Skip to main content

Léiríonn Cás Uí Bhruic an géarghá le foráil don Ghaeilge a áireamh i reachtaíocht fostaíochta

Cormac Ó BruicCosaint reachtaíochta á héileamh ag Conradh na Gaeilge do chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa láthair oibre

Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil éagóir déanta ar Chormaic Ó Bruic, fear as Corca Dhuibhne ar éirigh as a phost mar fhear beáir sa teach tábhairne The Flying Enterprise i gCorcaigh toisc gur cuireadh cosc air Gaeilge a labhairt ann an mhí seo caite.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Creideann Conradh na Gaeilge gur drochscéal é gur mhothaigh fear Gaeltachta go raibh éirí as a phost de bharr Gaeilge a labhairt. Léiríonn cás Uí Bhruic go bhfuil géarghá foráil don Ghaeilge a áireamh sa reachtaíocht chuí chun pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chosaint ó idirdhealú ar fhorais teanga sa láthair oibre de bharr úsáid phríomhtheanga oifigiúil an stáit. Is trua an scéal go bhfuil bac á chur ag comhlacht ar fhostaí plé leis an bpobal i dteanga oifigiúil na hÉireann, más toill na gcustaiméirí sin é.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar bhainistíocht The Flying Enterprise a chinntiú nach gcuirfear cosc ar fhostaithe leas a bhaint as ceachtar de dhá theanga oifigiúla na hÉireann san ionad oibre amach anseo, agus tacaíonn le Cormac Ó Bruic as an seasamh a ghlac sé nuair a tugadh rabhadh dó gan Gaeilge a labhairt sa teach tábhairne.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is deacair a chreidiúint go mbeadh aon amhras ann fiú, nach mbeadh cead ag fostaí chéad theanga oifigiúil na hÉireann a labhairt in Éirinn gan bagairt go mbrisfí as a bpost iad sa lá atá inniu ann.

“Ba chóir go ndéanfaí an reachtaíocht chuí a leasú – bíodh sé sin an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta nó Acht na dTeangacha Oifigiúla nó eile – le go mbeadh cead ag gach fostaí an Ghaeilge a úsáid sa láthair oibre agus go mbeadh cumhacht ag an gCoimisinéir Teanga leithcheal amhlaidh chás Uí Bhruic a iniúchadh. Cuirfidh Conradh na Gaeilge an cás chun cosaint a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa láthair oibre os comhair na bpolaiteoirí san fhómhar.”

Dar leis an taighde Céard É An Scéal? a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge i mí na Nollag 2015, aontaíonn 42% den phobal ó dheas go dtugann an Ghaeilge pointe uathúil díolacháin do ghnólachtaí. Leanann de Spáinn:

“Is trua go bhfuil seasamh in aghaidh úsáid na Gaeilge glactha ag bainistíocht The Flying Enterprise sa chás seo, ní amháin ar chúiseanna chearta daonna ach chomh maith leis sin, is léir nach bhfeiceann siad an buntáiste a d’fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh dá gcuirfidís an Ghaeilge chun cinn. Tá an Ghaeilge á tógáil san áireamh ag níos mó agus níos mó comhlachtaí ar fud an domhain ina modhanna gnó mar go n-aithnítear an buntáiste iomaíoch a thugann an Ghaeilge dá ngnónna.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.