Skip to main content

Buille Trom do Mhic Léinn Atá i gCinneadh Ollscoil Uladh Deireadh A Chur Le Cúrsa Lánaimseartha Gaeilge Atá Lán go Doras

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar Ollscoil Uladh dul siar ar an chinneadh le deireadh a chur le cúrsa a bhfuil an-éileamh air i dtaobh freastail agus sástachta araon

Campas Bhéal Feirste, Ollscoil UladhTá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Ollscoil Uladh, agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry CTR, dul siar an gcinneadh le deireadh a chur leis an chéim lánaimseartha Gaeilge BA ar champas Bhéal Feirste a bhfuil an-éileamh air i dtaobh freastail agus sástachta araon. Tuigeann an Conradh go bhfuil ciorraithe móra le déanamh ag Ollscoil Uladh mar gheall ar laghdú maoinithe ón Roinn Fostaíochta agus Foghlama, ach ní dhéanann sé aon chiall fáil réidh le cúrsa a bhfuil rath air agus a bhfuil an spriocmhargadh dó ag méadú go bliantúil le fás na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus spéis sa Ghaeilge sa phobal trí chéile.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá díomá ar Chonradh na Gaeilge leis an gcinneadh gearr-radharcach ciorrú a dhéanamh ar infheistiú sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Ní hamháin go gcuireann na cúrsaí tríú leibhéal le fás agus forbairt phearsanta na mac léinn, ach cuireann infheistiú sa tríú leibhéal go mór le fás agus forbairt an gheilleagair agus na sochaí araon. Leis na ciorruithe seo, ní bheidh na deiseanna céanna ag daoine óga anseo mar a bhí agus is i bhfad ó bhaile a bheidh orthu taisteal chun a rogha chúrsa a dhéanamh, rud a chuireann go mór leis an gcostas ar dheiseanna oideachais tríú leibhéal an tsaoránaigh.”

Ofrálann Ollscoil Uladh an chéim lánaimseartha BA sa Ghaeilge ar champas Bhéal Feirste agus ar Champas Mhig Aoidh faoi láthair. Cuireadh tús leis an chéim lánaimseartha i mBéal Feirste sa bhliain acadúil 2012/13 agus bhí ráchairt ollmhór ar an chúrsa ó shin i leith. Tá cead ag Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge cohórt le huasmhéid 20 a ghlacadh isteach in aghaidh na bliana – bhí 19 de mhic léinn ar an chúrsa in 2012/13, in ainneoin nár fógraíodh an cúrsa ach tamall gairid roimh an dáta tosaigh; d’éirigh leo 100% dá gcuid spásanna a líonadh in 2013/14, 2014/15 agus 2015/16; agus bhí 56 iarrthóir ar lorg áite ar an chúrsa lánaimseartha i mBéal Feirste i mbliana, rud a léiríonn an bearna a fhágfar sa chathair ón bhliain seo chugainn ar aghaidh má leantar leis an chinneadh seo. Léiríonn na staitisticí go raibh ag éirí go fíor-mhaith leis an chúrsa, i dtaobh mhéid an chohóirt agus shástacht na mac léinn araon.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh:

 

“Ag amharc ar na figiúirí iontrála, is léir go mbíonn ráchairt agus ró-éileamh ar an chúrsa seo; ní bheadh sé le ciall deireadh a chur le cúrsa a bhfuil ag éirí go fíor-mhaith leis. Is cúis díomá do Chonradh na Gaeilge fosta nach mbeidh mic léinn Ghaeilge á lonnú sa champas is mó d’Ollscoil Uladh, campas a bhfuiltear ag caitheamh £250 milliún air.

“De réir Shuirbhé Náisiúnta na Mac Léinn 2014/15 (NSS), d’éirigh leis an chúrsa lánaimseartha Gaeilge seo i mBéal Feirste 100% sástacht a fháil ag an dream a chríochnaigh an cúrsa i mbliana. Chuige sin, níl an chéim siar seo ag teacht le fás agus forbairt na Gaelscolaíochta agus spéis sa Ghaeilge trí chéile ach oiread. Beidh Conradh na Gaeilge ag stocaireacht an chinnidh seo agus ag éileamh ar na húdaráis athbhreithniú eile a dhéanamh maidir le todhchaí na Gaeilge ar an champas seo.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Ollscoil Uladh, agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry, dul siar ar an chinneadh seo, agus tá an eagraíocht  ag lorg cruinnithe leo gan mhoill leis an cheist a phlé go práinneach.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.