Skip to main content

Cead na Cúirte faighte ag Conradh na Gaeilge an dlí a chur ar an Fheidhmeannas ó thuaidh

Conradh na Gaeilge ag an Ard-Chúirt i mBéal Feirste“B’fhearr linn gan an cás seo a thabhairt ar aghaidh; cuirigí an Straitéis i bhfeidhm” - Conradh na Gaeilge

Tá cinneadh glactha ag Ard-Chúirt Bhéal Feirste inniu (31 Bealtaine 2016) cead a thabhairt do Chonradh na Gaeilge Athbhreithniú Breithiúnach a thabhairt i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh ar an ábhar nach bhfuil siad a ghlacadh le Straitéis na Gaeilge 2015-2035 ná á cur i bhfeidhm.

Sheol an tIar-Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR, Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar 30 Eanáir 2015 ach níor ghlac an Feidhmeannas leis an Straitéis go hoifigiúil faoi mar a aontaíodh ina gClár Rialtais féin 2011-15, de réir na ndualgas reachtúil atá orthu. Bhí Straitéis na Gaeilge luaite go sonrach mar ghealltanas ó Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn 2006, a rinne leasaithe ar Acht TÉ 1998, agus tá sé luaite i gClár Rialtais 2011-2015 an Fheidhmeannais reatha, faoi Thosaíocht 4 den Chlár Pobal Láidir agus Comhroinnte A Chothú.

Dúirt Niall Comer, Tánaiste le Conradh na Gaeilge:

“Cé go bhfuil cead na Cúirte faighte ag Conradh na Gaeilge dul ar aghaidh leis an Athbhreithniú Breithiúnach, is gá cur in iúl do na húdaráis gur féidir leo seo a sheachaint trí ghlacadh le Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035. Ar an drochuair, mura n-aontaíonn an Feidhmeannas a sheasamh a athrú i leith na ceiste seo, ní bheidh de rogha againn ach dul ar aghaidh agus an cás a thabhairt os comhair na cúirte. Tá teachtaireacht shoiléir againn don Fheidhmeannas: b’fhearr linn gan an cás seo a thabhairt ar aghaidh; cuirigí an Straitéis i bhfeidhm.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Cuireann muid fáilte roimh chinneadh na Cúirte agus roimh an deis dúshlán an Fheidhmeannais a thabhairt ar cheist a theipe, gan ghlacadh le Straitéis na Gaeilge. Ní féidir le Stormont beag a dhéanamh den bhundualgas dhlíthiúil atá orthu de bharr chomhaontaithe idirnáisiúnta atá mar chuid den phróiseas síochána, dlúthchuid de Chlár Rialtais an Fheidhmeannais féin 2011-15. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil straitéis ann chun forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint de réir mar a thagann méadú ar phobal na Gaeilge agus á mbunchearta teanga á n-éileamh acu. Ní féidir le Stormont bheith caoch choíche ar phobal na Gaeilge – tá an t-am ann don reachtaíocht.”

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go gcuirfear tús leis an Athbhreithniú Breithiúnach i bhFómhar 2016 munar thagann athrú ar sheasamh an Fheidhmeannais idir seo agus sin.

Eile: Conradh na Gaeilge chun cás cúirte a ghlacadh maidir le Straitéis na Gaeilge ó thuaidh

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.