Skip to main content

Comórtas Uí Chonaire Seolta ag Coiste Chontae na Gaillimhe

Comórtas scríbhneoireachta le haghaidh scríbhneoirí óga

Comórtas Uí Chonaire seolta ag Coiste Chontae na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge: Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy, le Siobhán Ní Dhufaigh agus Kelly Ní Mhoráin, Conradh na Gaeilge, Gaillimh, ag ócáid sheolta Chomórtas Uí Chonaire. Is comórtas gearrscéalaíochta atá i gceist leis an gcomórtas nua, do scríbhneoirí faoi bhun 25 bliain d'aois, atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge mar chomóradh ar Phádraig Ó Conaire agus ar fhís litríochta bhaill Chonradh na Gaeilge a ghlac páirt an-mhór in Éirí Amach na Cásca. Gach eolas ar fáil: www.arasnangael.ieScríbhneoirí óga a spreagadh agus ábhar léitheoireachta comhaimseartha a chur ar fáil do dhéagóirí atá mar spriocanna leis an gcomórtas scríbhneoireachta atá á fhógairt ag Coiste Chontae na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge mar thionscnamh comórtha ar Éirí Amach 1916.

Eagraithe i gcuimhne ar Phádraig Ó Conaire agus mar chomóradh ar fhís litríochta bhaill Chonradh na Gaeilge a ghlac páirt an-mhór in Éirí Amach na Cásca, táthar ag súil go spreagfaidh an comórtas glúin de scríbhneoirí nua tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge.

Is comórtas gearrscéalaíochta Gaeilge le haghaidh scríbhneoirí faoi bhun 25 bliain d’aois atá i gceist le Comórtas Uí Chonaire agus é dírithe ar ábhar léitheoireachta a chur ar fáil a bheidh feiliúnach do dhéagóirí idir 15 – 18 bliain d’aois.

Agus príomhdhuais de €1,000 le buachan, is é seo an duaischiste is luachmhaire atá ar fáil do chomórtas le haghaidh scríbhneoirí óga i nGaeilge nó i mBéarla. Bronnfar €400 mar dara dhuais agus €250 mar tríú duais.

Tá Comórtas Uí Chonaire á eagrú ag Coiste Chontae na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge faoi phátrúnacht chlann Uí Chonaire.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Cathaoirleach Choiste Chontae na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge:

 

“Mheas muid, agus muid ag tabhairt faoi chomóradh a dhéanamh ar 1916, go raibh sé tábhachtach ceiliúradh a dhéanamh ar fhís chultúrtha na glúine sin agus dul i mbun gnímh a chuirfeadh le feidhm phraiticiúil a thabhairt don fhís sin. Mar a thuig baill Chonradh na Gaeilge an ama sin tá tábhacht faoi leith leis an bhféiniúlacht a chruthaítear trí do litríocht féin agus tá gá sa lá atá inniu ann an litríocht sin a spreagadh san aos óg, idir scríbhneoireacht agus léitheoireacht.

 

“Tá ríméad orainn go bhfuil clann Uí Chonaire mar phatrúin ar an gcomórtas seo agus go dtugann sé deis dúinn aird a tharraingt in athuair ar shaothar ceannródaíoch Uí Chonaire.”

Is é 5.00in Dé Máirt, 15 Nollaig 2015, an spriocdháta d’iontrálacha do Chomórtas Uí Chonaire agus tá gach eolas ar fáil ó Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, trí ghlaoch ar 00353 (0)91 567824, trí ríomhphost a sheoladh ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí amharc ar-líne ar www.arasnangael.ie.

TUILLEADH EOLAIS:

Peadar Mac Fhlannchadha

Cathaoirleach, Coiste Chontae na Gaillimhe, Conradh na Gaeilge

00 353 87 4188050 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 91 567824

Baba Ní Fhlatharta
Oifigeach Forbartha, Conradh na Gaeilge
00 353 91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | www.arasnangael.ie

ÍOMHÁ NUACHTA:

Comórtas Uí Chonaire seolta ag Coiste Chontae na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge
Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy, le Siobhán Ní Dhufaigh agus Kelly Ní Mhoráin, Conradh na Gaeilge, Gaillimh, ag ócáid sheolta Chomórtas Uí Chonaire. Is comórtas gearrscéalaíochta atá i gceist leis an gcomórtas nua, do scríbhneoirí faoi bhun 25 bliain d'aois, atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge mar chomóradh ar Phádraig Ó Conaire agus ar fhís litríochta bhaill Chonradh na Gaeilge a ghlac páirt an-mhór in Éirí Amach na Cásca. Gach eolas ar fáil: www.arasnangael.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.