Skip to main content

Déan Comóradh ar 2016 trí Ghaeilge a Fhoghlaim

Níl ach cúpla lá agat le clárú do chúrsaí teanga Chonradh na Gaeilge a fhreastalaíonn ar gach aoisghrúpa, cumas & spreagadh

Cúrsaí Chonradh na Gaeilge 2015 - 2016Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge as an teanga a theagasc d’fhoghlaimeoirí fásta ó bhunú an eagrais in 1893, agus tá an praghas is fearr ar chúrsaí an Chonartha i mBaile Átha Cliath á thairiscint ar-líne ar www.cnag.ie/courses arís i mbliana. Ní chosnaíonn cúrsa 10-seachtaine sa phríomhchathair ach €180 do 20 uair teagaisc, fad agus atá an ráta lascaine de €160 ar fáil do dhaoine dífhostaithe, d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean, agus duitse má mholann tú do chara leat cúrsa a dhéanamh leis an gConradh, ag baint leasa as an gcód lascaine CNAG2016 agus sibh ag clárú an téarma seo.

Cuirfear tús le téarma 10-seachtaine na ranganna oíche i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, oíche Luain, 18 Eanáir 2016, ó 7.00 – 9.00in. Rang dhá uair a’ chloig oíche amháin in aghaidh na seachtaine i gConradh na Gaeilge atá i gceist leis na cúrsaí, agus tá rogha idir naoi leibhéal éagsúla ar fáil ar rogha oícheanta Dé Luain, Dé Máirt, nó Dé Céadaoin.

Gné ar leith de chúrsaí Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ná an deis a sholáthraíonn siad do scoláirí na scileanna teanga ón seomra ranga a chur chun sochair láithreach ar bhonn sóisialta, tráth go mbíonn briseadh tae le sólaistí in aisce thíos staighre i gClub Chonradh na Gaeilge ar 8.00in. Tugann an briseadh seo seans do rannpháirtithe na ranganna a scíth a ligean agus dul i mbun comhrá neamhfhoirmeálta le chéile trí mheán na Gaeilge.

Is comhordaitheoir na gcúrsaí Gaeilge é John Ó Liodáin, Feidhmeannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta le Conradh na Gaeilge, agus deir sé:

“Más tuismitheoir ag iarraidh cabhrú le hobair bhaile Ghaeilge na bpáistí, duine ar scor ag súil le cúpla focal a chleachtadh ar bhonn sóisialta, duine le spéis sa Ghaeilge nó duine le rún Athbhliana chun 2016 a chomóradh ar bhealach praiticiúil atá ionat, tá cúrsa ag Conradh na Gaeilge in oiriúint duitse agus go deimhin do gach duine ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge i mí Eanáir.

“Is bealach iontach iad cúrsaí Chonradh na Gaeilge le cairdeas a chruthú agus tú féin a thumadh i gceann de na gnéithe is spraíúla, is sainiúla, agus is taitneamhaí de chultúr na hÉireann, mar cuireann muid gréasán d’imeachtaí sóisialta agus de theagmhálacha Gaeilge ar fáil do gach custaiméir chomh maith, chun tacú lena gcuid foghlama. Is féidir ciall a dhéanamh den teanga a fhoghlaimíonn tú agus leas a bhaint aisti i gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha láithreach – agus is breá le chuile dhuine na brioscaí agus an cupán tae i gClub an Chonartha um briseadh leis!”

Cloíonn ranganna oíche Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge agus freastalaíonn na cúrsaí ag 6 Sráid Fhearchair ar gach leibhéal foghlaimeora. Tá cúrsa comhrá 10 seachtaine do dhaltaí Ardteiste ag ullmhú don scrúdú cainte Gaeilge ag tosú i mBaile Átha Cliath ar 28 Eanáir 2016 freisin, agus reáchtálfar an chéad dhianchúrsa ullmhúcháin eile um agallamh Gaeilge do chúrsa iarchéime na bunmhúinteoireachta i gConradh na Gaeilge ar 27 Feabhra 2016.

Is féidir clárú do chúrsaí Chonradh na Gaeilge ar-líne ag www.cnag.ie nó trí ríomhphost a sheoladh go Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., nó trí ghlaoch ar 00353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil. Tá ranganna Gaeilge eile de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh, in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann freisin.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.