Admhaíonn Eircode Go Bhfuil Seoltaí Gaeilge Ar Strae

Is Ionann na hEasnaimh & Cathair Phort Láirge A Fhágáil Ar Lár

Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire White freagracht a ghlacadh as 50,000+ faillí i leith na seoltaí & ainmneacha Gaeilge sa chóras códphoist nua a cheartú

Sna sála ar admháil Liam Duggan, stiúrthóir Eircode, go bhfuil seoltaí i nGaeilge in easnamh ón gcóras códphoist úr ag seoladh an chórais Eircode Dé Luain seo caite (13 Iúil 2015), agus an t-eolas a tháinig chun solais ó shin go bhfuil ainmneacha pearsanta Béarla á n-úsáid ag Eircode le háitritheoirí Gaeltachta áirithe, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh in athuair ar an Aire Cumarsáide, Fuinnimh & Acmhainní Nádúrtha na fadhbanna seo a réiteach go práinneach. Chomh maith leis sin, tá an t-eagras abhcóideachta ag moladh do phobal na Gaeilge atá thíos leis na heasnaimh agus leis na sonraí míchruinne sa bhunachar Eircode chun teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga mar gheall air seo.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Cumarsáide, Fuinnimh & Acmhainní Nádúrtha dualgas agus freagracht a roinne i dtaca leis an nGaeilge a aithint agus a chomhlíonadh mar ábhar dearbhthosaíochta. Is togra cumarsáide do phobal an stáit é an córas códphoist nua, agus mar roinn stáit inti féin, ní mór don Roinn Cumarsáide freagracht a ghlacadh as an mbunachar easnamhach, míchruinn sa chóras Eircode, agus gníomhú chun na 50,000 bearna agus sampla de mhíchruinneas a cheartú láithreach. Is ionann an easpa seo sa bhunachar agus daonra iomlán Chathair Phort Láirge a fhágáil ar lár ón gcóras Eircode, agus níl glacadh ar bith lena leithéid.”

Cé gur áitigh an Aire Cumarsáide, Alex White TD, nach raibh seoladh ar bith fágtha ar lár ó chóras códphoist na hÉireann ar fiú €27 milliún é ag seoladh an chórais Eircode féin, d’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh admháil stiúrthóir Eircode go bhfuil, go deimhin, seoltaí i nGaeilge in easnamh ón gcóras códphoist. Easaontaíonn Conradh na Gaeilge le Liam Duggan sa mhéid agus go gcreideann seisean gur faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta atá sé an scéal a chur ina cheart áfach.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Cé go bhfáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh admháil Liam Duggan go bhfuil bearnaí sna seoltaí Gaeilge sa chóras códphoist nua, ní thagann muid leis go bhfuil freagracht ag Roinn na Gaeltachta as seo. Níl bealach ar bith ann go mba chóir ná go mba cheart an fhreagracht as an Ghaeilge a áireamh i ngach togra nua a thionscnaíonn an Rialtas ar mhaithe leis an mórphobal – tograí dá leithéid Eircode san áireamh – a chur ar Roinn na Gaeltachta. Tá comhfhreagracht ar an Rialtas as tacú leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn, agus chun a chinntiú gur féidir leo siúd ar mian leo leas a bhaint aisti, amhlaidh a dhéanamh.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Cumarsáide dualgas a roinne féin i leith na Gaeilge a ghlacadh mar aon le freagracht as an míchruinneas sa chóras códphoist nua, faoina bhfuil a Roinnse cuntasach; chuige seo, tá an Conradh ag iarraidh air go gcuirfidh sé an plean* atá á moladh leis na 50,000 seoladh Gaeilge atá míchruinn nó in easnamh sa chóras códphoist nua a cheartú, i bhfeidhm láithreach.

Thug de Spáinn le fios:

 

“Ní bhaineann an plean atá á moladh ag grúpa oibre de na páirtithe leasmhara .i. plean chun an t-eolas míchruinn agus in easnamh sa leagan Gaeilge den bhunachar Eircode a cheartú, le haon chlár oibre de chuid grúpa ar bith eile; má dhéantar neamhaird de so, beidh ann do 50,000 easnamh nó seoladh míchruinn sa chóras státurraithe seo.”

Is cúis mhór imní eile don eagras abhcóideachta go bhfuil Eircode tar éis teagmháil a dhéanamh le baill den Ghaeltacht agus leas á bhaint ag an gcomhlacht as a n-ainmneacha i mBéarla. Tá Conradh na Gaeilge ag moladh do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá thíos leis na heasnaimh agus leis na sonraí míchruinne sa bhunachar Eircode chun teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga ar ríomhphost ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó ar an nguthán ag 091 504006.

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an gcinneadh córas códphoist a fhorbairt ó dheas in 2007, agus ghlac ról gníomhach sa phlé ón gcéad lá, ar mhaithe le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i gceart sa chóras nua agus nach mbeadh pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thíos leis na códphoist úra. Tá an Conradh sásta go mbeidh na cóid féin teanga-neodrach agus go mbeidh ábhar dátheangach in úsáid ag Capita Ireland, an cuideachta príobháideach a cheap an Rialtas leis an Eircode a fhorbairt.

* Aithníodh go raibh na mílte bearnaí agus líon suntasach na logainmneacha mícheart sa leagan Gaeilge den bhunachar a bheadh in úsáid sa chóras nua Eircode in 2014 áfach, agus chuir grúpa oibre de na páirtithe leasmhara thíosluaite plean le chéile – a réiteodh an fhadhb thar dhá bhliain – chuig an Roinn Cumarsáide i mí an Mhárta 2015; tá an Roinn ag diúltú an plean a mhaoiniú faoi láthair.

Áirítear An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha; Foras na Gaeilge; Logainm.ie; An Coiste Logainmneacha; agus Conradh na Gaeilge sa ghrúpa oibre de pháirtithe leasmhara don chóras códphoist nua de Capita Ireland. Ghlac an Geodirectory páirt ann ó 24 Aibreán 2015.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge