Skip to main content

Tábhacht na Gaeilge & an Chultúir i bhFís Cheannairí 1916 Á Comóradh le Féile na Físe ar Lá an Fhorógra

Féile na Físe le Seo Linn ag Gaelscoil na CamóigeReáchtálfar Féile na Físe sna mílte scoil ar fud na hÉireann ar 15 Márta 2016 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016 & de chlár comórtha Éire 2016

Agus Féile na Físe á reáchtáil sna mílte scoil ar fud na hÉireann mar chuid den chlár Éire 2016 ar – nó thart ar – Lá an Fhorógra (15 Márta 2016), beidh ceiliúradh mór Gaeilge agus Gaelach ar siúl i nGaelscoil na Camóige i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, le ceolchoirm speisialta á casadh sa scoil ag Seo Linn, Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2016

Is éard atá i gceist le Féile na Físe ná clár d’imeachtaí ar féidir le scoileanna agus le grúpaí pobail a eagrú thart ar Lá an Fhorógra mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016, chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí 1916 agus chun tionchar agus tábhacht na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh ar an bhfís a bhí ag ceannairí an Éirí Amach d’Éirinn a chur chun cinn. Eagraíonn Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge gach bliain agus tá Féile na Físe á reáchtáil mar chuid de Chlár Chomóradh an Chonartha 2016 agus Éire 2016.

Deir Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge:

“Is í aidhm Féile na Físe ná go mbeidh deis ag gach duine sa tír páirt a ghlacadh i bhféile a dhíreoidh aird ar gach gné den chultúr Gaelach le linn Sheachtain na Gaeilge agus Chomóradh Chonradh na Gaeilge 2016, agus beidh idir chluichí Gaelacha, cheol, rince, amhránaíocht, bhéaloideas, agus go leor eile ar siúl ag daltaí scoile ar fud na hÉireann ar Lá an Fhorógra.”

Léireoidh Gaelcholáiste an Phiarsaigh ó Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, An Filleadh ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach sa phríomhchathair ar Luan Cásca (28 Márta 2016) mar cheann de bhuaicphointí Fhéile na Físe. Is é An Filleadh an t-aon dráma as Gaeilge atá beartaithe go dtí seo ag Amharclann na Mainistreach a léiriú i 2016, agus is dráma é a scríobh Alan Titley go speisialta d’Fhéile an Físe. Níl aon chostas ar chead isteach ar An Filleadh ach is gá ticéad a chur in áirithint ag www.abbeytheatre.ie roimh ré. 

Tá acmhainní i dtaca le Féile na Físe ar fáil ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge ag www.snag.ie chun tacú le múinteoirí agus le baill an phobail páirt a ghlacadh sa chomóradh ar leith seo, ina measc script iomlán den dráma An Filleadh le hAlan Titley agus focail an amhráin Óró ‘Sé Do Bheatha ‘Bhaile mar aon le leagan den amhrán clúiteach céanna leis an mbanna Seo Linn agus Darkin. Tá an físeán den amhrán Óró le feiceáil ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge agus tá an comhad fuaime saor le híoschóipeáil ar fáil d’Fhéile na Físe fosta.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.