Forógra Ionadaithe Phobail na Mionteangacha i nDiaidh Brexit
I ndiaidh ceisteanna teanga in oileán na hÉireann agus na Breataine a phlé san Eisteddfod Genedlaethol sa Fenni (Abergavenny) an tseachtain seo caite, tá grúpaí teanga dúchais as an Bhreatain Bheag, as Corn na Breataine, ó thuaidh in Éirinn, agus in Albain tar éis forógra teanga a shíniú agus fuarthas tacaíocht dó in Oileán Mhanann freisin.
Maítear san fhorógra go mbeidh na pobail theanga seo ag obair le chéile chun todhchaí chothrom dá dteangacha a chinntiú taobh istigh den chóras nua a thiocfaidh sna salaí ar thoradh Brexit an reifrinn. Dá réir sin, déanann na grúpaí uilig cáineadh ar an chinneadh a rinneadh le gairid ar mhaoiniú don Choirnis a chealú.