Skip to main content

Cáil Ar Chumas Cainte na nGael Á Tástáil Le Comhrá '15

Deireadh seachtaine fágtha ag grúpaí clárú don churiarracht domhanda as an gcomhrá Gaeilge is faide ar domhan riamh, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge

Comhrá '15Cuirfidh Conradh na Gaeilge tús leis an gcuriarracht domhanda as an gcomhrá Gaeilge leanúnach is faide riamh a reáchtáil Dé Máirt, 6 Deireadh Fómhair 2015, ach tá am ag daoine clárú le Comhrá ’15 go fóill agus grúpa comhrá dá gcuid féin a shocrú trí Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. mar chuid den togra éagsúil seo chun úsáid na teanga a spreagadh.

Mairfidh Comhrá ’15 seachtain iomlán ó 6 Deireadh Fómhair 2015 go dtí meánlae an Mháirt dar gcionn (13 Deireadh Fómhair 2015) agus ní hamháin go mbeidh an comhrá Gaeilge gan stad á shruthú beo ar www.snag.ie ar feadh 170 uair a’ chloig as a chéile, ach beidh deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa chaint ar-líne tríd an haischlib #comhrá a úsáid ar Twitter.

Deir Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Ardú Feasachta le Conradh na Gaeilge:

 

“Beidh féachaint á chur ag Conradh na Gaeilge ar chlú na nGael as féith na cabaireachta a bheith iontu go smior leis an gcuriarracht chainte Comhrá ’15 i mbliana, agus tá súil againn go leor spraoi a spreagadh i measc chainteoirí na Gaeilge freisin! Is bealach fíorthaitneamhach agus iomlán éagsúil é Comhrá ’15 chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc an phobail ar fud an domhain.”

Tá idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann agus ó cheithre airde na cruinne ag glacadh páirte sa churiarracht domhanda is déanaí de chuid Chonradh na Gaeilge, agus tá breis ‘s 45 grúpa cláraithe cheana féin le huair a’chloig chainte nó níos mó a dhéanamh mar chuid de Chomhrá ’15 i mbliana.

I measc na ndreamanna thar sáile atá ag glacadh páirte sa churiarracht Comhrá ’15 i mbliana, áirítear Scoil na Gaeilge Sydney san Astráil, Conradh na Gaeilge Chathair na nAingeal in California, agus An Ghaeltacht-sur-Seine i bPáras na Fraince, fad agus a bheidh cumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, ciorcail chomhrá Is Leor Beirt, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, agus go leor grúpaí pobail eile ag déanamh a gcuid cainte in Éirinn ar son na curiarrachta seo.

Deir Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Ardú Feasachta le Conradh na Gaeilge: 

“Tairgeann Comhrá ’15 deis den scoth do ghrúpaí Gaeilge thar lear nascadh le gréasán mór Gaeilgeoirí in Éirinn agus in áiteanna eile ar fud na cruinne ar-líne, agus táimidne i gConradh na Gaeilge ar bís chun tabhairt faoin togra uathúil seo arís i mbliana ó 6 – 13 Deireadh Fómhair 2015.”

Is féidir le grúpaí nua amharc ar amchlár Comhrá ’15 ar www.snag.ie/comhra agus an t-am is oiriúnaí don ghrúpa a roghnú chun páirt a ghlacadh sa churiarracht chomhrá. Tá foirm chlárúcháin Comhrá ’15 ar fáil ó www.snag.ie/comhra freisin nó is féidir sonraí an ghrúpa a sheoladh ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. roimh 12.00in Dé Luain, 5 Deireadh Fómhair 2015; beidh foireann Comhrá ’15 i dteagmháil chun an t-am a dheimhniú, áit a chuirfear níos mó eolais, treoracha, riachtanais teicneolaíochta, agus pacáiste tacaíochta chuig an ngrúpa.​

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an gcuriarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá 247 sa bhliain 2013, áit ar bhain 90 grúpa 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 na bliana seo caite é sin le 169 uair a’ chloig cainte. Tá físeán den dúshlán spraíúil seo de chuid Chonradh na Gaeilge ar fáil ar YouTube: www.youtube.com/watch?v=nhjuH63JAto.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.