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Is deis iontach é seo dom chun níos mó Gaeilge a úsáid ó lá go lá, i measc mo chlann, mo theaghlaigh & mo chomhghleacaithe! Bain triail as do chuid Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge!”

Mícheál Ó Ciaraidh: “Iarraim oraibh na meáin shóisialta a úsáid trí Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge 2017 ach go háirithe ar 16 Márta 2017 mar chuid de Lá na Meán Sóisialta. Is féidir Facebook, Gmail & Twitter a úsáid as Gaeilge nó is féidir teachtaireachtaí as Gaeilge a scríobh ar do chuid grianghraf ar Snapchat!”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.