Cáinaisnéis míchothrom ar phobal na Gaeilge & na Gaeltachta

Cáineann Conradh na Gaeilge cinneadh an Rialtais tuilleadh ciorraithe a ghearradh ar na húdaráis Ghaeilge & Ghaeltachta in ainneoin €1.5 billiún breise a chaitheamh i gCáinaisnéis 2016

Cáineann Conradh na Gaeilge cinneadh an Rialtais laghdú breis agus milliún euro ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta a fhógairt i gCáinaisnéis 2016 inniu (Dé Máirt, 13 Deireadh Fómhair 2015), go háirithe agus méadú 12% tagtha ar bhuiséad iomlán na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do 2016.

Creideann Conradh na Gaeilge gur scannal é go bhfuil laghdú chomh suntasach beartaithe do bhuiséad caipitil an Údaráis tráth go bhfuil tuilleadh infheistíochta de dhíth go géar sna Gaeltachtaí, agus go bhfuil cuma ar an scéal fosta go bhfuil ciorrú maoinithe i gceist don Fhoras Teanga trasteorann freisin, rud a thugann le fios go mbeidh laghdú eile i ndán do bhuiséad Fhoras na Gaeilge amach anseo chomh maith.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“In ainneoin go bhfuil breis agus €1.5 billiún breise á chaitheamh ag an Rialtas ó dheas i gCáinaisnéis 2016 fógraíodh ciorrú as cuimse ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta agus ar bhuiséad an Fhorais Teanga mar chuid de cháinaisnéis an lae inniu. Is léir nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt ag an Rialtas seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Aire Heather Humphries méadú suntasach a chinntiú do mhaoiniú na n-údaráis siúd le cúraim acu as an teanga agus as an nGaeltacht a chothú agus a chur chun cinn mar ábhar práinne.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, tuilleadh maoinithe a lorg, ní hamháin d’allúntas caipitil Údarás na Gaeltachta, ach do bhuiséad Fhoras na Gaeilge faoin bpróiseas meastachán athbhreithnithe.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Más fíor don mhéid ar fógraíodh i gCáinaisnéis 2016 inniu, beidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú le buiséad caipitil atá milliún euro níos lú ná an buiséad a cuireadh ar fáil don Údarás anuraidh, agus beidh tuilleadh airgid á ghearradh ó bhuiséad Fhoras na Gaeilge freisin. Fágfaidh sé seo go mbeidh pobal iomlán na tíre seo thíos leis, ó thaobh deiseanna úsáidte Gaeilge agus foghlama na teanga de, agus beidh impleachtaí tromchúiseacha aige seo ar an obair a chuireann Conradh na Gaeilge agus grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta eile i gcrích i measc an phobail.

“Tá Seachtain na Gaeilge ar an bhféile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó ar domhan mar shampla, ach d’fhéadfaí go mbeadh ciorrú 50% ar bhuiséad na féile sin i measc cuid na n-imeachtaí tromchúiseacha ag teacht ón laghdú maoinithe sa cháinaisnéis seo inniu – níl sé seo ceart ná cóir.”

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an maoiniú de €1 mhilliún a fógraíodh sa cháinaisnéis chun An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 a chur i bhfeidhm ó dheas, ach creideann nár chóir go mbeadh maoiniú á bhaint ó sheirbhísí agus ó riachtanais phobail eile chuige seo. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, an maoiniú cuí a chur ar fáil chun *plean infheistíochta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta – arna aontú ag 70+ grúpa pobail agus údaráis teanga agus a d’fhéadfadh 1,160+ post a chruthú – a chur i gcrích sna blianta amach romhainn.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Éilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta:

*Tá plean infheistíochta uile-oileánda aontaithe ag níos mó ná 70 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – agus d’fhéadfaí breis ‘s 1,160 post a chruthú agus réimse leathan deiseanna a sholáthar don phobal leis an nGaeilge a úsáid dá ndéanfaí an infheistíocht bhreise de €18 milliún in Údarás na Gaeltachta agus i bhForas na Gaeilge, agus dá gcuirfí an plean infheistíochta i bhfeidhm ina iomláine.

Is í seo an chéad uair do na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, atá ag feidhmiú i measc an phobail, scéimeanna agus tograí sonracha a aontú leis na húdaráis chuí ar mhaithe leis an dul chun cinn is mó a dhéanamh ar son na teanga, agus chun an luach is fearr ar airgead a bhaint amach, bunaithe ar shaineolas agus ar thaithí uile na hearnála. Seoladh an plean infheistíochta ag ócáid i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo caite (6 Deireadh Fómhair 2015), agus tá na grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta ag iarraidh go léireoidh gach páirtí polaitíochta tacaíocht don phlean sna forógraí olltoghcháin s’acu.

Tá bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-oileánda chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú.

Buiséad Fhoras na Gaeilge:

Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta go mór le blianta beaga anuas, fad agus a leathnaíodh na réimsí oibre s’acu agus cuireadh cúraimí breise orthu chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a chur chun cinn ag an am céanna. Bhain impleachtaí móra le polasaithe agus le reachtaíocht rialtais nua cosúil leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 ó dheas, agus An Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ó thuaidh ar acmhainní an Fhorais agus an Údaráis araon; níor cuireadh na hacmhainní breise a bhí riachtanach do chur i bhfeidhm na gclár seo ar fáil do na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta, ach a mhalairt áfach – laghdaíodh na buiséid s’acu go suntasach le blianta beaga anuas, agus is cosúil go bhfuil laghdú eile i ndán don Fhoras de réir na Cáinaisnéis 2016 a fógraíodh inniu (Dé Máirt, 13 Deireadh Fómhair 2015).

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge