Skip to main content

Oíche Chultúir As Gaeilge Ar Fáil Don Mhilliún+ Foghlaimeoir

Imeachtaí Chonradh na Gaeilge ag freastal ar idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa fud fad na tíre araon an Aoine bheag seo

Oíche ChultúirSna sála ar dhea-scéal Duolingo go bhfuil breis agus milliún duine ag foghlaim na Gaeilge buíochas leis an bhfeidhmchlár úd, is tráthúil go mbeidh teacht ag pobal na teanga ar an rogha is leithne d’imeachtaí Gaeilge thuaidh agus theas i lárionaid Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath; Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh; Gaeláras Mhic Ardghail, 6b Sráid an tSéipéil Uachtar, Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin; Halla Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach; Dún Mhuire, 50 Sráid an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann; agus in ionaid eile ó 5.30 – 11.00in um Oíche Chultúir 2015 Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2015.

Cuirfear tús le clár ilghnéitheach Bhaile Átha Cliath le blaiseadh beag de ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge ar 6.00in agus arís ar 7.30in, áit a bhfáilteofar roimh fhoghlaimeoirí ar gach leibhéal foghlama le blaisín spraíúil teagaisc roimh thús oifigiúil na gcúrsaí do théarma an fhómhair in Uimhir 6, agus beidh turas treoraithe dátheangach á reáchtáil timpeall an tí stairiúil seo gach uair a’ chloig nó mar sin ó 6.00 – 9.00in.

Léireofar sceitsí grinn ar shaol na Gaeilge i gClub Chonradh na Gaeilge in íoslach 6 Sráid Fhearchair ar 7.00in nuair a chuirfear Smidiríní chun ardáin, agus beidh plé agus díospóireacht dar téama Tionchar Chonradh na Gaeilge ar Litríocht na Gaeilge ar siúl ins An Siopa Leabhar ar 7.00in dóibh siúd le spéis i gcúrsaí litríochta na teanga. Beidh béim ar leith ar shaothar Chlódhanna Teo., comhlacht foilsitheoireachta Chonradh na Gaeilge, agus is iad Pádraig Ó Snódaigh agus Aindrias Ó Cathasaigh a bheidh i mbun díospóireachta.

Anuas ar na sceitsí grinn nuálaíocha agus ar an léargas staire, reáchtálfar ceardlann rince ar an sean-nós dóibh siúd le níos mó fuinnimh sna géaga ar 8.30in, agus leanfaidh an ceol agus an chraic i gClub Chonradh na Gaeilge ar feadh na hoíche ó 9.30in ar aghaidh. Is comhordaitheoir na n-imeachtaí Gaeilge in Uimhir 6 í Sinéad Ní Dhomhnaill, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Ardú Feasachta, agus deir sí:

 

“Tá deich mbliana den Oíche Chultúir á gceiliúradh ar fud na hÉireann i mbliana, agus tá an-áthas ar Chonradh na Gaeilge go bhfuil ildánacht agus ilchineálacht shaol na Gaeilge san áireamh sa chlár s’againn ar Shráid Fhearchair, ó spraoi na sceitsí grinn go scéalta staire faoi éalú Mhíchíl Uí Choileáin ón bhfoirgneamh agus bunú Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath anseo tráth go raibh an Cairdinéal John Henry Newman ina chónaí in Uimhir 6. Tá béim ar an spraoi agus tú tumtha sa Ghaeilge sa phríomhchathair an Oíche Chultúir seo!”

In iarthar na tíre, beidh ceol traidisiúnta, damhsa ar an sean-nós, gearrscannáin Ghaeilge, físealaín, agus filíocht ar fáil i gClub Áras na nGael ag 45 Sráid Dominic i gCathair na Gaillimhe ó 6.30 – 9.30in, agus feartar fáilte roimh an teaghlach ar fad bualadh isteach ar an oíche airneáin i gcomhluadar Ghaeil na cathrach. Do phobal Mhaigh Eo, fágfaidh turas treoraithe dátheangach Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris ar 6.00in ar Oíche Chultúir 2015, áit a thabharfaidh Colmán Ó Raghallaigh ó Chonradh na Gaeilge Maigh Eo agus staraithe áitiúla eile grúpa thart ar an mbaile mór. Críochnófar an turas sa seanséipéal ina bhfuil an leabharlann féin suite ar 8.00in agus cuirfear tús le léiriú ceoil agus filíochta leis an gcláirseoir áitiúil Gráinne Hambly agus grúpaí ceoil ón gceantar máguaird, mar aon le léamha as saothar mhórfhilí na hÉireann ag John Farragher, Pádraig Ó Catháin, Colmán Ó Raghallaigh agus baill eile de Chonradh na Gaeilge, Maigh Eo.

