Skip to main content

Ní Páistí Scoile Amháin Atá Ag Dul i mBun Foghlama an Fómhar Seo

Cúrsaí fómhair Chonradh na Gaeilge ag freastal ar gach aois, cumas & spreagadh

Cúrsaí Gaeilge 2015 - 2016Más tuismitheoir ag iarraidh cabhrú leis na páistí lena gcuid obair bhaile Ghaeilge, duine ar scor ag súil leis an gcúpla focal s’agat a chleachtadh ar bhonn sóisialta, nó duine ar bith eile le spéis sa Ghaeilge atá ionat, tá cúrsa ag Conradh na Gaeilge atá in oiriúint duitse agus do gach duine ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge sa seomra ranga agus lasmuigh de an fómhar seo – agus tá gach cúrsa níos saoire má mheallann tú cara leat!

Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge as an teanga a theagasc d’fhoghlaimeoirí fásta ó bhunú an eagrais in 1893, agus tá an praghas is fearr ar chúrsaí an Chonartha i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh á thairiscint ar-líne ar www.cnag.ie/courses arís i mbliana. Ní chosnaíonn cúrsa 10-seachtaine sa phríomhchathair ach €180 do 20 uair teagaisc, fad agus atá an ráta lascaine de €160 ar fáil do dhaoine dífhostaithe, d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean, agus duitse má mholann tú do chara leat cúrsa a dhéanamh leis an gConradh, ag baint leasa as an gcód lascaine CARA2015 agus sibh ag clárú an téarma seo.

Cuirfear tús le téarma 10-seachtaine na ranganna oíche i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, oíche Luain, 21 Meán Fómhair 2015, ó 7.00 – 9.00in. Rang dhá uair a’ chloig oíche amháin in aghaidh na seachtaine i gConradh na Gaeilge atá i gceist leis na cúrsaí, agus tá rogha idir naoi leibhéal éagsúla ar fáil ar rogha oícheanta Dé Luain, Dé Máirt, nó Dé Céadaoin.

Gné ar leith de chúrsaí Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ná an deis a sholáthraíonn siad do scoláirí na scileanna teanga ón seomra ranga a chur chun sochair láithreach ar bhonn sóisialta, tráth go mbíonn briseadh tae le sólaistí in aisce thíos staighre i gClub Chonradh na Gaeilge ar 8.00in. Tugann an briseadh seo seans do rannpháirtithe na ranganna a scíth a ligean agus dul i mbun comhrá neamhfhoirmeálta le chéile trí mheán na Gaeilge.

Is comhordaitheoir na gcúrsaí Gaeilge é John Ó Liodáin, Feidhmeannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta le Conradh na Gaeilge, agus deir sé:

 

“Cruthaíonn cúrsaí Chonradh na Gaeilge nasc tábhachtach idir foghlaimeoirí na Gaeilge agus pobal na teanga féin; is aoibhinn leis na custaiméirí s’againn an chaoi ar féidir leis an gConradh gréasán d’imeachtaí sóisialta agus de theagmhálacha Gaeilge a thairiscint dóibh chun tacú lena gcuid foghlama ar bhonn níos leithne ná an seomra ranga amháin. Is féidir ciall a dhéanamh den teanga i gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha ar láthair na ranganna, agus leas a bhaint as na scileanna a fhoghlaimíonn tú anseo sa saol mar atá. Is breá le chuile dhuine de na mic léinn i mBaile Átha Cliath na brioscaí agus na cupáin tae a chuirtear ar fáil i gClub an Chonartha um bhriseadh chomh maith!”

Tosaíonn an téarma 10-seachtaine seachtain níos déanaí i nGaillimh, áit a gcuirfear tús leis na ranganna Dé Luain, 28 Meán Fómhair 2015. Níl ach €145 ar 15 uaire teagaisc ar rogha oíche Luain nó oíche Mháirt ó 6.30in nó ó 8.00in, agus tá sé leibhéal foghlama ar fáil. Anuas air sin, reáchtálann Club Áras na nGael Oíche na bhFoghlaimeoirí ag 45 Sráid Doiminic ar 8.30in gach Céadaoin, áit a mbíonn múinteoir i láthair ag feidhmiú mar éascaitheoir agus deis ag scoláirí úsáid a bhaint as an teanga lasmuigh den seomra ranga.

