bliain na gaeilge 2018

Dul Chun Cinn don Ghaeilge fógartha inniu ag an Rialtas

Géarghá, áfach, cur leis an maoiniú do Phlean Infheistíochta Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta beaga os ár gcomhair

GaelVótaTá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an mhaoiniú breise d’Fhoras na Gaeilge, a d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Seán Kyne, ar maidin.

Ag tagairt don mhaoiniú breise dúirt Uachtarán an Chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill:

“Tá tábhacht leis an gcinneadh seo mar léiríonn sé go bhfuil deireadh tagtha anois leis an slad seasta a bhí á dhéanamh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus go bhfuil tús á chur le próiseas chun na ciorruithe móra déanta le tamall de bhlianta a aisiompú agus an maoiniú riachtanach a chur ar fáil do phobal na Gaeilge chun an teanga a neartú sa phobal.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn:

“Tá sé riachtanach anois go gcaithfear an maoiniú breise ar ghnéithe den phlean infheistíochta, atá aontaithe ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre, chomh maith le cuid de na ciorruithe a rinneadh le déanaí a aisiompú. Léiríonn an obair déanta ag na ngrúpaí seo an tairbhe is féidir a bhaint as infheistíocht bhreise sa Ghaeilge, infheistíocht a rachaidh chun croí an phobail. Is mar thoradh ar obair na ngrúpaí seo freisin, ach go háirithe an feachtas stocaireachta a throid siad le breis agus bliain anuas, go bhfuil an maoiniú breise seo curtha ar fáil. Caithfidh na grúpaí seo toradh na hoibre sin a fheiceáil anois ina bpobail féin.”

Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag plé leis an Aire Stáit, leis an Taoiseach agus leis an Rialtas trí chéile lena cinntiú go gcuirfear leis an maoiniú Fhoras na Gaeilge, mar aon le maoiniú d’Údarás na Gaeltachta, sna bliana beaga os ár gcomhair lena cinntiú gur féidir an plean infheistíochta sa Ghaeilge atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre a chur i bhfeidhm sna blianta beaga romhainn. Chruthódh maoiniú agus cur i bhfeidhm an phlean céanna breis is 1,000 post agus chuirfeadh sé an-chuid deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal.

Beidh Conradh na Gaeilge ag labhairt le Foras na Gaeilge chun an leas is fearr a bhaint as an maoiniú breise seo agus le cinntiú go gcaithfear é ar an bplean infheistíochta agus aisiopmú ciorruithe.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

Plean infheistíochta na Gaeilge & na Gaeltachta arna aontú ag 80+ grúpa pobail & údarás: http://bit.ly/pleaninfheistiochta

Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta go mór le blianta beaga anuas, fad agus a leathnaíodh na réimsí oibre s’acu agus cuireadh cúraimí breise orthu chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a chur chun cinn ag an am céanna. Bhain impleachtaí móra le polasaithe agus le reachtaíocht rialtais nua cosúil leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 ó dheas, agus An Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ó thuaidh ar acmhainní an Fhorais agus an Údaráis araon; níor cuireadh na hacmhainní breise a bhí riachtanach do chur i bhfeidhm na gclár seo ar fáil do na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta, ach a mhalairt áfach – laghdaíodh na buiséid s’acu go suntasach le blianta beaga anuas.

10 gCúis Gur Chóir Tacú leis an bPlean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta:

1. Tacaíonn tromlach na ndaoine leis an nGaeilge.1
2. Léirítear sna figiúir dhaonáirimh go bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge ag dhá mhilliún duine in Éirinn.2
3. Léirítear i suirbhé go bhfuil an pobal ar aon intinn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil.3
4. Tá Conradh na Gaeilge agus breis ‘s 70 grúpa ar lorg €5 mhilliún níos ísle ná an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2008.
5. Níl ach idir 1.2% agus 1.5% d’airgead breise an Rialtais ó dheas in 2016 á lorg ag Conradh na Gaeilge agus breis ‘s 70 grúpa.
6. Cúraimí agus dualgais bhreise ar Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta gan acmhainní breise.
7. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ó ghrúpaí pobail.
8. D’fhéadfaí breis agus 1,160 post a chruthú leis an maoiniú atá á lorg.
9. Bheadh tionchar dearfach aige seo ar gheilleagar an oileáin agus le forbairt gheilleagrach an oileáin.4
10. Caithfidh na rialtais tosaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus muid ag druidim i dtreo 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge.

1 ESRI & ÓÉ Maigh Nuad, 2009; ESRI, 2015.
2 Daonáireamh 2011.
3 Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015.
4 Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015; Economic benefits associated with the Irish language which accrue to Galway City and to the Galway Gaeltacht, Gaillimh le Gaeilge, 2009.

Roinnt torthaí ábhartha ón suirbhé uile-oileánda Éireann, Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, arna reáchtáil ag Paul Moran ó Millward Brown ar son Chonradh na Gaeilge in 2015:

1. “The State should provide more support for the Irish language.”
a. Ó dheas = 61% a d’aontaigh, 18% nár aontaigh
b. Ó thuaidh = 48% a d’aontaigh, 28% nár aontaigh

2. “Services provided by the State should be made available through Irish for those who wish to use them.”
a. Ó dheas = 70% a d’aontaigh, 13% nár aontaigh
b. Ó thuaidh = 54% a d’aontaigh, 26% nár aontaigh

3. ““The Irish language is a unique resource which can make a positive contribution to the economic development of this island.”
a. Ó dheas = 53% a d’aontaigh, 22% nár aontaigh
b. Ó thuaidh = 46% a d’aontaigh, 27% nár aontaigh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge