Skip to main content

Fianna Fáil agus Sinn Féin Ag Tacú le hÉilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta sna Forógraí Olltoghcháin

Fóraim Ghnímh Chonradh na Gaeilge ag giniúint tacaíochta áitiúla do phlean infheistíochta & do bhearta ionadaíochta arna aontú ag 80+ grúpaí pobail

Tá fóraim ghnímh oscailte á dtionól ag Conradh na Gaeilge thuaidh theas le gníomhartha a aontú chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn sna holltoghcháin a bheidh á reáchtáil i 2016. Tá tacaíocht oifigiúil faighte dóibh ó Fhianna Fáil agus ó Shinn Féin cheana féin, ach tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar pháirtithe eile ar fad tacú leis na héilimh roimh na holltoghcháin.

Tá trí fhóram gnímh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge an Chéadaoin bheag seo (27 Eanáir 2016) – san Óstán Longford Arms san Longfort ar 5.00in; in Áras an Mhuilinn ar an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí ar 7.30in; agus i dteach tábhairne Billy Byrnes Bar i gCill Chainnigh ar 8.00in – agus tá cruinnithe eile socraithe i Músaem Chontae Cheatharlach ar 10.30rn maidin Chéadaoin, 10 Feabhra 2016, agus san Óstán Loch Garman Arms ag meánlae Dé Sathairn, 6 Feabhra 2016, chun an pobal áitiúil a spreagadh chun gnímh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta roimh na holltoghcháin.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd le bá ar bith don teanga – chun na héilimh seo a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair s’acu.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní neart go cur le chéile agus tabharfaidh polaiteoirí cluas éisteachta don phobal áitiúil má cheistítear gach iarrthóir a thagann chun dorais faoina bhfuil siad sásta tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nó nach bhfuil.”

Scaipfidh Conradh na Gaeilge eolas i measc an phobail i ngach dáilcheantar agus i ngach toghcheantar faoi na hiarrthóirí agus faoi na páirtithe polaitiúla ar fad atá ag tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta roimh na holltoghcháin ansin, sna sála ar na fóraim ghnímh.

Thionól Conradh na Gaeilge fóraim ghnímh i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara, in Inis, i Luimneach, agus i Ros Comáin cheana féin, agus eagrófar tuilleadh i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar na bacáin. Más spéis le grúpa pobail áitiúil cabhrú leis an gConradh chun fóram gnímh a eagrú ina gceantar féin, is féidir teagmháil a dhéanamh le hArd-Oifig an Chonartha ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó +353 (0)1 4757401.

Tá tuilleadh eolais faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus faoi éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile ar fáil ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar gach páirtí polaitíochta agus ar gach iarrthóir olltoghcháin chun tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus beidh lucht vótála áitiúil ag ceistiú gach iarrthóir olltoghcháin maidir leis seo.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta

Tá plean infheistíochta uile-oileánda aontaithe ag breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – chun breis ‘s 1,160 post a chruthú, agus tá na grúpaí ag iarraidh go léireoidh gach páirtí polaitíochta tacaíocht don phlean sna forógraí olltoghcháin s’acu: http://bit.ly/1JKDS6H

Tá bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-oileánda chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú: http://bit.ly/1PXrvUd

 

3 Phríomhéileamh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó dheas:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais
  3. Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile

An raibh a fhios agat?

  • Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann
  • Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge
  • D’fhreastalódh an plean infheistíochta* atá á mholadh ar an 93% den daonra ó dheas a thacaíonn le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge (ESRI & OÉ Má Nuad, 2009) ar na bealaí seo a leanas:
    • Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
    • Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin
    • Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil

* Is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2008

  • Chabhródh an plean infheistíochta agus an stádas polaitiúil breise atá á lorg againn le haisling ghlúin na réabhlóide a bhaint amach don Ghaeilge, agus dhéanfadh comóradh ceart ar 1916

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.