Idir dhíomá agus fhearg ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndiaidh fhógairt Cháinaisnéis 2017

Deis fós ag an Rialtas an rud ceart a dhéanamh agus cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Cáinaisnéis 2017Tá sé ríshoiléir ón aiseolas ó phobal Gaeilge agus Gaeltachta go bhfuil an Rialtas ó dheas tar éis pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a ligean síos go dona i gCáinaisnéis 2017, faoi mar a fógraíodh í inné (11 Deireadh Fómhair 2016). D’aontaigh 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta plean infheistíocht le 1,175+ post a chruthú agus go leor deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal, ach de réir na cáinaisnéise, níl an Rialtas sásta fiú an chéad chuid den phlean a mhaoiniú ar €4.5 milliún. Moladh go ndéanfaí an plean seo a mhaoiniú trí chuid de na ciorruithe a rinneadh ar na húdaráis Gaeilge agus Gaeltachta ó 2008 a aisiompú.

Ar an iomlán, tá buiséad Fhoras na Gaeilge móide ciste caipitil Údarás na Gaeltachta, atá ceaptha le fostaíocht a chruthú sna ceantair Ghaeltachta, laghdaithe breis is 50% ó bhí 2008 ann. Tá €0 sa bhreis fógartha ag an Rialtas don dá bhuiséad ríthábhachtacha seo don bhliain 2017. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ar Fhoras na Gaeilge leanúint leis na ciorruithe ar thionscadail pobail leis an nGaeilge a chur chun cinn, agus nach mbeidh an tÚdarás ag cruthú fostaíochta breise as an nua sa Ghaeltacht in 2017; tá sé i gceist ag an Rialtas an líon daoine fostaithe le tacaíocht ón Údarás a choinneáil ag 7,000 post, dar leis le cáipéis na cáinaisnéise féin.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Aithním go ndearna an tAire Stáit Seán Kyne iarracht dul i bhfeidhm ar an Rialtas agus an maoiniú atá ag teastáil don phlean infheistíochta a bhaint amach, plean atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta le breis is 1,175 post a chruthú agus le go leor deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Níl an Rialtas, faraor, tar éis cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge ná don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2017; níl siad tar éis an plean infheistíochta a mhaoiniú ná cuid de na ciorruithe díobhálacha a rinneadh ar phobal na Gaeilge le blianta beaga anuas a aisiompú. Tá beagán de mhaoiniú sa bhreis curtha ar fáil don Roinn Gaeltachta agus d’Údarás na Gaeltachta, ach ní bhaineann an chuid is mó den mhaoiniú seo leis an bplean infheistíochta agus is beag an tsuim í le tabhairt faoi na dúshláin sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá deis fós ag an Rialtas seo cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Sna meastacháin athbhreithnithe a rachaidh os comhair na Dála sna seachtainí os ár gcomhair, is féidir leo an €1.4 milliúin sa bhreis atá á thabhairt acu d’Údarás na Gaeltachta in 2016 a chur ar fáil arís do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta in 2017, .i. go mbeadh €8 milliún sa bhuiséad ag an Údarás in 2017 le fostaíocht bhreise nua a chruthú. Chomh maith leis sin, is féidir leis an Rialtas ó dheas a fhógairt go gcuirfidh siad €2.5 milliún ar fáil d’Fhoras na Gaeilge leis an gcéad chuid den phlean infheistíochta, arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, a chur i bhfeidhm.”

PLEAN INFHEISTÍOCHTA PHOBAL NA GAEILGE & NA GAELTACHTA:

CÉN FÁTH GUR CHÓIR €18 MILLIÚN A INFHEISTIÚ SA PHLEAN INFHEISTÍOCHTA THAR 3 BLIANA?

  • Chruthódh an infheistíocht seo breis is 1,175 post agus chuirfeadh sé deiseanna leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fáil i ngach dáilcheantar
  • Fiú leis an maoiniú breise seo, bheadh €5 mhilliún níos lú ag na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta ná mar a bhí acu in 2008 (laghdaíodh buiséad na n-údarás Gaeilge agus Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015)
  • Aontaíonn móramh de na Teachtaí Dála (84 Teachta Dála) a toghadh san olltoghchán le déanaí gur chóir €18 milliún a infheistiú sa phlean seo arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta
  • Tá an plean ag teacht le Clár an Rialtais, áit a deirtear go méadóidh an Rialtas an infheistíocht sa Ghaeilge
  • Tá an pobal ar aon intinn linn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil don teanga. Léirítear i suirbhé Millward Brown a ndeachthas ina bhun in Eanáir 2015, go n-aontaíonn 61% den phobal ó dheas gur chóir don stát tacaíocht bhreise a chur ar fáil don Ghaeilge, áit nach raibh ach 18% ina choinne
  • Neartódh agus bhuanódh an plean infheistíochta obair reatha atá ag déanamh an-difir sa phobal

CÉN SAGHAS INFHEISTIÚ ATÁ I GCEIST SA PHLEAN INFHEISTÍOCHTA?

  1. Bheadh maoiniú ar fáil le plean teanga a chur i bhfeidhm i gceantair ar fud an oileáin (le deiseanna úsáide Gaeilge agus deiseanna foghlama Gaeilge á gcur ar fáil ar bhonn pleanáilte) – agus i gcás na Gaeltachta, bheadh maoiniú ar fáil leis an gcóras pleanála teanga a mhaoiniú i ngach limistéir pleanála teanga
  2. Bheadh an fhéidearthacht ann maoiniú a aimsiú le lárionaid Ghaeilge a bhunú sna príomhbhailte, rud a chuirfeadh réimse mór seirbhísí ar fáil don phobal (m.sh. ranganna, caifelann, clubanna óige, nó eile)
  3. Bheadh deis ann daoine a fhostú leis na pleananna teanga a chomhordú agus leis na lárionaid a riaradh
  4. Thabharfaí deis do theaghlaigh – go háirithe iad siúd ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste airgeadais – scoláireachtaí a fháil lena bpáistí nó leis an teaghlach iomlán a chur chun na Gaeltachta
  5. Bheadh deis ann maoiniú a fháil le hionaid chúram leanaí a bhunú chun seirbhís naíolainne agus eile a chur ar fáil do pháistí atá á dtógáil trí Ghaeilge ó aois bhreithe go haois scoile agus bheadh maoiniú ann le tacú leis an bpobal Gaelscolaíochta

SAMPLAÍ DE NA CIORRUITHE LE BLIAIN ANUAS:

  • Laghdaíodh buiséad eagrúcháin Sheachtain na Gaeilge 40% in 2016 ó 2015, rud a d’fhág nach bhféadfaí an tacaíocht chéanna a chur ar fáil don 200+ grúpa agus 4,000+ scoil a eagraíonn imeachtaí i ngach contae sa tír agus thar lear mar chuid den fhéile fhéile Ghaeilge is mó sa tír gach bliain
  • Laghdaíodh Scéim na nImeachtaí Óige 40% in 2016 ó 2015
  • Tá ganntanas maoinithe ann leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht, sna líonraí Gaeilge , agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta
  • Laghdaíodh líon na gcampaí samhraidh Gaeilge maoinithe 35% ó 92 in 2015 go 59 in 2016
  • Cuireadh fostaithe na Scéimeanna Pobail Gaeilge ar 4 lá oibre sa tseachtain
  • Tá Baile Locha Riach, atá aitheanta ag Foras na Gaeilge mar cheann den 5 líonra Gaeilge sa phróiseas phleanála teanga náisiúnta, fágtha gan Scéim Phobail Gaeilge chun an obair seo a bhainistiú

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge