Skip to main content

Seachtain na Gaeilge ina seachtain iontach don Ghaeloideachas

Gaelscolaíocht ó thuaidhTá dul chun cinn an Ghaeloideachas ó thuaidh le seachtain anuas molta go mór mar bhuaicphointe Sheachtain na Gaeilge 2016 ag Conradh na Gaeilge. Fuair Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBaile Uí Mhurchú, Co. Aontroma, tuairisc barr feabhais cigireachta ón Chigireacht Oideachais agus Oiliúna (COT). Is forbairt shuntasach eile don earnáil é an fógra go bhfuil figiúirí cláraithe tar éis dúbailt do Ghaelcholáiste Dhoire, an dara mheánscoil lánGhaeilge neamhspleách ó thuaidh. 

Ar a bharr sin, cuireadh dhá bhunscoil lánGhaeilge – Gaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain, agus Gaelscoil Éanna ar an Ghleann Ghormlaith, Co. Aontroma – ar liosta caipitil na Roinne Oideachais de bharr fhás agus fhorbairt ghasta na scoileanna.

Osclaíodh Gaelcholáiste Dhoire, an dara mheánscoil lánGhaeilge ó thuaidh, go hoifigiúil ag an Aire Oideachais John O’Dowd CTR Déardaoin, 10 Márta 2016. Ag teacht sna sála air sin, d’fhógair Diarmuid Ó Bruadair, Príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire, ar an oíche go raibh na figiúir iontrála don scoilbhliain 2016-2017 tar éis dúbailt agus gur sháraigh siad bunchritéir na Roinne Oideachais don bhliain. Cuirfidh seo leis an 16 dalta atá ag freastal ar an chéad bhliain sa scoil i gCaisleán Dhún Geimhin, Co. Dhoire.

Foilsíodh fosta tuairisc cigireachta Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh ag an Roinn Oideachais an tseachtain chéanna (11 Márta 2016), áit ar éirigh leis an scoil na marcanna is airde cigireachta a bhaint amach maidir le soláthar foghlamtha, ceannaireacht agus stiúrthóireacht chomh maith le soláthar naíscoile. Ag deireadh eochairchéim 2, tá na páistí ag léamh le líofacht agus le canúint sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, rud a léiríonn buntáiste an dhátheangachais dar le Conradh na Gaeilge.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Is ábhar ceiliúrtha iad an dá scéal iontacha seo i dtaca le hoscailt oifigiúil Ghaelcholáiste Dhoire agus dea-thuairisc chigireachta Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh. Bhí bearna soiléir sa réimse iar-bhunscolaíochta le fada an lá agus tá pobal Dheisceart Dhoire i ndiaidh bunchloch láidir a leagan síos do thodhchaí na Meánscolaíochta Gaeilge ó thuaidh. Léiríonn figiúir iontrála na scoile don bhliain seo chugainn go bhfuil an pobal i gcoitinne ag glacadh go fonnmhar leis an fhorbairt seo agus go bhfuil dúshraith láidir leagtha síos don athbheochan teanga sa cheantar.”

“Sna salaí air sin, léirigh tuairisc chigireachta Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh an t-ardchaighdeán oideachais atá ar fáil sa chóras Gaelscolaíochta agus níos tábhachtaí, i gcomhthéacs scoileanna atá lonnaithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, mar atá an scoil seo. Is sampla iontach eile í an scoil seo ar bhuntáistí an dátheangachais agus an Ghaeloideachais agus tá ardmholadh tuillte go maith ag lucht bainistíochta, foireann, agus daltaí na scoile.” 

Is féidir teacht ar chóip de ráiteas oifigiúil na Roinne Oideachais maidir le hoscailt oifigiúil Ghaelcholáiste Dhoire ag: https://www.deni.gov.uk/news/odowd-officially-opens-new-post-primary-irish-medium-school-dungiven

Is féidir teacht ar thuairisc cigireachta Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh ag: http://www.etini.gov.uk/index/inspection-reports/inspection-reports-primary/inspection-reports-primary-2016/primary-inspection-bunscoil-an-tsleibhe-dhuibh-belfast.pdf

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.