Fáilte Croíúil an Chonartha Roimh Chlár Ama Céimiúil Chun Deireadh A Chur Le Maolú na Gaeilge san AE

Ach éilíonn Conradh na Gaeilge clár ama earcaíochta mar ábhar práinne

Bratacha an Aontais EorpachaSna sála ar fhógra an Rialtais i mí Iúil na bliana seo go gcuirfí deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas Eoraip ar bhonn céimiúil faoi 31 Nollaig 2021, fáiltíonn Conradh na Gaeilge anois roimh fhoilsiú an phlean chéimnithigh chuige seo mar chuid de rialachán a chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh inné (3 Nollaig 2015), ach éilíonn ar an Rialtas clár ama céimiúil chun go n-earcófar líon leordhóthanach pearsanra le Gaeilge laistigh d’achar cúig bliana a fhoilsiú láithreach freisin.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú an chláir ama do mhéadú céimnitheach na reachtaíochta atá le haistriú go ‎Gaeilge san Aontas Eorpach, agus éilíonn clár ama um earcaíocht an phearsanra chuige seo mar ábhar práinne. Deis iontach do phobal na Gaeilge a bheidh i gcomórtais earcaíochta an Aontas Eorpaigh amach anseo, agus ní mór don Rialtas spriocanna cinnte, intomhaiste a chinntiú leis na hinstitiúid éagsúla san Aontas Eorpach i dtaca le líon na gcéimithe inniúla Gaeilge a chuirfear ar fáil gach bliain idir seo agus 2021 d’fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha, céim ar chéim.”

Thug na mílte duine faoi shráideanna Bhaile Átha Cliath chun a gcearta teanga agus stádas iomlán don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a éileamh ag An Lá Mór ar an 24 Aibreán 2004, agus arís mar chuid de na héilimh luaite le Lá Mór na Gaeilge ar 14 Feabhra 2014 deich mbliana níos déanaí.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní mór go mbeadh an Ghaeilge ina teanga iomlán oibre ag gach institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh, agus anuas ar an gclár ama céimiúil reachtaíochta, tá clár ama céimiúil earcaíochta ag teastáil chun a dhóthain ateangairí, aistritheoirí agus eile a fhostú faoi 31 Nollaig 2021.

“Agus plean céimiúil á éileamh ag Conradh na Gaeilge le deireadh a chur le maolú na Gaeilge san Aontas Eoraip le breis agus deich mbliana anuas, is deas linn ar deireadh comhaontú cinnte agus rialachán a fháil ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh a leagann amach méadú incriminteach ar na catagóirí de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá le haistriú go Gaeilge, agus a leanann le cur chuige réamhghníomhach chun eolas a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a mhéadú.”

Tá Conradh na Gaeilge ar fáil le páirt ghníomhach a ghlacadh i bpleananna céimiúla an Rialtais chun deireadh a chur leis an maolú ar stádas iomlán na Gaeilge san Aontas Eoraip sa chéad cúig bliana eile, agus súil ag an eagraíocht ról lárnach a choinneáil sa stocaireacht ar mhaithe le teanga iomlán oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanamh den Ghaeilge a luaithe agus is féidir.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge