Molann an Coiste, athuair, go nglacann an Stát leis an Acht Gaeilge – Tuairisc Idirnáisiúnta ICESCR seolta & diancháineadh déanta ar Rialtas na Breataine i dtaobh na Gaeilge

Na Náisiúin AontaitheÉilíonn Conradh na Gaeilge ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann ceist Acht na Gaeilge a chur ar an chlár athuair agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar

Foilsíodh an 6ú Tuarascáil Thréimhsiúil de chuid an Choiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha (CESCR), a dhéanann imscrúdú ar chur i bhfeidhm ‘An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha’ (ICESCR), inné (27 Meitheamh 2016). Mar chuid den imscrúdú, rinneadh grinn-fhiosrúchán maidir le feidhmeanna oibre Rialtas na Breataine i dtaobh chur i bhfeidhm an Chúnaint. Cé gur dhiúltaigh ionadaí Rialtas na Breataine an cheist maidir le reachtaíocht cheart-bhunaithe don Ghaeilge a fhreagairt an tseachtain seo caite (15-16 Meitheamh 2016), tugtar le fios go sonrach i dTuarascáil ICESCR gur ábhar imní don Choiste an easpa gnímh atá déanta ag an Stát chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ó thuaidh in Éirinn.

Chuige sin, molann Tuarascáil Thréimhsiúil ICESCR athuair, mar a mhol siad ina 5ú Tuarascáil Thréimhsiúil i Meitheamh 2009, go nglacann an Stát le hAcht Gaeilge

Dúirt Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

“Seacht mbliana i ndiaidh a dTuarascála deireanaí, a mhol go sonrach do Rialtas na Breataine glacadh le hAcht Gaeilge anseo, tá muid go fóill san áit ina raibh muid. Is léir gur buncheist freagrachta é seo anois, agus an chuma ar an scéal go bhfuil Rialtas na Breataine ag diúltaí moltaí an Choiste seo a chur i bhfeidhm, mar aon lena gcuid coimitmintí idirnáisiúnta don Chúnant seo. Is údar misnigh, áfach, go bhfuil an Coiste seo i mbun monatóireachta ar cheist na Gaeilge anseo, agus go bhfuil sé aitheanta go soiléir acu, ag leibhéal domhanda, go bhfuil ag teip i gcónaí ar Rialtas na Breataine a gcuid dualgas a comhlíonadh i leith na teanga sna sé chontae.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

“Cuireann muid fáilte roimh mholtaí Thuarascála ICESCR a thugann le fios ag leibhéal na Náisiún Aontaithe go bhfuil leatrom á dhéanamh ar phobal na Gaeilge anseo i rith ama. Mar atá fhios ag an domhan mór fan am seo, is cuid lárnach é de Chomhaontú Chill Rìmhinn (2006) í reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh. Deich mbliana thíos an líne tá pobal na Gaeilge go fóill ag sodar i ndiaidh bhunchearta daonna den chineál seo. Tá ról lárnach, agus dualgas reachtúil, ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann, mar chomhshínitheoirí ar an Chomhaontú, beart de réir á mbriathar a dhéanamh sa chás seo."

Lean Mac Giolla Bhéin:

“Is iad na sé chontae an t-aon réigiúin sna hoileáin seo nach bhfuil reachtaíocht cheart-bhunaithe ann don teanga dúchais; ní mór sin a aithint go poiblí agus é a chur ina cheart. Iarann Conradh na Gaeilge ar an dá Rialtas bheith iomlán freagrach as na coimitmintí a thug siad agus Acht teanga a chur ar ais ar an chlár oibre agus é a reachtú ó thuaidh.”

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann araon, mar chomhshínitheoirí ar Chomhaontú Chill Rìmhinn, ceist Acht na Gaeilge a chur ar an chlár athuair agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar sna comhaontaithe agus sna cúnaint áirithe idirnáisiúnta atá déanta acu. Ní mór aird a thabhairt ar mholtaí ICESCR agus iad a chur i bhfeidhm.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is féidir teacht ar an 6ú Tuarascáil Thréimhsiúil de chuid Coiste Monatóireachta ICESCR anseo: E/C.12/GBR/CO/6. Féach go speisialta leathanach 12:

Irish Language

  1. 1. The Committee remains concerned about the lack of effective measures adopted by the State party to promote the use of Irish Language in Northern Ireland (art. 15).
  2. 2. The Committee reiterates its previous recommendation (E/C.12/GBR/CO/5, para. 37) and recommends that the State party adopt an Irish Language Act.

Committee on Economic Social and Cultural Rights: Report on the Forty Second and Forty Third Sessions (4-22 May 2009, 2-20 November 2009):

Leathanigh 62-3: “The Committee recommends that the State party, or the devolved administration of Northern Ireland, adopt an Irish Language Act, with a view to preserving and promoting minority languages and cultural heritage, and invites the state party to provide detailed information on the progress made…”

An raibh a fhios agat?

  • Tá Gaeilge éigin ag 10.6% den daonra ó thuaidh de réir Daonáireamh 2011
  • Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Mar shampla, tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag ceol as Gaeilge
  • Tá níos mó ná 17,000 duine sínithe suas do thionscadal Líofa leis an Ghaeilge a fhoghlaim
  • Creideann 54% de dhaoine ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí Gaeilge ar fáil do dhaoine ar mhaith leo iad a úsáid (Céard é an Scéal? Conradh na Gaeilge, 2015)
  • Tá níos mó ná 5,000 páiste sa chóras Gaeloideachais faoi láthair, leis míltí eile ag foghlaim na Gaeilge mar dara theanga ar scoileanna eile
  • Cuideoidh an plean infheistíochta atá á mholadh againn ar phobal beo bríomhar atá ag fás ar na bealaí seo a leanas:
    • Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
    • Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin
    • Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge