Skip to main content

#SEAS16 don Teanga: Polaiteoirí Á dTreorú Chun Tacú leis an Ghaeilge

31 CTR ó 5 Pháirtí i láthair agus Aisiompú ar chiorraithe & infheistíocht bhreise á lorg don Ghaeilge ag Seisiún Eolais & Spreagtha arna eagrú ag Conradh na Gaeilge inné i mBéal Feirste

An tAire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir CTR le Julian de Spáinn, John O'Dowd CTR, Ursula Ní Shabhaois agus Seán Ó hAdhmaill ó Chonradh na Gaeilge ag #SEAS16

Bhuail 31 Chomhalta an Tionóil Reachtaigh ó thuaidh le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ionadaithe áitiúla inné ag #SEAS16 (Seisiún Eolais agus Spreagtha 2016). Bhí CTR ann ó 5 Pháirtí éagsúla; Páirtí na Comhghuaillíochta, Pobal Roimh Bhrabús, SDLP, Sinn Féin, UUP, i láthair ag an ócáid in Óstán Stormont inné (11 Deireadh Fómhair 2016).

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar na CTR ó thuaidh na ciorruithe díobhálacha a rinneadh ar earnáil na Gaeilge le blianta beaga anuas a aisiompú, agus infheistíocht bhreise a cheadú de réir plean atá aontaithe ag breis agus 80 grúpa Gaeilge. Rinneadh plé fosta ar Straitéis na Gaeilge agus treisíodh tábhacht fhorbairt na Gaelscolaíochta le linn na gcruinnithe, i measc riachtanais áitiúla eile a clúdaíodh ar an lá.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge 30% ó 2008, agus creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil sé thar am ag an Rialtas na ciorruithe díobhálacha sin, a bhfuil impleachtaí tubaisteacha pobail ag baint leo agus ata ag fágáil tionscadail rathúla reatha i mbaol, a aisiompú agus infheistíocht mar is ceart agus mar is cóir a dhéanamh sa Ghaeilge.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“D’fhéadfaí breis agus 123 post a chruthú ó thuaidh dá gcuirfí an plean infheistíochta seo i bhfeidhm, ag tosú le £510,300 ón státchiste ó thuaidh sa bhliain 2017. Is plean arna aontú ag breis agus 80 grúpa Gaeilge é an plean seo, agus tá tacaíocht 45 CTR ann don phlean seo, plean atá ag teacht le gealltanais an Fheidhmeannais i dtaca le spreagadh agus cur chun cinn na Gaeilge de.”

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Fheidhmeannas agus ar Rialtas na hÉireann araon dul siar ar na ciorruithe seo, a bhfuil na himpleachtaí tromchúiseacha ag baint leo, maidir le scéimeanna teanga agus pobail ó thuaidh, ar nós: laghdaithe 40% ar bhuiséad Sheachtain na Gaeilge; laghdú 40% ar bhuiséad Scéim na nImeachtaí Óige agus gearradh siar suntasach ar bhuiséad na Scéimeanna Pobail Gaeilge, rud a fhágann na fostaithe s’acu ag feidhmiú ar 4 lá sa tseachtain.

TUILLEADH EOLAIS:

Plean infheistíochta na Gaeilge & na Gaeltachta arna aontú ag 80+ grúpa pobail & údarás: http://bit.ly/pleaninfheistiochta

Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta go mór le blianta beaga anuas, fad agus a leathnaíodh na réimsí oibre s’acu agus cuireadh cúraimí breise orthu chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a chur chun cinn ag an am céanna. Bhain impleachtaí móra le polasaithe agus le reachtaíocht rialtais nua cosúil leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 ó dheas, agus An Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ó thuaidh ar acmhainní an Fhorais agus an Údaráis araon; níor cuireadh na hacmhainní breise a bhí riachtanach do chur i bhfeidhm na gclár seo ar fáil do na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta, ach a mhalairt áfach – laghdaíodh na buiséid s’acu go suntasach le blianta beaga anuas.

Roinnt torthaí ábhartha ón suirbhé uile-oileánda Éireann, Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, arna reáchtáil ag Paul Moran ó Millward Brown ar son Chonradh na Gaeilge in 2015:

1. “The State should provide more support for the Irish language.”
a. Ó dheas = 61% a d’aontaigh, 18% nár aontaigh
b. Ó thuaidh = 48% a d’aontaigh, 28% nár aontaigh

2. “Services provided by the State should be made available through Irish for those who wish to use them.”
a. Ó dheas = 70% a d’aontaigh, 13% nár aontaigh
b. Ó thuaidh = 54% a d’aontaigh, 26% nár aontaigh

3. ““The Irish language is a unique resource which can make a positive contribution to the economic development of this island.”
a. Ó dheas = 53% a d’aontaigh, 22% nár aontaigh
b. Ó thuaidh = 46% a d’aontaigh, 27% nár aontaigh

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.