Beidh turas báid ar na hoileáin bheaga, sciamhacha timpeall ar Oileán Árainn Mhóir ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013, saoire Gaeilge bliantúil a bheidh ar siúl ar an dara oileán is mó sa tír a bhfuil daoine ina gcónaí air - Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall - ó 4 - 7 Iúil i mbliana.
Is cuma an cainteoir dúchais, foghlaimeoir meirgeach, nó glantosaitheoir sa Ghaeilge atá ionat, tumfaidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 tú féin agus an teaghlach ar fad sa teanga ar bhealach spraíúil, sóisialta le clár imeachtaí a oireann do chách gur mian leo sult a bhaint as áilleacht Thír Chonaill as Gaeilge.
Arsa Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge: "Is ag Dún na nGall atá an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn, agus beidh saoire ar Árainn Mhór i lár an Aigéin Atlantaigh ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 ina thaithí iontach sultmhar, sainiúil do dhuine ar bith ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcúpla focal an samhradh seo, agus go háirithe ar phraghas chomh réasúnta!"
Tá pacáiste speisialta ar phraghas íseal de €240 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin - Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar na hoileáin Inis Doirn, Inis Cú & An tÍochtar, agus Inis Chaorach, seimineár, dráma agus na himeachtaí sóisialta ar fad. Tá Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 arna eagrú i gcomhar le Comharchumann Oileán Árainn Mhóir le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus is féidir clárú don deireadh seachtaine ar www.cnag.ie/siopa.
Is saoire ar leith a bheidh i gceist le Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i mbliana ó tá fáilte speisialta á fearadh roimh chuairteoirí ó thar sáile chuig an Tionól mar chuid de Thóstal Éireann agus de Bhliain na Gaeilge 2013 araon, togra turasóireachta Fháilte Éireann agus féile bhliana ar son na teanga ag comóradh 120 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 faoi seach.
Glacfaidh an bád farantóireachta lucht an Tionóil go hÁrainn Mhór ó Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall, tráthnóna Déardaoin (4 Iúil 2013), áit a mbeidh fáiltiú in Óstán an Ghleanna ar 9.00in chun tús a chur le deireadh seachtaine spleodrach lán le ceol agus comhrá, siamsaíocht agus eachtraí go leor.
Beidh plé níos dáiríre ar siúl faoi staid reatha na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus feidhmiú Acht na Gaeltachta, 2012 ag Seimineár an Tionóil Ghaeltachta ar 8.00in oíche Aoine (5 Iúil 2013). Beidh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, ina haoi-chainteoir ag seimineár an Chonartha agus tá fáilte roimh an bpobal agus lucht an Tionóil araon freastal air.
Máiread Seoighe
Comheagraí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 /
CLÁR THIONÓL GAELTACHTA CHONRADH NA GAEILGE 2013:
DÉARDAOIN, 04 IÚIL 2013
DÉ hAOINE, 05 IÚIL 2013
DÉ SATHAIRN, 06 IÚIL 2013
DÉ DOMHNAIGH, 07 IÚIL 2013
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses
Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie
Tá An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag díol leabhar agus earraí Gaeilge do mhuintir Átha Cliath ó d'oscail sé ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 dhá scór bliain ó shin. Tá réimse leathan leabhar scoile, cártaí dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar múinteoireachta, dlúthdhioscaí ceoil agus go leor eile ar fáil sa Siopa Leabhar agus bíonn sé ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine. Is féidir orduithe a dhéanamh ar-líne trí shuíomh An tSiopa Leabhar anois freisin: www.cnag.ie/siopa
Am Oscailte: Luan - Satharn 09.30 - 17.30
Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge 2013, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie
Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?
Tionscnamh turasóireachta agus ceiliúradh ar gach a bhfuil fíorbhreá agus uathúil i dtaobh na hÉireann agus a muintire atá i gceist le Tóstal Éireann 2013. Tá sé i gceist go dtógfaidh muintir na hÉireann orthu féin cuireadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil baint acu leis an tír - 70 milliún duine den diaspóra ar fud na cruinne san áireamh - agus go gcuirfidh siad fáilte Uí Cheallaigh rompu go hÉirinn. Tá sí mar sprioc ag Tóstal Éireann 2013 325,000 cuairteoir breise as tíortha thar lear a mhealladh chun na hÉireann i gcaitheamh na bliana agus €170 milliún a ghnóthú in ioncam turasóireachta. www.thegatheringireland.com