Cloíonn ranganna oíche Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge agus freastalaíonn na ranganna oíche ar gach leibhéal foghlaimeora, cé go bhfuil réimse leathan de chúrsaí eile á ofráil ag 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, agus ag 45 Sráid Doiminic i nGaillimh i gcaitheamh an fhómhair. Beidh blaisín de na ranganna oíche á chur ar fáil in aisce don mhórphobal i mBaile Átha Cliath mar chuid den cheiliúradh ar Oíche Chultúir in Uimhir a 6 ó 5.00 – 11.00in Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2015, fad agus a reáchtálfaidh Áras na nGael cúrsa ullmhúcháin do scrúdú cainte na hArdteiste Déardaoin ó 5.00 – 6.30in, chun grá na ndaltaí don teanga a spreagadh agus chun na huirlisí atá de dhíth orthu lena gcuid muiníne ag labhairt na Gaeilge a chothú a thabhairt dóibh in am do mhí Aibreáin.

Deir Baba Ní Fhlatharta, Oifigeach Forbartha le Conradh na Gaeilge i nGaillimh:

 

“Léiríonn fianaise ar fud na cruinne gur iomaí buntáiste cognaíoch a bhaineann leis an dátheangachas, is cuma cén aoisghrúpa lena mbaineann tú, mar sin ní hamháin gur iontach an bealach í foghlaim na teanga le Conradh na Gaeilge chun an inchinn a choinneáil grinn, géarchúiseach agus snas a chur ar do CV gan níos mó ná €10 a chaitheamh in aghaidh na seachtaine, ach is iontach an bealach é le cairdeas a chruthú agus tú féin a thumadh i gceann de na gnéithe is spraíúla, is sainiúla, agus is taitneamhaí de chultúr na hÉireann freisin.”

Is féidir clárú do chúrsaí Chonradh na Gaeilge ar-líne ag www.cnag.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le John Ó Liodáin ar ríomhphost ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí ghlaoch ar 00353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil agus chun áit a chur in áirithe duit féin; is féidir teagmháil a dhéanamh le Baba Ní Fhlatharta i nGaillimh ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó ar 00353 (0)91 567824. Tá ranganna Gaeilge eile de chuid an Chonartha ar siúl in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann freisin.

TUILLEADH EOLAIS:

John Ó Liodáin

Feidhmeannach Ilmheán & Lárphointe Feasachta, Conradh na Gaeilge

00 353 87 6428404 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 1 4757401

Baba Ní Fhlatharta
Oifigeach Forbartha, Conradh na Gaeilge
00 353 91 567824| Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | www.arasnangael.ie

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í príomhaidhm an Chonartha an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Oibríonn an eagraíocht ar son na Gaeilge agus ar son gach duine a bhaineann leas as an teanga ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain. Tá nach mór 180 craobh ag Conradh na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga, agus is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur an Ghaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre – ó chúrsaí dlí agus oideachais, go forbairtí sna meáin agus seirbhísí trí Ghaeilge – ó bunaíodh Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú, agus bíonn baill na heagraíochta ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/courses

 

Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge, agus tá scrúduithe TEG bunaithe go ginearálta ar an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Tugann scrúduithe TEG deis d’iarrthóirí, ó ghlantosaitheoirí go leibhéil ardchumais, a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa chluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa. Faoi láthair, cuirtear scrúduithe ar fáil ag cúig leibhéal éagsúla agus tugann foghlaimeoirí le leibhéil líofachta éagsúla sa Ghaeilge faoi scrúduithe TEG gach bliain. Is féidir le hiarrthóirí tabhairt faoin scrúdú cainte amháin, más mian leo cáilíocht faoi leith a bhaint amach sa teanga labhartha. Bíonn na scrúdaithe ar siúl i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine i ndeich n-ionad in Éirinn agus i gceithre ionad thar lear. Tuilleadh eolais: www.teg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.