Laghdú €2 Mhilliún don Ghaeilge Má Leantar Leis an gCiorrú Is Déanaí

Laghdú carnach de 12% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge le trí bliana anuas má ghearrtar 4% ar bhuiséad 2016, cruinnithe práinneacha á lorg ag Conradh na Gaeilge le hAirí cuí

Foras na GaeilgeTá cruinnithe práinneacha á lorg ag Conradh na Gaeilge leis na hAirí freagrach as caiteachas agus cúrsaí airgeadais thuaidh agus theas sna sála ar an gcaint go laghdófaí buiséad Fhoras na Gaeilge 4.35% an bhliain seo chugainn, agus tá an Conradh ag éileamh ar an Aire Airgeadais agus Pearsanra ó thuaidh, Arlene Foster CTR, ar an Aire Airgeadais ó dheas, Michael Noonan TD, agus ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ó dheas, Brendan Howlin TD, gan aon chiorrú a dhéanamh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

"Is deacair do Chonradh na Gaeilge a chreidiúint go bhfuil an dá Rialtas thuaidh agus theas ag caint ar chiorrú eile de 4% a ghearradh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge in 2016. Sin laghdú de 12% le trí bliana anuas agus is ionann sin agus nach mór dhá mhilliún euro a bhaint ó mhaoiniú na Gaeilge –airgead atá de dhíth go géar le tacaíocht agus deiseanna a chur ar fáil don phobal trí chéile lena gcuid Gaeilge a úsáid ar bhonn níos minice – má théann siad ar aghaidh leis an gciorrú seo.”

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá an scéal seo níos measa fós nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil an Rialtas ó dheas ag beartú caiteachas breise de €1.5 billiúin a dhéanamh an bhliain seo chugainn; bheadh sé scannalach amach ‘s amach dá mbeadh an Ghaeilge thíos leis agus an oiread sin airgead breise á caitheamh acu. Tá cruinnithe práinneacha á lorg ag Conradh na Gaeilge leis na hAirí cuí leis an scéal a fhiosrú láithreach, agus muid ag éileamh ar an dá Rialtas gan an ciorrú seo a chur i bhfeidhm.”

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is é Foras na Gaeilge an comhlacht trasteorann atá freagrach as an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin ar fud na hÉireann, agus creideann Conradh na Gaeilge gur ghá ar a laghad an méid céanna airgid a cuireadh ar fáil don Fhoras sa bhliain 2015 a chur ar fáil arís don eagras trasteorann in 2016. Níor tháinig aon ardú suntasach ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ó bunaíodh é sa bhliain 1999 – fiú le linn thréimhse rathúil an Tíogair Cheiltigh tráth go raibh arduithe móra á dtabhairt d’áisíneachtaí stáit eile – agus is laghdú carnach de 12% a bheadh i ndán do bhuiséad an Fhorais le trí bliana anuas má leanann an dá Rialtas thuaidh agus theas leis an laghdú is déanaí atá beartaithe acu don eagras, .i. má ghearrtar 4.35% ar bhuiséad an Fhorais an bhliain seo chugainn.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Airgeadais agus Pearsanra, Arlene Foster CTR, ar an Aire Airgeadais, Michael Noonan TD, agus ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin TD, gan aon chiorrú a dhéanamh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Tá cruinnithe práinneacha á lorg ag Conradh na Gaeilge leis na hAirí thuaidh agus theas láithreach faoin mbagairt seo d'obair na Gaeilge.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge