Skip to main content

Cur Chuige Dátheangach & Tráchtaireacht Ghaeilge RTÉ Le Moladh

Ach sprioc de ar a laghad uair a’ chloig de chláracha teilifíse as Gaeilge sa tseachtain ar RTÉ á lorg ag Conradh na Gaeilge sa phlean

Plean Gníomhachtaí Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh sheoladh Phlean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019 agus Scéim Teanga do RTÉ 2015-2018 inniu (Dé Máirt, 01 Meán Fómhair 2015), agus fáiltíonn go háirithe roimh mholtaí an Chonartha a áirítear ann maidir le rogha na Gaeilge a chur ar fáil don tráchtaireacht ar chluichí spóirt, agus cur chuige dátheangach Sheachtain na Gaeilge a chur i bhfeidhm i gcaitheamh na bliana ar fad. Caithfidh RTÉ a chinntiú, áfach, go gcuirfear go suntasach le líon na n-uaireanta de chláracha Gaeilge ar an teilifís sa thodhchaí, agus creideann Conradh na Gaeilge go mba chóir do RTÉ sprioc intomhaiste de ar a laghad uair a’ chloig de chláracha teilifíse as Gaeilge sa tseachtain ar RTÉ a áireamh sa phlean 5 bliana seo.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá Conradh na Gaeilge ag moladh le fada an lá gur chóir do chraoltóir náisiúnta poiblí na hÉireann dea-shampla na Breataine Bige a leanúint ar RTÉ One agus RTÉ2, ‘s rogha a thabhairt do lucht féachana na n-imeachtaí spóirt tráchtaireacht as Gaeilge a fháil tríd an gcóras digiteach más mian leo. Cé nach bhfuil i gceist ag RTÉ ach rogha teanga a chur ar fáil ach don tráchtaireacht do chluichí ceannais chraobh peile agus iomána na hÉireann go fóill, is tús maith é an córas píolótach seo agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go leathnófar an tseirbhís ar na cluichí uile amach anseo.

 

“Tá tábhacht nach beag ag baint freisin leis an aitheantas atá i bPlean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019 go dtairgeann úsáid agus brandáil na Gaeilge rud sainiúil, éagsúil do RTÉ, gur rud ar a bhfuil tóir óna lucht féachana agus éisteachta í an Ghaeilge, agus gur rud ar leith í teanga na tíre a chabhróidh le RTÉ an comhlacht a shainiú mar chraoltóir náisiúnta na hÉireann ar an margadh intíre agus ar an margadh domhanda, atá araon ag fás i gcónaí.”

Dar le Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019, beidh an Ghaeilge in úsáid “i mblaisíní réamhfhógraíochta teilifíse, sa láithreachas agus i bhfeasacháin na haimsire,” faoi mar a dhéantar le linn Sheachtain na Gaeilge gach Márta faoi láthair, agus molann Conradh na Gaeilge an cur chuige seo go mór.

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge freisin roimh an ngealltanas go gcuirfear rannóg na gCláracha Gaeilge ar ais ar bhonn lánaimseartha fosta agus súil ag an gConradh go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil ar gach stáisiún agus ar gach ardán de chuid RTÉ ar bhonn i bhfad níos rialta amach anseo, ní ar TG4 ná ar RTÉ Raidió na Gaeltachta amháin. Chuige seo, ba mhaith le Conradh na Gaeilge gealltanas maidir le líon níos suntasaí de chláir Ghaeilge ar gach stáisiún raidió agus teilifíse de chuid RTÉ a fháil, le freastal mar is cuí ar an bpobal.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh thiomantas RTÉ go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite i ngach a ndéanfaidh siad agus go mbainfear leas as cur chuige dátheangach Sheachtain na Gaeilge i gcaitheamh na bliana ar fad, ach is gá níos mó cláracha iomlána Gaeilge a chur ar fáil ar sheirbhísí uile RTÉ freisin; ní chóir cláracha as Gaeilge amháin a theorannú go dtí TG4 agus RnaG amháin.”

Molann Conradh na Gaeilge RTÉ as béim a leagan ar ábhar nuálach d’fhoghlaimeoirí teanga a sholáthar, cúrsa sna meáin ar-líne do dhaltaí Idirbhliana san áireamh, agus as acmhainní Gaeilge a fhorbairt sna meáin digiteacha nua, córas nascleanúna Gaeilge ar an gcéad leagan eile den seinnteoir RTÉ Player ina measc.

Arsa de Spáinn:

“Tá úsáid na teanga i measc cainteoirí óga ríthábhachtach do thodhchaí na Gaeilge, agus is mór le Conradh na Gaeilge an gealltanas go ndéanfaidh RTÉjr leagan Gaeilge agus Béarla a choimisiúnú i gcás sraitheanna áirithe anamúlachta.

“De réir an eolais sa phlean a seoladh inniu, áfach, thit líon na n-uaireanta de chláracha as Gaeilge ar RTÉ ó 15.5 uair i 2013 go 13 uair i 2014; tá seo dochreidte íseal – beagán níos mó ná leathlá don bhliain ar fad. Is gá líon na n-uaireanta de chláracha as Gaeilge ar RTÉ a mhéadú go suntasach, agus sin a leagan amach mar sprioc intomhaiste sa phlean; molann an Conradh go mba chóir go mbeadh ar a laghad 52 uair a’ chloig mar sprioc, .i. uair a’ chloig amháin sa tseachtain, faoi dheireadh 2017.”

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh sheoladh Phlean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019 agus Scéim Teanga do RTÉ 2015-2018 mar thús maith, ach tá súil ag an gConradh go gcuirfear go suntasach le líon na n-uaireanta de chláracha atá ar fáil go hiomlán i nGaeilge ar stáisiúin uile RTÉ amach anseo, agus go gcuirfear príomhshuíomh RTÉ.ie ar fáil go hiomlán dátheangach seachas ailt áirithe a sholáthar i nGaeilge.

 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.