Skip to main content

“Tá an athbheochan ar bun agus tá ag éirí léi, agus beidh sí ar bun go mbainfimid an sprioc amach,” arsa Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn

Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016Ábhar misnigh agus molta in óráid Uachtarán na hÉireann do phobal na Gaeilge & na Gaeltachta ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge 2016

Chuir Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, tús le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016 le hóráid ag spreagadh dóchais i measc lucht labhartha na Gaeilge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath aréir (Dé hAoine, 26 Feabhra 2016), ag rá:

“Maidir leis na staitisticí a luaigh mé, ba cheart túr dóchais a bheith ionainn do phobal na Gaeilge sa mhéid is go bhfuilimid ag dul sa treo ceart. Cé go raibh bunlaigí ag baint leis na cineálacha cur chuige a ghlac na rialtais a bhí againn maidir leis an teanga ó bunaíodh an Stát i leith, is léir go bhfuil cumas an daonra sa Ghaeilge agus an dea-thoil atá acu i leith na Gaeilge ina mbunús láidir dúinn úsáid na teanga a neartú agus a leathnú amach anseo. Tá an athbheochan ar bun agus tá ag éirí léi, agus beidh sí ar bun go mbainfimid an sprioc amach.”

Ba é Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a d’fháiltigh roimh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ar oíche Aoine na hArd-Fheise (26 Feabhra 2016), agus athcheapadh é ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ar feadh bliana eile gan iomaíocht le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016 maidin inniu (Dé Sathairn, 27 Feabhra 2016).

 

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán athcheaptha Chonradh na Gaeilge 2016 – 2017:

 

“Mheabhraigh óráid Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016 gur cheart do phobal na teanga misneach a ghlacadh as an obair atá idir lámha chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ní hé sin le rá nach ann do dheacrachtaí agus an státchóras ag séanadh freagracht mar is ceart a ghlacadh as athbheochan na Gaeilge – feictear domsa gurb é caomhnú na teanga seachas athbheochan na teanga atá mar pholasaí ag an stát anois. Céad bliain tar éis don Phiarsach an fód a sheasamh in Ard-Oifig an Phoist, an mbeadh muinín ag duine ar bith as triail a bhaint as stampa a cheannach trí Ghaeilge ann? “Tá nósmhaireacht phobail níos sine ná an stát gur i mBéarla amháin a phléifear leis an státchoras, agus ní bhrisfear an nós sin gan feasacht agus cur chun cinn, ach is chuige sin Conradh na Gaeilge. Is fúinne atá sé – faoi phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, idir chraobhacha agus bhaill aonair an Chonartha agus cainteoirí Gaeilge eile nach iad – an fheasacht sin a chothú, agus an dul chun cinn sin a dhéanamh. Tá sé in am dúinn breathnú ar cheist na hathbheochana agus ar an ardú meanman dochreidte a thabharfadh sé do phobal na hÉireann tabhairt fúithi agus í a bhaint amach, óir is í athbheochan na Gaeilge ceann de na smaointí is spreagúla agus is misniúla ar domhan.”

Thréaslaigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, le Conradh na Gaeilge “a sheas an fód go láidir ón am ar bunaíodh é go dtí an lá inniu” agus ghuigh sé gach rath ar an obair atá ar bun ag an eagras sular sheol sé Seachtain na Gaeilge 2016 go hoifigiúil, féile idirnáisiúnta a spreagann 750,000 duine chun leas a bhaint as an nGaeilge agus a bheidh á reáchtáil ar fud na cruinne arís i mbliana ó 1 – 17 Márta 2016.

Déanfar tréaslú leis na grúpaí atá ag feidhmiú i measc an phobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcónaí ag Dinnéar na hArd-Fheise i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath anocht (Dé Sathairn, 27 Feabhra 2016) fosta, áit a bhronnfar Gradaim Chonradh na Gaeilge ar chraobhacha agus ar bhaill aonair na heagraíochta mar aitheantas dá gcuid oibre ar son na teanga mar chuid den Ard-Fheis den chéad uair riamh.

