Aire Stáit McHugh agus Michael McDowell le Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge a sheoladh i gColáiste na Tríonóide

Clár Chomóradh 2016 Chonradh na GaeilgeSeolfaidh an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta Joe Mc Hugh T.D. agus Michael McDowell, abhcóide sinsir, iar-Aire Dlí agus Cirt, agus garmhac Eoin Mhic Néill, Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge mar chuid den snáithe An Teanga Bheo de chuid Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016, in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ar 6.00in inniu (Dé Luain, 23 Samhain 2015).

Deir an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta Joe Mc Hugh T.D.:

 

“Reáchtálfar an clár cuimsitheach atá beartaithe ag Conradh na Gaeilge mar chuid de shnáithe Gaeilge Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016 dar teideal An Teanga Bheo. Bhain an athbheochan chultúrtha, agus ról agus tábhacht ár dteanga dhúchais go smior le fís cheannairí 1916. Is iontach an rud é go mbeidh ár dteanga á spreagadh le beocht as an úr, ní hamháin mar chuid den snáithe An Teanga Bheo, ach í fite fuaite trí shnáitheanna uilig an chláir an bhliain seo chugainn. Tá An Teanga Bheo bunaithe ar an chomhpháirtíocht, comhpháirtíocht idir mo Roinnse agus Conradh na Gaeilge sa chás seo, agus tá mé ag tnúth leis an chlár a fheiceáil de réir mar a thiteann sé amach sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.”

Deir Michael McDowell, Abhcóide Sinsir:

 

“Is muide atá inár n-oidhrí ar an nGaeilge agus ar ár gcultúr Gaelach agus anois is linne an dúshlán iad a choimeád beo agus iad a chaomhnú agus a fhorbairt. Is é an dúshlán sin an dúshlán céanna a bhí roimh bhunaitheoirí an Chonartha céad bliain ó shin agus tá an dúshlán sin chomh mór agus chomh deacair inniu ná mar a bhí dóibhsean ag an am sin.”

Mar chuid de Chlár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge, tá 15,000 leathanaigh den iris is mó tionchar sa tréimhse roimh an Éirí Amach – An Claidheamh Soluis – á ndigitiú ag an gConradh, fad agus atá atheagar á chur ar ábhair chartlainne an Chonartha agus cuid den bhailiúchán á cur ar fáil ar-líne den chéad uair. Beidh sraith de sheimineáir dhátheangacha dar teideal Plé 16 á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear chomh maith, seimineáir a dhíreoidh ar an ról lárnach a ghlac baill an Chonartha sna himeachtaí roimh an Éirí Amach, ar an tsaoirse inchinne a bhí fite fuaite le gluaiseacht na Gaeilge, ar ról na mban san Athbheochan Chultúrtha, agus ar thodhchaí an chultúir Ghaelaigh. Reáchtálfar Féile na Físe sna scoileanna ar Lá an Fhorógra an bhliain seo chugainn (15 Márta 2016) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, an fhéile Ghaeilge idirnáisiúnta, agus beidh ceardlanna idirghníomhacha ar siúl mar chuid de Sheó Bóthair Chonradh na Gaeilge sna scoileanna, fad agus a bheidh taispeántas soghluaiste speisialta ag taisteal ó cheann ceann na hÉireann agus thar sáile i gcaitheamh na bliana 2016.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá ríméad orainn go bhfuil Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge á sheoladh i gColáiste na Tríonóide, alma mater Dhúbhglas de hÍde, duine de bhunaitheoirí an Chonartha, i láthair gharmhac le hEoin Mac Néill, duine eile dár mbunaitheoirí, agus trasna an bhóthair ón teach inar rugadh na Piarsaigh. Tá muinín agam go gcuirfidh an réimse leathan, ilghnéitheach imeachtaí agus tograí atá beartaithe againn don chomóradh céad bliain go mór lenár dtuiscint ar an ról lárnach a bhí ag an nGaeilge agus ag baill Chonradh na Gaeilge sa stair, agus go spreagfaidh sé fiú níos mó spéise i measc na glúine seo sa teanga s’againn.”

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Bunaithe ag Dúbhglas de hÍde agus Eoin Mac Néill in 1893, tá tábhacht stairiúil Chonradh na Gaeilge aitheanta ag an iliomad scoláirí agus pearsa a bhí lárnach i mbunú an stáit i gcaitheamh an chéid ó bhí Éirí Amach na Cásca 1916 ann, Mícheál Ó Coileáin san áireamh. Sa saothar s’aige The Path to Freedom, scríobh an Coileánach i 1922:

 

The Gaelic League restored the language to its place in the reverence of the people. It revived Gaelic culture. While being non-political, it was by its very nature intensely national. Within its folds were nurtured the men and women who were to win for Ireland the power to achieve national freedom. Irish history will recognise in the birth of the Gaelic League in 1893 not only the most important event in the nineteenth century, but in the whole history of our nation.”

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í príomhaidhm an Chonartha an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Oibríonn an eagraíocht ar son na Gaeilge agus ar son gach duine a bhaineann leas as an teanga ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain. Tá nach mór 180 craobh ag Conradh na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga, agus is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur an Ghaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre – ó chúrsaí dlí agus oideachais, go forbairtí sna meáin agus seirbhísí trí Ghaeilge – ó bunaíodh Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú, agus bíonn baill na heagraíochta ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/courses


Is ionann Éire 2016 agus an Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann. Is snáithe amháin é An Teanga Bheo de chlár Éire 2016 ina gcuimsítear seacht snáithe ina iomláine, Searmanais Stáit, Machnamh ar an Stair, Léiriú Cultúrtha, Rannpháirtíocht Phobail, An Óige agus an tSamhlaíocht, agus Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra san áireamh. Gach eolas maidir le Clár Comórtha Céad Bliain Éire 2016 ar fáil ó: www.ireland.ie


Is éard atá i gceist le Féile na Físe ná clár d’imeachtaí ar féidir le scoileanna agus le grúpaí pobail a eagrú ar nó thart ar Lá an Fhorógra (15 Márta 2016) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí 1916 agus chun tionchar agus tábhacht na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh san fhís a bhí ag ceannairí an Éirí Amach d’Éirinn a cheiliúradh. Is í aidhm Féile na Físe ná go mbeidh deis ag gach duine sa tír páirt a ghlacadh i bhféile a dhíreoidh aird ar gach gné den cultúr Gaelach ó chluichí Gaelacha traidisiúnta go drámaíocht, ceol, rince, amhránaíocht, béaloideas agus go leor, leor eile. Cuirfidh Seachtain na Gaeilge áiseanna agus treoracha ar fáil ó thús Eanáir ar aghaidh. Tuilleadh eolais: www.snag.ie


Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Bíonn an fhéile ar siúl ón 1 – 17 Márta gach bliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa. Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge. Tuilleadh eolais: www.snag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge