Skip to main content

Géarghá le láidriú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tuarascáil Bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga 2015Tuarascáil Bhliantúil 2015 an Choimisinéara Teanga foilsithe ag an Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill inniu

Tá Conradh na Gaeilge ag éilimh go láidreofar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar bhun práinne bunaithe ar thuarascáil an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh inniu, 27 Meitheamh 2016.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is cruthúnas é an líon gearráin a rinneadh leis an gcoimisinéir teanga le linn na bliana 2015, an líon is airde riamh ó bunaíodh oifig an Choimisinéara sa bhliain 2004, go bhfuil ag teip go leanúnach ar an Stát seirbhís seirbhísí cuí a chur ar fáil do shaoránaigh na tíre. Maíonn an Conradh go bhfuil gá glacadh leis an bhfíric seo agus aghaidh a thabhairt láithreach ar láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Maíonn an Conradh freisin go bhfuil gá a aithint go bhfuil teipthe ar chóras na Scéimeanna Teanga atá mar chuid den Acht reatha agus go bhfuil gá córas nua, córas atá bunaithe ar chaighean seirbhíse, a chur mar chroílár den Acht leasaithe.”

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Leas Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá sé tráthúil go bhfuil tagairt déanta ag Rónán Ó Domhnaill don laghad post lena mbaineann riachtanas Gaeilge atá á n-aithint ag Ranna Rialtais. Téann sé seo go croí na ceiste maidir le heaspa seirbhísí i nGaeilge don phobal. Mura bhfuil foireann agat le Gaeilge líofa ní féidir seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil. Tá sé riachtanach go mbeadh cúrsaí earcaíochta lárnach i bpolasaí an Stáit chun seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge a chinntiú.”

Lean Mac Fhlannchadha:

“Is ábhar buartha é áfach an tagairt atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga do “cheisteanna tromchúiseacha” maidir le toil an Stáit seirbhísí ar chomhchaighdeán a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla. Tá macalla anseo leis an méid a bhí le rá ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUiginn, an deireadh seachtaine seo caite faoin easpa feiceálachta Gaeilge ag ard leibhéal na Státseirbhíse agus is léir go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an gceist seo."

Tacaíonn Conradh na Gaeilge le moladh an Choimisinéara Teanga go mba chóir gníomhú anois chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú. Aontaíonn an Conradh freisin le tuairim an Choimisinéara go mba chóir gníomhú bunaithe ar na moltaí a tháinig chun cinn ón gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, ón bpróiseas comhairliúcháin phoiblí agus ón ionchur ón gCoimisinéir féin ar fheidhmiú an Achta do choistí Oireachtais agus ón tráchtaireacht a d’fhoilsigh a Oifig ar oibriú fhorálacha an Achta.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is féidir teacht ar Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2015 ag www.coimisineir.ie/downloads/Oifig_an_Choimisineir_Teanga_Tuarascail_Bhliantuil_2015.pdf

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.