Gradam le Bronnadh ar Ghníomhaire na Gaillimhe ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2017

Brian Ó Baoill © Máire Uí Mhaicín ó www.portraidi.ieBronnfar Gradam an Chonartha ar Bhrian Ó Baoill oíche Shathairn, seisiún plé le hionadaithe polaitíochta oíche Aoine

Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimh ó 24 – 26 Feabhra 2017 agus is é Athbheochan na Gaeilge mar thosaíocht d’Éirinn téama na hArd-Fheise i mbliana. Labhróidh an tAire um Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD; Aindrias Ó Muineacháin, TD; an Seanadóir Niall Ó Donnghaile; Catherine Connolly, TD; agus Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar thábhacht athbheochan na linne seo ag seisiún plé poiblí ar 8.30in oíche Aoine na hArd-Fheise (24 Feabhra 2017), áit a mbeidh Eimear Ní Chonaola ó TG4 ina Cathaoirleach ar an bplé.

Ansin bronnfar Gradam Chonradh na Gaeilge ar Bhrian Ó Baoill ag Dinnéar na hArd-Fheise oíche Shathairn (25 Feabhra 2017). Is as Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin ó dhúchas é Brian, fear a bhfuil a shaol caite aige ag obair ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus é ina chónaí in Indreabhán na Gaillimhe le fada an lá.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is duine é Brian atá sáite i bhforbairt a phobail féin i gCois Fharraige, áit a bhfuil cónaí air le fada agus áit ar thóg sé féin agus a bhean Beití a gclann le Gaeilge. Rinne Briain éacht oibre le hÓgchlubanna Chonamara, tráth go raibh club óige i ngach paróiste i nGaeltacht Chonamara, agus is le díograis agus le fuinneamh a chaith sé a chuid ama ar Choiste Gnó an Chonartha. Is mór againn Gradam Chonradh na Gaeilge a bhronnadh ar Bhrian mar aitheantas ar an tiomantas a léirigh sé don teanga i gcónaí.”

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge agus Cathaoirleach Choiste Chontae na Gaillimhe:

“Agus scór bliain de TG4 á gceiliúradh againn i mbliana, tá sé tráthúil smaoineamh siar ar an bhfeachtas a d’éiligh stáisiún teilifíse Gaeilge tráth nach raibh ach dhá uair a’ chloig de chláracha Gaeilge ar RTÉ in aghaidh na seachtaine i 1985, agus gan fiú clár Gaeilge amháin do pháistí á chraoladh.

“Bhí Brian Ó Baoill ar dhuine den chúigear déag a chaith tréimhse i bpríosún chun cearta na Gaeilge a bhaint amach agus chun an éagóir seo a chur ina cheart. Is mór an onóir í dúinne i gConradh na Gaeilge laoch na teanga dá leithéid a aithint leis an ngradam oifigiúil seo.”

Osclóidh Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2017 roimh an seisiún plé in Óstán Chuan na Gaillimhe ar 8.00in oíche Aoine (24 Feabhra 2017). Beifear in ann imeachtaí na hArd-Fheise a leanúint beo ar Facebook, agus ar Twitter leis an haischlib #AFCnaG nó trí chuntas an Chonartha ag @CnaG.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Rugadh Brian Ó Baoill i mBealach an Doirín, Co. Ros Comáin sa bhliain 1929. Bhí cónaí air i Londain agus sa Mhí ina óige. Phós sé Beti Jones, as an Bhreatain Bheag, sa bhliain 1964 agus tá triúr páistí acu: Ruairí, Niamh agus Dara.

Spreagtha ag easpa leabhair Ghaeilge do pháistí, scríobh sé An Bealach Rúnda a chuimsigh idir scéal agus amhráin in 1969. Foilsíodh 27 leabhar dá chuid ó 1965 go 2016, leabhair do pháistí (péire acu i gcomhar le hOisín Ó hEartáin, garmhac leis), leabhair d’fhoghlaimeoirí fásta agus do dhéagóirí, úrscéalta, drámaí, filíocht, leabhair thaistil agus aistriúcháin ón mBreatnais ina measc. Déanann sé léaráidí do chuid dá leabhair freisin. Bhain sé duaiseanna litríochta amach ag Mod na hAlban, ag Oireachtas Gaeilge Cheanada, agus mórán ag Oireachtas na Gaeilge, agus bronnadh Gradam Liteartha an Oireachtais air in 2011. Roghnaíodh é mar Uachtarán ar Oireachtas Cheanada anuraidh.

Chaith sé tréimhse ag obair i Londain, áit a raibh sé ina Rúnaí ar Chraobh Chonradh na Gaeilge leis, agus bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha in Éirinn. Bhí sé páirteach i bhfeachtas Chonradh na Gaeilge le go mbunófaí stáisiún teilifíse chun seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge sa bhliain 1985. Lena laghad cláracha Gaeilge á chraoladh ar RTÉ ag an am, dhiúltaigh Brian Ó Baoill ceadúnas teilifíse a íoc mar chuid den fheachtas. Tugadh é os comhair na cúirte sa Spidéal i 1985 agus nuair a dhiúltaigh sé an fhíneáil a gearradh air a íoc, gabhadh é agus chaith sé tréimhse i bpríosún an samhradh sin.

Ghlac Brian páirt mhór i mbunú Scoil Neasáin atá lonnaithe i mBaile Harmain i mBaile Átha Cliath 5 thart ar 50 bliain ó shin chomh maith. Ba í Scoil Neasáin an chéad Ghaelscoil nua i mBaile Átha Cliath a bunaíodh i ndiaidh Scoil Lorcáin ar an gCarraig Dhubh, agus spreag a bunaithe roinnt Ghaelscoileanna eile ar fud na cathrach sna blianta beaga ina dhiaidh sin, go háirithe i nDún Droma agus i mBaile Munna. Is leis na tuismitheoirí reatha úinéireacht Scoil Neasáin trí chuideachta neamhbhrabasúil Gaeloideas agus bé Brian an chéad chathaoirleach ar Ghaeloideas.

Is cuntasóir cáilithe é Brian freisin. D’oibrigh sé leis an mBanc Ibeirneach, Baile Mhic Andáin; leis an gcomhlacht Unilever agus le Plessey i Sasana; le Rio Tinto i gCeanada; agus le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, le Gael-Linn, le Glór na nGael, le hÚdarás na Gaeltachta, agus le TG4 in Éirinn. Tuilleadh eolais: www.portraidi.ie/ga/brian-o-baoill/

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge