Éilíonn Conradh na Gaeilge ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann ceist Acht na Gaeilge a chur ar an chlár athuair agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar
Foilsíodh an 6ú Tuarascáil Thréimhsiúil de chuid an Choiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha (CESCR), a dhéanann imscrúdú ar chur i bhfeidhm ‘An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha’ (ICESCR), inné (27 Meitheamh 2016). Mar chuid den imscrúdú, rinneadh grinn-fhiosrúchán maidir le feidhmeanna oibre Rialtas na Breataine i dtaobh chur i bhfeidhm an Chúnaint. Cé gur dhiúltaigh ionadaí Rialtas na Breataine an cheist maidir le reachtaíocht cheart-bhunaithe don Ghaeilge a fhreagairt an tseachtain seo caite (15-16 Meitheamh 2016), tugtar le fios go sonrach i dTuarascáil ICESCR gur ábhar imní don Choiste an easpa gnímh atá déanta ag an Stát chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ó thuaidh in Éirinn.
Chuige sin, molann Tuarascáil Thréimhsiúil ICESCR athuair, mar a mhol siad ina 5ú Tuarascáil Thréimhsiúil i Meitheamh 2009, go nglacann an Stát le hAcht Gaeilge
Dúirt Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:
“Seacht mbliana i ndiaidh a dTuarascála deireanaí, a mhol go sonrach do Rialtas na Breataine glacadh le hAcht Gaeilge anseo, tá muid go fóill san áit ina raibh muid. Is léir gur buncheist freagrachta é seo anois, agus an chuma ar an scéal go bhfuil Rialtas na Breataine ag diúltaí moltaí an Choiste seo a chur i bhfeidhm, mar aon lena gcuid coimitmintí idirnáisiúnta don Chúnant seo. Is údar misnigh, áfach, go bhfuil an Coiste seo i mbun monatóireachta ar cheist na Gaeilge anseo, agus go bhfuil sé aitheanta go soiléir acu, ag leibhéal domhanda, go bhfuil ag teip i gcónaí ar Rialtas na Breataine a gcuid dualgas a comhlíonadh i leith na teanga sna sé chontae.”
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:
“Cuireann muid fáilte roimh mholtaí Thuarascála ICESCR a thugann le fios ag leibhéal na Náisiún Aontaithe go bhfuil leatrom á dhéanamh ar phobal na Gaeilge anseo i rith ama. Mar atá fhios ag an domhan mór fan am seo, is cuid lárnach é de Chomhaontú Chill Rìmhinn (2006) í reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh. Deich mbliana thíos an líne tá pobal na Gaeilge go fóill ag sodar i ndiaidh bhunchearta daonna den chineál seo. Tá ról lárnach, agus dualgas reachtúil, ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann, mar chomhshínitheoirí ar an Chomhaontú, beart de réir á mbriathar a dhéanamh sa chás seo."
Lean Mac Giolla Bhéin:
“Is iad na sé chontae an t-aon réigiúin sna hoileáin seo nach bhfuil reachtaíocht cheart-bhunaithe ann don teanga dúchais; ní mór sin a aithint go poiblí agus é a chur ina cheart. Iarann Conradh na Gaeilge ar an dá Rialtas bheith iomlán freagrach as na coimitmintí a thug siad agus Acht teanga a chur ar ais ar an chlár oibre agus é a reachtú ó thuaidh.”
Éilíonn Conradh na Gaeilge ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann araon, mar chomhshínitheoirí ar Chomhaontú Chill Rìmhinn, ceist Acht na Gaeilge a chur ar an chlár athuair agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar sna comhaontaithe agus sna cúnaint áirithe idirnáisiúnta atá déanta acu. Ní mór aird a thabhairt ar mholtaí ICESCR agus iad a chur i bhfeidhm.
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is féidir teacht ar an 6ú Tuarascáil Thréimhsiúil de chuid Coiste Monatóireachta ICESCR anseo: E/C.12/GBR/CO/6. Féach go speisialta leathanach 12:
Irish Language
- 1. The Committee remains concerned about the lack of effective measures adopted by the State party to promote the use of Irish Language in Northern Ireland (art. 15).
- 2. The Committee reiterates its previous recommendation (E/C.12/GBR/CO/5, para. 37) and recommends that the State party adopt an Irish Language Act.
Committee on Economic Social and Cultural Rights: Report on the Forty Second and Forty Third Sessions (4-22 May 2009, 2-20 November 2009):
Leathanigh 62-3: “The Committee recommends that the State party, or the devolved administration of Northern Ireland, adopt an Irish Language Act, with a view to preserving and promoting minority languages and cultural heritage, and invites the state party to provide detailed information on the progress made…”
An raibh a fhios agat?
- Tá Gaeilge éigin ag 10.6% den daonra ó thuaidh de réir Daonáireamh 2011
- Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Mar shampla, tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag ceol as Gaeilge
- Tá níos mó ná 17,000 duine sínithe suas do thionscadal Líofa leis an Ghaeilge a fhoghlaim
- Creideann 54% de dhaoine ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí Gaeilge ar fáil do dhaoine ar mhaith leo iad a úsáid (Céard é an Scéal? Conradh na Gaeilge, 2015)
- Tá níos mó ná 5,000 páiste sa chóras Gaeloideachais faoi láthair, leis míltí eile ag foghlaim na Gaeilge mar dara theanga ar scoileanna eile
- Cuideoidh an plean infheistíochta atá á mholadh againn ar phobal beo bríomhar atá ag fás ar na bealaí seo a leanas:
- Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
- Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin
- Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil