#SEAS16 don Teanga: Teachtaí Dála & Seanadóirí Á dTreorú Chun Infheistíocht A Dhéanamh sa Ghaeilge & sa Ghaeltacht

Aisiompú ar chiorraithe & infheistíocht níos lú ná 2008 á lorg i gCáinaisnéis 2017 ag Seisiún Eolais & Spreagtha arna eagrú ag Conradh na Gaeilge le polaiteoirí

An tAire Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta, Heather Humphreys TD, le Julian de Spáinn, Louise Ní Fhearghail, agus Síomha Ní Ruairc ó Chonradh na Gaeilge ag #SEAS16 i mBaile Átha Cliath

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Theachtaí Dála agus ar Sheanadóirí na ciorruithe díobhálacha a rinneadh ar earnáil na Gaeilge le blianta beaga anuas a aisiompú, agus infheistíocht atá €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a fuair na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta in 2008 a chur ar fáil i gCáinaisnéis 2017 agus ócáid stocaireachta #SEAS16 faoi lánseol inniu (5 Deireadh Fómhair 2016).

Tá #SEAS16 – seisiún eolais agus spreagtha maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath, ó 8.00rn – 3.30in inniu chun éilimh réamhthoghcháin agus plean infheistíochta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur os comhair na bpolaiteoirí in am don Cháinaisnéis ó dheas an tseachtain seo chugainn. Beidh #SEAS16 ar siúl do Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh in Óstán Stormont, Béal Feirste, ó 8.30rn – 4.00in Dé Máirt seo chugainn (11 Deireadh Fómhair 2016) chomh maith.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Laghdaíodh buiséad na n-údarás Gaeilge agus Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015, agus creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil sé thar am ag an Rialtas na ciorruithe díobhálacha sin a aisiompú agus infheistíocht mar is ceart agus mar is cóir a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2017.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“D’fhéadfaí breis agus 1,175 post a chruthú dá gcuirfeadh na Rialtais thuaidh theas na hacmhainní cuí ar fáil leis an bplean infheistíochta seo a chur i bhfeidhm, ag tosú le €4.5 milliún don bhliain 2017. Is plean arna aontú ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta é an plean seo, agus tá tacaíocht móramh na dTeachtaí Dála aige cheana féin.”

Tá ionadaithe áitiúla ó na toghcheantair éagsúla i láthair in Óstán Buswells le bualadh le Teachtaí Dála agus le Seanadóirí an Oireachtais ag ócáid stocaireachta Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath inniu, agus le plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar chlár na Cáinaisnéise 2017 ó dheas.

Pléifidh ionadaithe an Chonartha agus ionadaithe áitiúla araon an dul chun cinn atá déanta leis an teanga a chur chun cinn go dtí seo, agus cén tairbhe a bheidh sa phlean infheistíochta do thoghcheantair na bpolaiteoirí féin ag an seisiún eolais agus spreagtha #SEAS16 inniu.

TUILLEADH EOLAIS:

Plean infheistíochta na Gaeilge & na Gaeltachta arna aontú ag 80+ grúpa pobail & údarás: http://bit.ly/pleaninfheistiochta

Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta go mór le blianta beaga anuas, fad agus a leathnaíodh na réimsí oibre s’acu agus cuireadh cúraimí breise orthu chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a chur chun cinn ag an am céanna. Bhain impleachtaí móra le polasaithe agus le reachtaíocht rialtais nua cosúil leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 ó dheas, agus An Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ó thuaidh ar acmhainní an Fhorais agus an Údaráis araon; níor cuireadh na hacmhainní breise a bhí riachtanach do chur i bhfeidhm na gclár seo ar fáil do na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta, ach a mhalairt áfach – laghdaíodh na buiséid s’acu go suntasach le blianta beaga anuas.

10 gCúis Gur Chóir Tacú leis an bPlean Infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta:

  1. Tacaíonn tromlach na ndaoine leis an nGaeilge.1
  2. Léirítear sna figiúir dhaonáirimh go bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge ag dhá mhilliún duine in Éirinn.2
  3. Léirítear i suirbhé go bhfuil an pobal ar aon intinn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil.3
  4. Tá Conradh na Gaeilge agus breis ‘s 70 grúpa ar lorg €5 mhilliún níos ísle ná an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2008.
  5. Níl ach idir 1.2% agus 1.5% d’airgead breise an Rialtais ó dheas in 2016 á lorg ag Conradh na Gaeilge agus breis ‘s 70 grúpa.
  6. Cúraimí agus dualgais bhreise ar Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta gan acmhainní breise.
  7. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ó ghrúpaí pobail.
  8. D’fhéadfaí breis agus 1,160 post a chruthú leis an maoiniú atá á lorg.
  9. Bheadh tionchar dearfach aige seo ar gheilleagar an oileáin agus le forbairt gheilleagrach an oileáin.4
  10. Caithfidh na rialtais tosaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus muid ag druidim i dtreo 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge.

1 ESRI & ÓÉ Maigh Nuad, 2009; ESRI, 2015.
2 Daonáireamh 2011.
3 Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015.
4 Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, Millward Brown, 2015; Economic benefits associated with the Irish language which accrue to Galway City and to the Galway Gaeltacht, Gaillimh le Gaeilge, 2009.

Roinnt torthaí ábhartha ón suirbhé uile-oileánda Éireann, Attitudes towards the Irish Language and Irish language policy, arna reáchtáil ag Paul Moran ó Millward Brown ar son Chonradh na Gaeilge in 2015:

1. “The State should provide more support for the Irish language.”
a. Ó dheas = 61% a d’aontaigh, 18% nár aontaigh
b. Ó thuaidh = 48% a d’aontaigh, 28% nár aontaigh

2. “Services provided by the State should be made available through Irish for those who wish to use them.”
a. Ó dheas = 70% a d’aontaigh, 13% nár aontaigh
b. Ó thuaidh = 54% a d’aontaigh, 26% nár aontaigh

3. ““The Irish language is a unique resource which can make a positive contribution to the economic development of this island.”
a. Ó dheas = 53% a d’aontaigh, 22% nár aontaigh
b. Ó thuaidh = 46% a d’aontaigh, 27% nár aontaigh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge