Skip to main content

Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge Ina Thóstál Teanga Ar Oileán Árainn Mhóir

Beidh turas báid ar na hoileáin bheaga, sciamhacha timpeall ar Oileán Árainn Mhóir ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013, saoire Gaeilge bliantúil a bheidh ar siúl ar an dara oileán is mó sa tír a bhfuil daoine ina gcónaí air - Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall - ó 4 - 7 Iúil i mbliana.

Is cuma an cainteoir dúchais, foghlaimeoir meirgeach, nó glantosaitheoir sa Ghaeilge atá ionat, tumfaidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 tú féin agus an teaghlach ar fad sa teanga ar bhealach spraíúil, sóisialta le clár imeachtaí a oireann do chách gur mian leo sult a bhaint as áilleacht Thír Chonaill as Gaeilge.

Arsa Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge: "Is ag Dún na nGall atá an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn, agus beidh saoire ar Árainn Mhór i lár an Aigéin Atlantaigh ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 ina thaithí iontach sultmhar, sainiúil do dhuine ar bith ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcúpla focal an samhradh seo, agus go háirithe ar phraghas chomh réasúnta!"

Tá pacáiste speisialta ar phraghas íseal de €240 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin - Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar na hoileáin Inis Doirn, Inis Cú & An tÍochtar, agus Inis Chaorach, seimineár, dráma agus na himeachtaí sóisialta ar fad. Tá Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 arna eagrú i gcomhar le Comharchumann Oileán Árainn Mhóir le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus is féidir clárú don deireadh seachtaine ar www.cnag.ie/siopa.

Is saoire ar leith a bheidh i gceist le Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i mbliana ó tá fáilte speisialta á fearadh roimh chuairteoirí ó thar sáile chuig an Tionól mar chuid de Thóstal Éireann agus de Bhliain na Gaeilge 2013 araon, togra turasóireachta Fháilte Éireann agus féile bhliana ar son na teanga ag comóradh 120 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 faoi seach.

Glacfaidh an bád farantóireachta lucht an Tionóil go hÁrainn Mhór ó Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall, tráthnóna Déardaoin (4 Iúil 2013), áit a mbeidh fáiltiú in Óstán an Ghleanna ar 9.00in chun tús a chur le deireadh seachtaine spleodrach lán le ceol agus comhrá, siamsaíocht agus eachtraí go leor.

Beidh plé níos dáiríre ar siúl faoi staid reatha na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus feidhmiú Acht na Gaeltachta, 2012 ag Seimineár an Tionóil Ghaeltachta ar 8.00in oíche Aoine (5 Iúil 2013). Beidh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, ina haoi-chainteoir ag seimineár an Chonartha agus tá fáilte roimh an bpobal agus lucht an Tionóil araon freastal air.

Agus dún ceann tíre ó tuairim ‘s 800RC fós ina sheasamh ar bharr aille ag Uilinn, is léir go bhfuil daoine ag cur fúthu ar Árainn Mhór ó aois na réamhstaire agus is é Proinsias Mac a'Bhaird, oileánach áitiúil, a thabharfaidh lucht an Tionóil ó thránna gainmheacha an oileáin chuig an ceann tíre agus teach solais in iarthar an oileáin tráthnóna Shathairn (6 Iúil 2013), roimh thráth na gceist a bhíonn fíochmhar sa choimhlint in Óstán an Ghleanna ar 4.00in agus dráma an Tionóil le hAisteoirí an Lóchrainn ar 8.00in oíche Shathairn.
 
TUILLEADH EOLAIS:
Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge
+353 (0)91 567824 / +353 (0)87 4188050

Máiread Seoighe
Comheagraí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

CLÁR THIONÓL GAELTACHTA CHONRADH NA GAEILGE 2013:

DÉARDAOIN, 04 IÚIL 2013

9.00in Fáiltiú & Oscailt Oifigiúil le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
i bpáirt le Clódhanna Teoranta & An Siopa Leabhar www.cnag.ie/siopa
Óstan an Ghleanna
10.00in Seisiún Ceoil
Óstan an Ghleanna

DÉ hAOINE, 05 IÚIL 2013

12.00 Turas báid: Ó Oileán go hOileán
[An tÍochtar, Inis Cú, Inis Doirn agus Inis Chaorach]
Teacht le chéile ag an gcéibh
6.00in Béile tráthnóna
Óstán an Ghleanna & Bialann Uí Chnáimhsí
8.00in Seimineár an Tionóil: Pleanáil Teanga sa Ghaeltacht
Halla Chomharchumann Oileán Árainn Mhóir
10.00in Seisiún Ceoil
Teach Early

DÉ SATHAIRN, 06 IÚIL 2013

Beidh rogha imeachtaí breise ar fáil sa cheantar chomh maith. Cuirfear pacáiste eolais ar fáil do gach duine a chláraíonn don Tionól. *Níl na himeachtaí seo clúdaithe i dtáille an Tionóil*
 
1.00in Siúlóid threoraithe le Proinsias Mac a'Bhaird
Teacht le chéile ag Halla Chomharchumann Oileáin Árainn Mhóir
4.00in Tráth na gCeist Boird
Óstán an Ghleanna
6.00in Béile tráthnóna
Óstán an Ghleanna & Bialann Uí Chnáimhsí
8.00in Drámaíocht
i bpáirt le hAisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach
Halla Chomharchumann Oileáin Árainn Mhóir
10.00in Seisiún Ceoil
Teach Ósta Phil Bán

DÉ DOMHNAIGH, 07 IÚIL 2013

11.00rn Aifreann Gaeilge
Séipéal Oileán Árainn Mhóir
12.30in Clabhsúr an Tionóil
Óstán an Ghleanna

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag díol leabhar agus earraí Gaeilge do mhuintir Átha Cliath ó d'oscail sé ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 dhá scór bliain ó shin. Tá réimse leathan leabhar scoile, cártaí dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar múinteoireachta, dlúthdhioscaí ceoil agus go leor eile ar fáil sa Siopa Leabhar agus bíonn sé ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine. Is féidir orduithe a dhéanamh ar-líne trí shuíomh An tSiopa Leabhar anois freisin: www.cnag.ie/siopa

Am Oscailte: Luan - Satharn 09.30 - 17.30

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge 2013, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

• Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
• Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
• Glac páirt sna comórtais - tá duaiseanna iontacha le baint amach!
• Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d'fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
• Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
• Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
• Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

Tionscnamh turasóireachta agus ceiliúradh ar gach a bhfuil fíorbhreá agus uathúil i dtaobh na hÉireann agus a muintire atá i gceist le Tóstal Éireann 2013. Tá sé i gceist go dtógfaidh muintir na hÉireann orthu féin cuireadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil baint acu leis an tír - 70 milliún duine den diaspóra ar fud na cruinne san áireamh - agus go gcuirfidh siad fáilte Uí Cheallaigh rompu go hÉirinn. Tá sí mar sprioc ag Tóstal Éireann 2013 325,000 cuairteoir breise as tíortha thar lear a mhealladh chun na hÉireann i gcaitheamh na bliana agus €170 milliún a ghnóthú in ioncam turasóireachta. www.thegatheringireland.com

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.