Ó thuaidh, cuirfidh Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge taispeántas dar teideal Céimeanna i láthair i nGaeláras Mhic Ardghail in Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin, mar aon le seó aonair le hOrlaith Hollywood, Curadh Rince an Domhain faoi 14. Taispeántas ar stair na Rincí Gaelacha i gceantar an Iúir is ea Céimeanna agus le seanghúnaí, boinn, teastais, giotaí nuachta, pictiúir, fadcheirníní, fístéipeanna, agus ábhar a bhaineann le rincí Albanacha ar taispeáint, beidh an t-imeacht ar cheann de bhuaicphointí na hOíche Cultúir. Mar aon leis sin, beidh Noeleen Ní Cholla i measc Ghaeil Mhuineacháin ar an Oíche Chultúir tar éis di an chéad áit sa chomórtas amhránaíochta traidisiúnta a bhaint ag an bhFéile PhanCheilteach i 2012. Roinnfidh an t-amhránaí ó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a dúil sna hamhráin traidisiúnta i nGaeilge agus i nGaeilge na hAlban le gach duine ag Missy As, Sráid na Páirce, Muineachán ar 8.00in Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2015, mar chuid den cheiliúradh arna eagrú ag Muineachán Le Gaeilge, craobh áitiúil Chonradh na Gaeilge.

Ó dheas, beidh amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós, ceol traidisiúnta, agus léamh filíochta á óstáil ag Conradh na Gaeilge Guaire ag 28 - 34 Sráid Selskar, Loch Garman, le linn na hOíche Cultúir fad ‘s a bheidh léiriú neamhfhoirmeálta ar an gcultúr Gaelach á reáchtáil ag Craobh Luimnigh de Chonradh na Gaeilge le ceol, amhráin, rince agus cupán tae do chách ins An Chistin san íoslach ag Halla Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach ó 7.00 – 10.00in. Cuirfear tús leis an Oíche Chultúir i nDún Mhuire ag 50 Sráid an Phiarsaigh ar an Aonach le fáiltiú ceolmhar ar 7.00in, sula seolann an Dr Máire Ní Neachtain ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, an fhéile Dúchas: Éigse do Thiobraid Árann go hoifigiúil. Is í an Dr Aisling Ní Dhonnchadha ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, a thabharfaidh léacht dar teideal Gnéithe cheannródaíocht Phádraig Uí Chonaire i dtréimhse na hAthbheochana i nDún Mhuire ansin ar 8.00in, agus feartar fáilte roimh chách.

Bhunaigh Oireachtas na Gaeilge meitheal oibre ag tús na bliana seo le cuidiú le grúpaí ealaíne, cultúir agus siamsaíochta líon níos mó imeachtaí Gaeilge a eagrú don phobal ar Oíche Chultúir 2015 den chéad uair riamh, agus tá nach mór 80 imeacht Gaeilge cláraithe leis an gceiliúradh ar www.culturenight.ie i mbliana.

 

TUILLEADH EOLAIS:

 

Sinéad Ní Dhomhnaill

Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Ardú Feasachta, Conradh na Gaeilge

00 353 86 1955515 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 1 4757401

Baba Ní Fhlatharta
Oifigeach Forbartha, Conradh na Gaeilge
00 353 91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | www.arasnangael.ie

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Oíche Chultúir: Clár Ama na nImeachtaí Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

17.00 – 18.00 Fáilte
18.00 – 18.30 Blaiseadh den Ghaeilge – ranganna do leibhéil éagsúla
18.30 – 19.00 Turas Timpeall an Tí
19.00 – 19.30 Smidiríní, sceitsí grinn ar shaol na Gaeilge @ Club Chonradh na Gaeilge
19.00 – 20.00 Tionchar Chonradh na Gaeilge ar Litríocht na Gaeilge @ An Siopa Leabhar
19.30 – 20.00 Turas Timpeall an Tí & Blaiseadh den Ghaeilge – ranganna do leibhéil éagsúla
20.00 – 20.30 Smidiríní, sceitsí grinn ar shaol na Gaeilge @ Club Chonradh na Gaeilge
20.30 – 21.30 Ceardlann Rince ar an Sean-Nós
21.00 – 21.30 Turas Timpeall an Tí
21.30 – 23.00 Ceol & Craic @ Club Chonradh na Gaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.