Cuirfidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, fáilte roimh an seachtar rannchuiditheoirí a chruthaigh agus a d’aistrigh an cúrsa Gaeilge ar Duolingo, in Áras an Uachtaráin inniu (Dé hAoine, 25 Samhain 2016). Tá imeacht speisialta á reáchtáil san Áras le haitheantas a thabhairt dóibh as an méid atá bainte amach acu don Ghaeilge.
Ó cuireadh an cúrsa Gaeilge ar fáil breis agus dhá bhliain ó shin, tá 2.3 milliún duine tar éis úsáid a bhaint as Duolingo le Gaeilge a fhoghlaim. Mar thoradh air seo, tá an Ghaeilge i measc na ndeich dteanga is mó tóir ar Duolingo, le formhór na bhfoghlaimeoirí nua lonnaithe sna Stáit Aontaithe.
Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge comhghairdeas a ghabháil leis an seachtar rannchuiditheoirí as ucht an ghaisce éachtaigh seo a bhaint amach. De bharr a gcuid oibre, tá 2.3 milliún duine ag foghlaim na Gaeilge le dhá bhliain anuas; is toradh dochreidte é seo. Is féidir dea-thionchar an chúrsa Gaeilge a fheiceáil leis an ardú spéise inár gcuid oibre agus sinn ag cur na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear. A bhuíochas leis an gcomhoibriú idir na rannchuiditheoirí agus Duolingo, tá sé níos éasca agus níos spraíúla ná riamh an Ghaeilge a fhoghlaim.”
Deir Oisín Ó Doinn, Scoláire de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn agus rannchuiditheoir le cúrsa Gaeilge Duolingo:
“Is ardú meanma é domsa an oiread seo daoine a fheiceáil ag baint tairbhe as cúrsa Gaeilge saor in aisce agus mé ag obair air le dhá bhliain go leith anuas. Is fiú go mór an obair dhian, dhícheallach atá á déanamh againn nuair a fheictear an t-éileamh idirnáisiúnta atá ar an gcúrsa agus go bhfuil 3,000 duine nua á úsáid in aghaidh an lae.”
Dúirt Gina Gotthilf, Leas Uachtarán Um Fhorbairt Duolingo:
“Ó bhunaíomar Duolingo ceithre bliana ó shin, tá 87 cúrsa seolta againn le hoideachas a sholáthar saor in aisce do bhreis agus 150 milliún foghlaimeoir. Táimid bródúil as obair na rannchuiditheoirí a chruthaigh an cúrsa Gaeilge, agus ríméadach le bheith páirteach in athbheochan na teanga áille seo, agus ag cuidiú le pobail labhartha nua a chruthú don 21ú aois.”
Beidh idir ionadaithe ó Duolingo, ó Chonradh na Gaeilge agus rannchuiditheoirí an chúrsa i láthair ag an bhfáiltiú in Áras an Uachtaráin ar maidin le bualadh le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus le labhairt leis faoin gcur chun cinn atá idir lámha acu ar son na Gaeilge. Cuirfidh Conradh na Gaeilge tús le scéim gradam faoi leith chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn acu i 2017.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
- Tá 2.3 milliún duine ag baint úsáide as cúrsa Gaeilge Duolingo faoi láthair (25 Samhain 2016).
- Tá an Ghaeilge ar cheann de na 10 dteanga is mó tóir ar Duolingo fud fad an domhain.
- Cuireadh tús leis an gcúrsa Gaeilge ar Duolingo dhá bhliain ó shin buíochas le seachtar rannchuiditheoirí mar aon le tacaíocht ó fhoireann Duolingo.
- Is as na Stáit Aontaithe do 53% de na foghlaimeoirí, 23% as Éirinn, 10% as an Ríocht Aontaithe agus 5% ó Cheanada.
- Tá Duolingo ar an bhfód le ceithre bliana anuas & tá 150 milliún duine tar éis úsáid a bhaint as cuid den 87 cúrsa atá acu.
- Fógraíodh an cúrsa Gaeilge ar Lá Fhéile Pádraig 2014 agus seoladh go beta é ar 25 Lúnasa 2014.
- Ainmníodh Duolingo mar Aip na Bliana ag Apple in 2013 agus í mar an aip oideachasúil is mó íoslódáilte ar Google Play i 2013 agus 2014.
- De réir taighde a rinne Ollscoil Chathair Nua Eabhrac, is ionann 34 uair ar Duolingo agus seimeastar d’oideachas teanga.