 

ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2016:

Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016 i mBaile Átha Cliath ó 26 – 27 Feabhra 2016 le comóradh a dhéanamh ar thábhacht na Gaeilge do cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916 agus don phobal trí chéile ag an am sin ar oileán na hÉireann. Is ócáid ar leith a bheidh ann – beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i láthair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun Seachtain na Gaeilge na bliana seo a sheoladh ar Aoine na hArd-Fheise, agus beidh dinnéar speisialta ar siúl i bproinnteach Choláiste na Tríonóide oíche Shathairn. Tá réimse leathan imeachtaí trí Ghaeilge beartaithe againn do theaghlaigh, do bhaill chraoibhe, do bhaill aonair, agus don mhórphobal trí chéile sa phríomhchathair i gcaitheamh an deireadh seachtaine, agus tá clár iomlán na hArd-Fheise ar fáil thíos. Ticéad Dhinnéar na hArd-Fheise: €50. Clárú & Áirithintí: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Dé hAoine, 26 Feabhra 2016
Caisleán Bhaile Átha Cliath

19.00 Fáiltiú

20.00 Óráid agus Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2016

- Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn

20.30 Seimineár Plé 16: Conradh na Gaeilge agus Saoirse Intinne

- Peadar Kirby, Ollamh Emeritus, Ollscoil Luimnigh

- Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, COBÁC

- Colm Ó Néill, Leas-Uachtarán, AMLÉ

- Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán, Conradh na Gaeilge

Dé Sathairn, 27 Feabhra 2016
Caisleán Bhaile Átha Cliath

09.30 Forbairt na hEagraíochta

10.00 Gnó na hArd-Fheise

- Plé ar na rúin de réir tosaíochta

- Toghcháin Chonradh na Gaeilge

- Tuairiscí ó na heagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge

- Caint Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Dé Sathairn, 27 Feabhra 2016
Cathair Bhaile Átha Cliath

14.00 – 17.00 Lá Teaghlaigh trí Ghaeilge ar fud chathair Bhaile Átha Cliath

- Turais stairiúla

- Iarsmalanna

- Ionaid chultúir

- Imeachtaí do theaghlaigh

- Ciorcail chomhrá

- Turas treoraithe de Theach an Ard-Mhéara leis an Ard-Mhéara Críona Ní Dhálaigh ar 15.00 & 16.00

Leabharlann Chester Beatty, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2

14.00 Turas Gaeilge

Tabharfaidh Jack FitzGerald turas Gaeilge saor in aisce ar Leabharlann Chester Beatty agus beidh cupán tae nó caifé ar fáil saor in aisce ina dhiaidh.

Ardán na mBannaí, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2

14.00 Ceolchoirm faoi aer le Seo Linn

Beidh Seo Linn, ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2016, ag seinm idir cheol traidisiúnta agus nua-aimseartha ar an tráthnóna Earraigh seo. Ceolchoirm saor in aisce, amuigh faoin spéir agus fáilte roimh chách idir óg agus aosta.

Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

14.00 – 17.00 Taispeántas Athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca

An Clogthúr, Campe Nile, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2

14.30 Turas Gaeilge ar Choláiste na Tríonóide

Tabharfaidh mac léinn ó Scéim Chónaithe Choláiste na Tríonóide turas Gaeilge ar champas Choláiste na Tríonóide, ag tosú ag an gClogthúr, Campe Nile, ag 2.30in. Ina dhiaidh, beidh cead isteach ar an tSean-Leabharlann agus ar Leabhar Cheannais móide bróisiúr Gaeilge ar phraghas laghdaithe de €5.

Teach an Ard-Mhéara, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2

15.00 Turas Gaeilge ar Theach an Ard-Mhéara

16.00 Turas Gaeilge ar Theach an Ard-Mhéara

Beidh Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, ag cur fáilte speisialta roimh an bpobal chuig Teach an Ard-Mhéara agus ag tabhairt turas treoraithe pearsanta ar an dTeach, trí Ghaeilge agus saor in aisce. Teach an-stairiúil is ea é a tógadh in 1710 agus a raibh an iliomad ócáid stairiúil ann ó shin, an chéad chruinniú den Chéad Dáil mar shampla, a tionóladh sa Seomra Cruinn an 21 Eanáir 1919.

Dé Sathairn, 27 Feabhra 2016

Proinnteach Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2

19.00 Fáiltiú le ceol

- Tradsoc, Coláiste na Tríonóide

19.30 Caint roimh bhéile: Réabhlóid: Conradh, Teanga, Coláiste na Tríonóide

- An Dr Éamonn Ó Ciardha, Léachtóir Staire, Ollscoil Uladh

19.45 Dráma gairid

- Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide

20.00 Dinnéar na hArd-Fheise i bpáirt le hOifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

- Bronnadh Ghradaim Chonradh na Gaeilge 2016

- Ceant

- Céilí agus ceol le Rónán Ó Snodaigh (Kíla) & ceoltóirí eile

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.