Skip to main content

Feachtasaíocht Ar Son na Gaeilge ina #Dúshlán do Mhic Léinn na Tíre sa Chomórtas Náisiúnta

50 uair a’ chloig ag scoláirí chun 50 gníomh ar son na Gaeilge a thaifead ar Twitter mar chuid den chomórtas #Dúshlán

Dúshlán 2016Beidh 50 uair a’ chloig ag cumainn Ghaelacha tríú leibhéal agus ag daltaí meánscoile chun 50 gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge an tseachtain seo chugainn, agus an comórtas náisiúnta #Dúshlán á reáchtáil ar fud na tíre ón Máirt go Déardaoin (2 – 4 Feabhra 2016).

Iarrtar ar na foirne ar fad a gcuid sonraí a chlárú ar www.cnag.ie/dushlan faoin Aoine bheag seo (29 Eanáir 2016), agus cé gur féidir níos mó ná foireann amháin a chlárú faoi aon mheánscoil nó aon institiúid tríú leibhéal amháin, ní mór go mbeadh íoslíon de bheirt agus uaslíon de thriúr ar gach foireann #Dúshlán.

Is í aidhm an chomórtais ná mic léinn agus daltaí scoile a chur i mbun feachtasaíochta ar son na Gaeilge ar bhealach spraíúil, áit a mbeidh ar na scoláirí gníomhaíochtaí éagsúla chun leas na teanga a dhéanamh agus a thaifead ar Twitter leis an haischlib #Dúshlán le pointí a ghnóthú.

Dúirt Edel Ní Bhraonáin, Comhordaitheoir na Mac Léinn Tríú Leibhéal le Conradh na Gaeilge:

“Beidh roinnt ghníomhaíochtaí don #Dúshlán chomh simplí le Gmail a úsáid as Gaeilge nó alt nuachta Gaeilge a roinnt ar Facebook, agus beidh cuid eile a bhaineann le seirbhísí stáit a lorg ábhairín níos dúshlánaí, ach ní fhoilseofar na gnímh féin go dtí tráthnóna Mháirt. Ní bheidh ach 50 uair a’ chloig ag gach foireann ansin le gach gníomh a chomhlíonadh, a thaifead ar Twitter faoin haischlib #Dúshlán, agus a sheoladh chugainn ar ríomhphost ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. ar deireadh!”

Arsa Niamh Ní Chróinín, Comhordaitheoir na Mac Léinn Dara Leibhéal le Conradh na Gaeilge:

“Tá duaiseanna aonair iontacha le buachan ag baill gach foirne ar an dá fhoireann is fearr, mar aon le duais aitheantais don choláiste is fearr agus don scoil is fearr a ghlacann páirt sa #Dúshlán. Is spreagúil an bealach é chun scoláirí meánscoile agus ollscoile a ghríosú chun gnímh ar son a gceart teanga é seo, mar sin an bhfuil sibh réidh don #Dúshlán?!”

Tá iPad Mini an duine le buachan ag an bhfoireann #Dúshlán a ghnóthaíonn an chéad áit, agus dearbhán One4All ar luach €100 nó £75 an duine ag dul don fhoireann a bhaineann an dara háit amach, fad agus a bhronnfar corn aitheantais ar an institiúid tríú leibhéal agus ar an meánscoil is fearr. Is gá go mbeifeá i do mhac léinn ollscoile nó meánscoile le duais a bhuachan, ach tá fáilte roimh rannpháirtithe eile nach iad páirt a ghlacadh agus clárú do na gnímh um #Dúshlán ar www.cnag.ie/dushlan chomh maith.

Cuirfear tús leis an gcomórtas ar 2.00in Dé Máirt (2 Feabhra 2016) agus beidh go dtí 4.00in Déardaoin (4 Feabhra 2016) ag rannpháirtithe chun #Dúshlán na bliana seo a chomhlíonadh. Tá an comórtas náisiúnta #Dúshlán arna comhordú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Seachtain na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn Iarbhunscoile (ISSU), agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), agus arna maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Is féidir le foirne a gcuid sonraí a chlárú ar www.cnag.ie/dushlan nó tá tuilleadh eolais maidir leis an gcomórtas #Dúshlán ar fáil trí ríomhphost a sheoladh go Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.