Skip to main content

Léiríonn Taighde Neamhspleách Go Bhfuil Suim Ag Duine As Gach Cúigear Ó Thuaidh Gaeilge A Fhoghlaim

Suirbhé Millward Brown 2016Tá gá le hAire Oideachais agus le hAire Pobail a thacaíonn leis an Ghaeilge sa chéad rialtas eile le cinntiú go gcuirfear deiseanna foghlama ar fáil don phobal agus forbairtí eile don teanga a neartú trí chéile

Léiríonn taighde neamhspleách a rinne Millward Brown do Chonradh na Gaeilge i mbliana go bhfuil gá le hAire Oideachais agus le hAire Pobail a thacaíonn leis an Ghaeilge sa chéad rialtas eile ó thuaidh le cinntiú go mbeidh deiseanna curtha ar fáil don duine as gach cúigear ó thuaidh a chuir in iúl (20%) sa taighde go bhfuil “suim acu Gaeilge nó tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim”.

Dúirt Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

“Tá figiúr nua sa taighde seo a léiríonn go bhfuil suim ag duine as gach cúigear Gaeilge nó tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim ó thuaidh. Tacaíonn seo leis na staitisticí ar fad atá againn le blianta anuas go bhfuil fás ag teacht ar lucht úsáidte na Gaeilge agus orthu siúd atá ag cur spéise inti araon. Cuireann seo le tábhacht éilimh phobal na Gaeilge a bhaint amach sa toghchán i mí na Bealtaine, chun tuilleadh infheistíochta a chinntiú agus Áirí tiomanta don teanga a cheapadh sa Roinn Pobail agus sa Roinn Oideachais.”

Léiríonn an taighde fosta an tábhacht atá le hAire Oideachas a thacódh leis an teanga. Aontaíonn 41% de dhaoine “nach bhfuil go leor deiseanna do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais foirmiúla”, agus níl ann ach 26% nach bhfuil ag teacht leis an ráiteas seo. Luíonn an dualgas maidir le cúrsaí óige taobh amuigh den chóras oideachais foirmiúla go sonrach leis an Aire Oideachais. Sa suirbhé céanna a rinneadh le Millward Brown in 2015, chreid 63% ó thuaidh “gur go mbeadh an ceart ag gach páiste oideachas bheith acu trí Ghaeilge, más sin an rogha atá acu”. Neartaíonn seo an géarghá le hAire Oideachais atá báúil don Ghaeilge agus atá tiomanta don dualgas reachtúil atá ar an Roinn Oideachais a chur i bhfeidhm go praiticiúil.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Arís tá teachtaireacht shoiléir againn anseo ón mhórphobal ó thuaidh go bhfuil siad ag tacú le cur i bhfeidhm chearta teanga, go háirithe trí fhreastal sásúil ar riachtanais earnáil na Gaelscolaíochta, trí reachtaíocht chearta teanga a thabhairt isteach ó thuaidh agus tríd na scéimeanna agus na feachtais rathúla reatha a neartú agus a bhuanú, ar nós Líofa, an Scéim Phobal Gaeilge agus An GaelAcadamh nua. Tá Airí tiomanta de dhíth a bheas sásta tógáil ar na forbairtí iontacha atá ag tarlú i saol na Gaeilge.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.