Skip to main content

Eoghan McDermott, RTÉ 2fm, Ag Cur Tús leis an Ravelóid

Eoghan McDermott ag cur tús leis an Ravelóid!Féile cheoil úrnua á seoladh mar chuid de chlár Éire 2016

Beidh Ravelóid – an chéad fhéile cheoil a reáchtálfar trí Ghaeilge an samhradh seo chugainn– á sheoladh ag Eoghan McDermott, láithreoir le RTÉ 2fm, ag ceolchoirm speisialta i gCearnóg Theach an Thionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ag 7in Dé Céadaoin, 9 Nollaig 2015.

Is féile cheoil agus chultúir cheannródaíoch í Ravelóid a bheidh ag teacht go Caisleán Ard Giolláin, Baile Átha Cliath, ó 10 – 11 Meitheamh 2016 mar phríomhimeacht na Gaeilge de chuid Chlár Comórtha Éire 2016. Beidh Ravelóid ar an gcéad mhórfhéile shamhraidh chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur i lár an aonaigh le meascán spreagúil, spraíúil de nuacheol agus ceol traidisiúnta, greann, damhsa, litríocht, cainteanna, ceardlanna, agus eile. Tá RTÉ 2fm ag tacú le Ravelóid agus coinneoidh 2fm a chuid lucht éisteachta ar an eolas faoi nuacht Ravelóid agus muid ag tarraingt ar an bhféile. Craolfaidh Eoghan a sheó ar 2fm ó 4-7in ón gCearnóg chomh maith.

Beidh ceol beo ó Kíla le cloisteáil ar oíche an tseolta (9 Nollaig 2015) chomh maith le plé bríomhar faoin bhféile ó phainéal de chainteoirí á stiúradh ag Eoghan McDermott agus cuirfear bia agus deochanna ar fáil go dtí 8in.

Campáil le Kíla ag Ravelóid

Is ar thailte fairsinge Chaisleán Ard Giolláin i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a bheidh Ravelóid á reáchtáil an samhradh seo chugainn, áit a mbeidh áiseanna campála ar fáil in aisce don 5,000 duine a fhreastalóidh ar an bhféile uathúil seo.

Deir Tomaí Ó Conghaile, Cathaoirleach ar choiste Ravelóid:

“Cuireann Ravelóid fáilte Uí Cheallaigh roimh achan duine freastal ar an imeacht spleodrach seo, an fhéile is úire agus is dearfaí i saol na Gaeilge a dhéanfaidh ceiliúradh ar bheocht agus ar éagsúlacht chultúr comhaimseartha na teanga mar atá inniu. Ná bígí buartha, ní bheidh scrúdú béil ar an gheata, mar sin bígí in bhur Ravelóidithe agus bígí linn an samhradh seo!”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.