Skip to main content

Tabhair Leat an Ghaeilge i nDiaidh Thorthaí na hArdteiste!

Déanann Conradh na Gaeilge comhghairdeas le mic léinn Ardteiste ó dheas, molann dóibh leas a bhaint as an teanga sna cumainn Ghaelacha tríú leibhéal

Déanann Conradh na Gaeilge comhghairdeas ó chroí leis na mic léinn ó dheas a thug leo an Ghaeilge sna scrúduithe Ardteistiméireachta agus torthaí na scrúduithe úd á bhfógairt inniu (Dé Céadaoin, 12 Lúnasa 2015), agus molann do gach mac léinn chun leas a bhaint as an nGaeilge ar an tríú leibhéal trí pháirt a ghlacadh sna cumainn Ghaelacha in institiúidí fud fad na tíre.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Creideann Conradh na Gaeilge gur chóir béim a leagan ar an nGaeilge labhartha sna scoileanna dara leibhéal thuaidh agus theas, ach níos tábhachtaí fós, gur chóir deiseanna úsáidte a sholáthar do mhic léinn ag gach leibhéal chun an teanga atá foghlamtha acu a úsáid ar bhealach praiticiúil agus ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais, amhlaidh a dhéantar sna cumainn Ghaelacha tríú leibhéal.”

Tá Conradh na Gaeilge an-sásta go bhfuil ardú leanúnach ag teacht ar líon na ndaltaí ag déanamh staidéir ar an nGaeilge ardleibhéil don Ardteist, ó 16,700 in 2013 go 18,100 anuraidh agus 19,500 i mbliana, agus gur éirigh le níos mó ná 88% de na mic léinn grád C nó níos airde a ghnóthú sa Ghaeilge onórach i mbliana.

Deir Edel Ní Bhraonáin, Comhordaitheoir na Mac Léinn ar an Tríú Leibhéal le Conradh na Gaeilge:

 

“Buíochas leis na mic léinn a thugann leo grá don Ghaeilge ón meánscoil, is iomaí cumann Gaelach breá, bríomhar atá cláraithe mar chraobh de chuid Chonradh na Gaeilge ar fud na hÉireann, agus cuireann na cumainn Ghaelacha seo deiseanna úsáidte Gaeilge ar fáil do gach mac léinn ar mian leo an teanga a thabhairt ar aghaidh leo chun na hollscoile.

 

“Bíonn imeachtaí spraíúla á n-eagrú ag na cumainn Ghaelacha ar bhonn rialta, mar sin mholfainn go láidir do mhic léinn sa chéad bhliain ballraíocht a ghlacadh leis an gcumann Gaelach ar an gcampas s’acu, ní hamháin leis na scileanna cumarsáide Gaeilge s’acu a chleachtadh i ndiaidh na meánscoile, ach chun cairdeas a chruthú le mic léinn eile ar spéis leo an teanga agus an chraic!”

TUILLEADH EOLAIS:

 

Peadar Mac Fhlannchadha

Leas Ard-Rúnaí Tionscadail & Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)87 418 8050 | 00 353 (0)91 567824

 

Edel Ní Bhraonáin,

Comhordaitheoir na Mac Léinn ar an Tríú Leibhéal, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)87 6289794 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

NÓTA EOLAIS:

 

  • Creideann Conradh na Gaeilge gur chóir béim a chur ar an nGaeilge labhartha san Ardteist agus gur chóir é seo a dhéanamh trí dhá shiollabas a fhorbairt don Ghaeilge ag an dara leibhéal: Teanga na Gaeilge a mhúinfí do gach mac léinn agus é ag díriú ar an teanga a shealbhú; agus Saíocht agus Litríocht na Gaeilge a chuirfear ar fáil mar ábhar roghnach dála na matamaitice feidhmí do mhic léinn ón nGaeltacht, ó Ghaelcholáistí, agus ó scoileanna a éiríonn go maith leo leis an teanga a mhúineadh.
  • Molann Conradh na Gaeilge na múinteoirí ar fad a d’imir dea-thionchar ar na mic léinn s’acu a ghnóthaigh ardmharcanna sa Ghaeilge i scrúdú Ardteistiméireachta na bliana seo, agus creideann gur ghá don Rialtas tacaíocht agus oiliúint leanúnach a chur ar fáil do mhúinteoirí atá ag teagasc na Gaeilge.
  • Sna cruinnithe a d’eagraigh An Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas le grúpaí Gaeltachta ar fud na nGaeltachtaí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar an oideachas Gaeltachta le déanaí, aithníodh go bhfuil géarghá athbhreithniú a dhéanamh ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta chun freastal ceart a dhéanamh ar an nGaeltacht, agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas ó dheas tabhairt faoi seo go práinneach mar chuid den phróiseas chun dhá shiollabas a fhorbairt don Ghaeilge ag an dara leibhéal.

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.