bliain na gaeilge 2018

Ní Mór don Chúirt Gníomh A Dhéanamh In Éagmais Ghníomh an Fheidhmeannais

Cás Cúirte i gCoinne an FheidhmeannaisÉisteacht iomlán d’athbhreithniú breithiúnach Chonradh na Gaeilge san Ard-Chúirt i mBéal Feirste de thairbhe theip an Fheidhmeannais glacadh leis an Straitéis Ghaeilge ó thuaidh

Bhí éisteacht iomlán ag Athbhreithniú Breithiúnach san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu (8 Feabhra 2017) de thairbhe theip an Fheidhmeannais glacadh leis an Straitéis Ghaeilge (2015-35) faoi mar a gealladh i gcomhaontú Chill Rimhinn (2006) agus i gClár Rialtais an Fheidhmeannas 2011-2015.  Baineann an cás fosta le teip an Fheidhmeannais alt 28d d’Acht TÉ 1998 a chur i bhfeidhm. Fuair Conradh na Gaeilge ‘Cead na Cúirte’ i mí na Bealtaine 2016.

Chruinnigh páistí ó Gaelscoileanna áitiúla taobh amuigh den Ard Chúirt leis an Dream Dearg chun tacú leis an chás ar son na Straitéise Gaeilge.

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill:

“Ghlac Conradh na Gaeilge ról fíor-ghníomhach i gcomhairliúchán Roinn CEF ar an Straitéis, mar a rinne go leor eile laistigh de phobal na Gaeilge. Tá muid ag fanacht breis agus 10 mbliana leis seo agus tá cuid mhór frustrachais sa phobal de dheasca theip an fheidhmeannais seo a chur i bhfeidhm. Tá muid ag caint ar rudaí simplí bunúsacha anseo, a bhaineann le páistí, an Ghaeilge sa bhaile, infheictheacht na teanga srl; rudaí a mbeidh tionchar sodhearfa soléirithe acu do daoine sin ar suim leo a saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Ní Mór don Chúirt Gníomh a dhéanamh in éagmais Ghníomh an Fheidhmeannais”.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge agus Ionadaí do ‘An Dream Dearg’:

“Cuireann muid fáilte roimh an deis a thug an Ard Chúirt dúinn dúshlán an fheidhmeannais a thabhairt ar cheist seo na straitéise. Ní féidir le Stormont neamhaird a dhéanamh de phríomh-dhualgas dlíthiúil atá orthu ó chomhaontú idirnáisiúnta atá anois mar dhlúthchuid den phróiseas síochána; dualgas a bhí aontaithe fosta i gClár Rialtais an fheidhmeannais féin 2011-15. Tá sé rí-thábhachtach go mbeidh straitéis ann chun cur chun cinn na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint de réir mar a thagann méadú ar phobal na Gaeilge agus á gcearta á n-éileamh acu. Ní féidir le Stormont neamhaird a dhéanamh ar phobal na Gaeilge – anois an t-am don reachtaíocht.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge