Skip to main content

Céard É An Scéal? Tacaíocht an Tromlaigh ag an Teanga, dar le taighde neamhspleách arna coimisiúnú ag Conradh na Gaeilge

Céard É An Scéal? Tuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge 2015Léiríonn chéad tuairisc taighde an Chonartha an-dearfacht maidir leis an nGaeilge ar fud an oileáin, ach níos mó tacaíochta ón stát á éileamh ag an bpobal

Léiríonn tuairisc taighde dar teideal Céard É An Scéal? Tuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge arna coimisiúnú ag Conradh na Gaeilge i mbliana go mba mhaith le 44% den phobal ó dheas agus 29% den phobal ó thuaidh deis a bheith acu tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim. Creideann 70% den phobal ó dheas agus 54% den phobal ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge dóibh siúd ar mhaith leo iad a úsáid, agus go mba mhaith le 61% ó dheas agus le 48% ó thuaidh tuilleadh tacaíochta a fheiceáil don Ghaeilge ón stát, dar leis an taighde a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge ar an suíomh PEIG.ie inniu (Dé Luain, 14 Nollaig 2015).

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Léiríonn an taighde is déanaí arna coimisiúnú ag Conradh na Gaeilge go bhfuil tromlach de thuairimí dearfacha ag pobal na hÉireann i leith na teanga, ní amháin i measc phobal na Gaeilge féin, ach i measc an mhórphobail trí chéile.  Is léir ó thaighde na bliana seo go bhfuil tacaíocht láidir ann do bhreis sheirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann áfach, agus go gcreideann tromlach na ndaoine ar an oileán gur chóir don stát níos mó a dhéanamh don teanga, agus do phobal na teanga."

Deiseanna Úsáidte:

  • Ba mhaith le 45% ó dheas agus le 26% ó thuaidh an deis a bheith acu tuilleadh Gaeilge a úsáid
  • Ba mhaith le 44% ó dheas agus le 29% ó thuaidh an deis a bheith acu tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim 
  • Creideann 72% ó dheas agus 63% ó thuaidh gur chóir go mbeadh Gaeloideachas ar fáil do dhaoine ar mhaith leo é

Seirbhísí as Gaeilge & Tacaíocht ón Stát:

  • Aontaíonn 65% ó dheas agus 55% ó thuaidh gur chóir don stát / rialtas tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla chun straitéis Ghaeilge a fhorbairt ina gceantar féin
  • Ba mhaith le 61% ó dheas agus le 48% ó thuaidh tuilleadh tacaíochta a fheiceáil don Ghaeilge ón stát / rialtas
  • Creideann 70% ó dheas agus 54% ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge do dhaoine ar mhaith leo iad a úsáid
  • Creideann 53% ó dheas gur chóir go mbeadh ainmneacha Gaeilge ar chomhlachtaí stáit nó leathstáit i gcónaí
  • Creideann 50% ó thuaidh gur chóir comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i gceantair ina bhfuil éileamh ann

An Ghaeilge & Eacnamaíocht na hÉireann:

  • Aontaíonn 53% ó dheas agus 46% ó thuaidh gur féidir leis an Ghaeilge cur go dearfach le forbairt eacnamaíochta an oileáin
  • Creideann 42% ó dheas agus 37% ó thuaidh gur gné uathúil dhíolacháin í an Ghaeilge

Seachtain na Gaeilge:

  • Tá 50% ó dheas agus 11% ó thuaidh ar an eolas faoi Sheachtain na Gaeilge
  • I measc na ndaoine atá ar an eolas faoi Sheachtain na Gaeilge, ghlac 33% acu ó dheas agus 25% acu ó thuaidh páirt in imeacht de chuid Sheachtain na Gaeilge

Cumas sa Ghaeilge:

  • Tá 5% nó 90,543 duine ó thuaidh muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha, agus 8% nó 144,869 duine ó thuaidh muiníneach go dtuigeann siad an Ghaeilge
  • Tá 26% nó 1,192,946 duine ó dheas muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha, agus 35% nó 1,605,888 duine ó dheas muiníneach go dtuigeann siad an Ghaeilge

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an bpróiseas comhairliúcháin chun tuairimí an phobail i leith na Gaeilge a mheas ag tús 2015, agus tá sé beartaithe ag an gConradh tógáil ar an taighde trí chomhairliúcháin bhreise a choimisiúnú ar bhonn bliantúil as seo amach, áit a ndíreoidh na ceisteanna ar théamaí difriúla ó bhliain go bliain chun réimse an eolais a leathnú amach.

Tá tuairisc na bliana seo bunaithe ar sé fhócasghrúpa éagsúla a reáchtáil Conradh na Gaeilge thuaidh agus theas i gcomhar leis an gcomhlacht Amárach Research, agus ar shuirbhé neamhspleách a rinne Millward Brown ar son an Chonartha ar bhonn uile oileánda i mí Eanáir 2015, áit ar chuir an comhlacht taighde margaidh ceisteanna maidir leis an nGaeilge ar bhreis ‘s 2,000 rannpháirtí ó chúlraí éagsúla.

Dúirt Ursula Ní Shabhaois, Feidhmeannach Anailíse & Taighde le Conradh na Gaeilge agus údar na tuairisce Céard É An Scéal?:

“Choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge Céard É An Scéal? Tuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge mar fhoinse eolais iontaofa chun léargas a fháil ar na riachtanais agus ar na tosaíochtaí atá ag pobal na teanga, agus mar acmhainn luachmhar stocaireachta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile amach anseo.”

 Tá cóipeanna crua den tuairisc taighde ar fáil ó oifigí Chonradh na Gaeilge i nGaillimh, i mBéal Feirste, agus i mBaile Átha Cliath, nó is féidir leagan bog den anailís ar staid reatha na Gaeilge leis na graif cuí a fháil ar-líne ó PEIG.ie/taighde nó trí ríomhphost a sheoladh ag taighde@cnag.ie.

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Céard É An Scéal? Tuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge (2015)

Tá torthaí na tuairisce taighde don bhliain seo bunaithe ar fhócasghrúpa éagsúla a reáchtáil Conradh na Gaeilge thuaidh agus theas i gcomhar leis an gcomhlacht Amárach Research sa tréimhse ó mhí Eanáir go mí Iúil 2015, agus seo a leanas cúlra na rannpháirtithe sna grúpaí éagsúla:

  1. grúpa le Gaeilge líofa;
  2. grúpa d'fhoghlaimeoirí / de dhaoine gan mórán Gaeilge; agus
  3. grúpa gan Ghaeilge ar bith.

Tá na torthaí taighde bunaithe freisin ar shuirbhé neamhspleách a rinne Millward Brown ar son Chonradh na Gaeilge ar bhonn uile oileánda i mí Eanáir 2015, áit ar chuir an comhlacht taighde margaidh ceisteanna maidir leis an nGaeilge ar bhreis ‘s 2,000 rannpháirtí ó chúlraí éagsúla. 

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 14 Nollaig 2015
Le foilsiú láithreach

English version below

 

Céard É An Scéal? Tacaíocht an Tromlaigh ag an Teanga, dar le taighde neamhspleách arna coimisiúnú ag Conradh na Gaeilge

Léiríonn chéad tuairisc taighde an Chonartha an-dearfacht maidir leis an nGaeilge ar fud an oileáin, ach níos mó tacaíochta ón stát á éileamh ag an bpobal

 

Léiríonn tuairisc taighde dar teideal Céard É An Scéal? Tuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge arna coimisiúnú ag Conradh na Gaeilge i mbliana go mba mhaith le 44% den phobal ó dheas agus 29% den phobal ó thuaidh deis a bheith acu tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim. Creideann 70% den phobal ó dheas agus 54% den phobal ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge dóibh siúd ar mhaith leo iad a úsáid, agus go mba mhaith le 61% ó dheas agus le 48% ó thuaidh tuilleadh tacaíochta a fheiceáil don Ghaeilge ón stát, dar leis an taighde a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge ar an suíomh PEIG.ie inniu (Dé Luain, 14 Nollaig 2015).

 

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Léiríonn an taighde is déanaí arna coimisiúnú ag Conradh na Gaeilge go bhfuil tromlach de thuairimí dearfacha ag pobal na hÉireann i leith na teanga, ní amháin i measc phobal na Gaeilge féin, ach i measc an mhórphobail trí chéile.  Is léir ó thaighde na bliana seo go bhfuil tacaíocht láidir ann do bhreis sheirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann áfach, agus go gcreideann tromlach na ndaoine ar an oileán gur chóir don stát níos mó a dhéanamh don teanga, agus do phobal na teanga.”

 

Deiseanna Úsáidte:

  • Ba mhaith le 45% ó dheas agus le 26% ó thuaidh an deis a bheith acu tuilleadh Gaeilge a úsáid
  • Ba mhaith le 44% ó dheas agus le 29% ó thuaidh an deis a bheith acu tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim 
  • Creideann 72% ó dheas agus 63% ó thuaidh gur chóir go mbeadh Gaeloideachas ar fáil do dhaoine ar mhaith leo é

Seirbhísí as Gaeilge & Tacaíocht ón Stát:

  • Aontaíonn 65% ó dheas agus 55% ó thuaidh gur chóir don stát / rialtas tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla chun straitéis Ghaeilge a fhorbairt ina gceantar féin
  • Ba mhaith le 61% ó dheas agus le 48% ó thuaidh tuilleadh tacaíochta a fheiceáil don Ghaeilge ón stát / rialtas
  • Creideann 70% ó dheas agus 54% ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge do dhaoine ar mhaith leo iad a úsáid
  • Creideann 53% ó dheas gur chóir go mbeadh ainmneacha Gaeilge ar chomhlachtaí stáit nó leathstáit i gcónaí
  • Creideann 50% ó thuaidh gur chóir comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i gceantair ina bhfuil éileamh ann

An Ghaeilge & Eacnamaíocht na hÉireann:

  • Aontaíonn 53% ó dheas agus 46% ó thuaidh gur féidir leis an Ghaeilge cur go dearfach le forbairt eacnamaíochta an oileáin
  • Creideann 42% ó dheas agus 37% ó thuaidh gur gné uathúil dhíolacháin í an Ghaeilge

Seachtain na Gaeilge:

  • Tá 50% ó dheas agus 11% ó thuaidh ar an eolas faoi Sheachtain na Gaeilge
  • I measc na ndaoine atá ar an eolas faoi Sheachtain na Gaeilge, ghlac 33% acu ó dheas agus 25% acu ó thuaidh páirt in imeacht de chuid Sheachtain na Gaeilge

Cumas sa Ghaeilge:

  • Tá 5% nó 90,543 duine ó thuaidh muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha, agus 8% nó 144,869 duine ó thuaidh muiníneach go dtuigeann siad an Ghaeilge
  • Tá 26% nó 1,192,946 duine ó dheas muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha, agus 35% nó 1,605,888 duine ó dheas muiníneach go dtuigeann siad an Ghaeilge

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an bpróiseas comhairliúcháin chun tuairimí an phobail i leith na Gaeilge a mheas ag tús 2015, agus tá sé beartaithe ag an gConradh tógáil ar an taighde trí chomhairliúcháin bhreise a choimisiúnú ar bhonn bliantúil as seo amach, áit a ndíreoidh na ceisteanna ar théamaí difriúla ó bhliain go bliain chun réimse an eolais a leathnú amach.

 

Tá tuairisc na bliana seo bunaithe ar sé fhócasghrúpa éagsúla a reáchtáil Conradh na Gaeilge thuaidh agus theas i gcomhar leis an gcomhlacht Amárach Research, agus ar shuirbhé neamhspleách a rinne Millward Brown ar son an Chonartha ar bhonn uile oileánda i mí Eanáir 2015, áit ar chuir an comhlacht taighde margaidh ceisteanna maidir leis an nGaeilge ar bhreis ‘s 2,000 rannpháirtí ó chúlraí éagsúla.

 

Dúirt Ursula Ní Shabhaois,Feidhmeannach Anailíse & Taighde le Conradh na Gaeilge agus údar na tuairisce Céard É An Scéal?:

 

“Choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge Céard É An Scéal? Tuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge marfhoinse eolais iontaofa chun léargas a fháil ar na riachtanais agus ar na tosaíochtaí atá ag pobal na teanga, agus mar acmhainn luachmhar stocaireachta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile amach anseo.”

 

Tá cóipeanna crua den tuairisc taighde ar fáil ó oifigí Chonradh na Gaeilge i nGaillimh, i mBéal Feirste, agus i mBaile Átha Cliath, nó is féidir leagan bog den anailís ar staid reatha na Gaeilge leis na graif cuí a fháil ar-líne ó PEIG.ie/taighde nó trí ríomhphost a sheoladh ag taighde@cnag.ie.

 

CRÍOCH

 

TUILLEADH EOLAIS:

 

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)86 8142757 | 00 353 (0)1 4757401

 

Ursula Ní Shabhaois

Údar Céard É An Scéal? | Feidhmeannach Anailíse & Taighde, Conradh na Gaeilge

0044 (0)75 94280840 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 0044 (0)28 90241510

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í príomhaidhm an Chonartha an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Oibríonn an eagraíocht ar son na Gaeilge agus ar son gach duine a bhaineann leas as an teanga ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain. Tá nach mór 180 craobh ag Conradh na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga, agus is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur an Ghaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre – ó chúrsaí dlí agus oideachais, go forbairtí sna meáin agus seirbhísí trí Ghaeilge – ó bunaíodh Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú, agus bíonn baill na heagraíochta ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/courses

 

Céard É An Scéal? Tuairimí an Phobail i Leith na Gaeilge (2015)

Tá torthaí na tuairisce taighde don bhliain seo bunaithe ar fhócasghrúpa éagsúla a reáchtáil Conradh na Gaeilge thuaidh agus theas i gcomhar leis an gcomhlacht Amárach Research sa tréimhse ó mhí Eanáir go mí Iúil 2015, agus seo a leanas cúlra na rannpháirtithe sna grúpaí éagsúla:

 

  1. grúpa le Gaeilge líofa;
  2. grúpa d'fhoghlaimeoirí / de dhaoine gan mórán Gaeilge; agus
  3. grúpa gan Ghaeilge ar bith.

Tá na torthaí taighde bunaithe freisin ar shuirbhé neamhspleách a rinne Millward Brown ar son Chonradh na Gaeilge ar bhonn uile oileánda i mí Eanáir 2015, áit ar chuir an comhlacht taighde margaidh ceisteanna maidir leis an nGaeilge ar bhreis ‘s 2,000 rannpháirtí ó chúlraí éagsúla. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.