Skip to main content

Dúshlán Gaeilge24 Ag Spreagadh 25,000+ Dalta Chun Cainte

Gaeilge24 i Scoil Ghraiméir Droichead ÁthaDúshlán teanga is mó riamh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i 200+ scoil

Tá an dúshlán Gaeilge24 á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le níos mó ná 25,000 dalta i mbreis ‘s 200 scoil ar fud na hÉireann inniu (Dé Máirt, 10 Samhain 2015), áit a mbeidh na scoláirí scoile ag tiomsú airgid ar son chur chun cinn na teanga agus iad ag labhairt i nGaeilge amháin ar feadh an lae.

Is í seo an ceathrú bliain den dúshlán uathúil bliantúil seo agus tá Gaeilge24 ag dul ó neart go neart i gcónaí: tá scoileanna ó beagnach gach contae in Éirinn agus níos mó daoine ná riamh ag glacadh páirte i nGaeilge24 i mbliana. Cuidíonn Gaeilge24 le hintinn na ndaoine óga a oscailt don teanga ar bhealach spraíúil, ábhartha agus tugann eispéireas dearfach dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin. 

Is í aidhm Gaeilge24 ná daoine óga a spreagadh chun Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a’ chloig i ngach aon áit agus i ngach réimse saoil s’acu ar aon lá ar leith: ar scoil, sa bhaile, ag na siopaí agus le gnólachtaí áitiúla, le cairde leo, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt, lena muintir, agus le múinteoirí.

Arsa Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge agus Bainisteoir an dúshláin Gaeilge24:

"Tá úsáid na Gaeilge i measc an aosa óig á normalú ag Conradh na Gaeilge le Gaeilge24, agus is iontach an rud é go bhfuil 5,000 dalta breise tar éis clárú don dúshlán i mbliana. Tá na mílte pacáistí tacaíochta seolta againn ag scoileanna thuaidh agus theas le cúpla lá anuas, agus táimidne i gConradh na Gaeilge ar bís chun an Ghaeilge a chloisteáil in úsáid ag breis ‘s 25,000 scoláire ar fud an oileáin ar aon lá amháin inniu!”

Is iad rannpháirtithe an dúshláin Gaeilge24 féin a bheidh ag scaipeadh agus ag spreagadh úsáid na teanga i measc an phobail pé áit ina bhfuil siad, ag spreagadh daoine eile le labhairt leo i nGaeilge agus ag tacú le gach duine chun a gcuid cúpla focal féin a úsáid tríd an lá. Chomh maith leis sin, bailítear airgead le cabhrú leis an nGaeilge a chur chun cinn ar an lá, agus bíonn deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa dúshlán ar-líne tríd an haischlib #Gaeilge24 a úsáid ar Twitter freisin.

Deir Martha Ní Chathasaigh, múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Naomh Mharcais, Tamhlacht, Baile Átha Cliath:

“Tugann an dúshlán Gaeilge24 deis do phobal na scoile – idir dhaltaí, mhúinteoirí, agus thuismitheoirí – blaiseadh den teanga a fháil ar bhealach dearfach lasmuigh den seomra ranga. Baineann gach duine an-taitneamh as Gaeilge24 agus d’fhéadfá a rá go mbíonn an scoil ina Gaeltacht bheag ar lá an dúshláin. Cothaíonn Gaeilge24 spéis na ndaltaí sa Ghaeilge agus go fadtéarmach cabhraíonn imeachtaí dá leithéid le muinín na ndaltaí agus iad ag foghlaim na teanga.”

Tá idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann ag glacadh páirte sa dúshlán Gaeilge24 is déanaí de chuid Chonradh na Gaeilge inniu (10 Samhain 2015). Téann aon bhrabús ón lá i dtreo na carthanachta Conradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.