Skip to main content

Déan Rogha na Gaeilge um Daonáireamh 2016

Daonáireamh 2016Conradh na Gaeilge ag iarraidh 10,000 teaghlach a spreagadh chun an fhoirm Ghaeilge a lorg & a líonadh sa daonáireamh ó dheas an mhí seo chugainn

Tá feachtas feasachta á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge chun pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a spreagadh leis an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a lorg agus a líonadh um Daonáireamh 2016, a bheidh á reáchtáil ó dheas oíche Domhnaigh, 24 Aibreán 2016.

Líon 7,751 teaghlach* an leagan Gaeilge den fhoirm um daonáireamh deiridh i 2011 agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go méadófar an líon seo go 10,000 teaghlach i nDaonáireamh 2016 an mhí seo chugainn.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá deis iontach ag an bpobal ó dheas an leagan teanga is fearr leo a roghnú um Daonáireamh 2016, agus tá Conradh na Gaeilge ag moladh do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta an fhoirm Ghaeilge a lorg ó na háiritheoirí a thagann chun dorais.”

Déanfar gach duine agus gach áitreabh ó dheas a áireamh ar Oíche an Daonáirimh (24 Aibreán 2016), agus tá na foirmeacha daonáirimh chuige seo á ndáileadh ag áiritheoirí ar an bpobal faoi láthair. De réir treoirlínte na Príomh-Oifige Staidrimh, ba chóir go gcuirfeadh áiritheoirí an Daonáirimh ceist ar gach duine cé acu ar mhaith leo an Daonáireamh a líonadh as Gaeilge nó as Béarla, agus ba chóir go gcuirfí rogha de leagan Gaeilge na foirme ar fáil do gach teaghlach nuair a thagann na háiritheoirí chun dorais.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is iomaí duine le Gaeilge nach mbeadh ar eolas go bhfuil sé de cheart acu an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a lorg, ná go bhfuil fiú a leithéid de leagan den bhfoirm le fáil ar an chéad dul síos, ach tá áiritheoirí an Daonáirimh in ainm ‘s rogha teanga sin a thabhairt do gach teaghlach ag an doras – tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na teanga an deis sin a thapú agus rogha na Gaeilge a dhéanamh um Daonáireamh 2016 i mbliana.”

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh do dhaoine atá muiníneach as a gcuid Ghaeilge an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a ghlacadh agus a líonadh ar Oíche an Daonáirimh ó dheas (24 Aibreán 2016).

Tá leagan dátheangach de cheisteanna an daonáirimh ar fáil anseo mar thagairt duit má tá tú in amhras faoi théarmaíocht ar bith: pdfCeisteanna | Daonáireamh 2016

*Tá Daonáireamh 2011: Tuairisc na Príomh-Oifige Staidrimh ar Chainteoirí Gaeilge ar fáil ar-líne ag: www.cso.ie/en/media/csoie/census/documents/census2011profile9/Profile,9,Irish,speakers,-,Combined,document.pdf

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.