Skip to main content

Breis 's 94% Ar Son Acht Gaeilge Ó Thuaidh

Tá sé in am toil an phobail a chur i bhfeidhm, arsa Conradh na Gaeilge

Acht GaeilgeFógraíodh ag an Choiste Roinn Chultúr Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) inniu (1 Deireadh Fómhair 2015) go raibh 94.7% d’aighneachtaí a fuarthas sa phróiseas comhairliúcháin a rinneadh ag tús na bliana ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

Deir Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

"Tá ardmholadh tuilte ag gach aon duine a ghlac páirt sa phróiseas tábhachtach seo. Tháinig an comhairliúchán seo sna salaí ar suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge ag tús na bliana a léirigh go raibh an phobal i bhfách le seirbhísí Gaeilge a bheith ar fáil don phobal, thuaidh agus theas. Tá teachtaireacht soiléir don rialtas ó na torthaí seo agus ní mór daofa beart dá réir briathar an phobail a dhéanamh. Caithfear cearta lucht labhartha na Gaeilge a dhaingniú i reachtaíocht agus na huirlisí a thabhairt don phobal, a ghlac páirt i gcomhairliúcháin an rialtais go fonnmhar agus le díograis, forbairt na Gaeilge a thiomáint sna bliantaí amach romhainn. Is trí reachtaíocht ceart-bhunaithe a dhéanfar seo."

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh:

"Cuirimid fáilte mhór roimh na torthaí atá foilsithe ag an Choiste Roinn Chultúr, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) i dtaobh an chomhairliúcháin ar Bhille na Gaeilge. Ghlac breis is 13,000 páirt sa phróiseas seo agus tá ardmholadh tuilte ag pobal na Gaeilge ach go háirithe as a rannpháirteachais agus an slí dearfach gur thug siad faoin phróiseas. Tá toradh á gcuid tiomántais le feiceáil sna torthaí seo a léirigh go raibh 94.7% dóibh siúd a sheol aighneacht isteach ar son reachtaíocht teanga. Leanann seo na torthaí a fuaireas ón dhá phróiseas roimhe seo, i 2006 agus i 2007. Éilíonn muid ar na páirtithe san fheidhmeannas toil an phobail a chur i bhfeidhm agus reachtaíocht ceart-bhunaithe, le hacmhainní a reachtú go luath."

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.